Vicipéid:Laethanta roghnaithe/Mí na Nollag
Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Domhnach, 15 Meán Fómhair 2024 (UTC) – Athnuaigh an leathanach
<< | Vicipéid:Laethanta roghnaithe i mí na Nollag |
>> | ||||
Do | Lu | Má | Cé | Dé | Ao | Sa |
1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 |
8 | 9 | 10 | 11 | 12 | 13 | 14 |
15 | 16 | 17 | 18 | 19 | 20 | 21 |
22 | 23 | 24 | 25 | 26 | 27 | 28 |
29 | 30 | 31 | ||||
Seo cartlann na laethanta stairiúil a bhí ar an Príomhleathanach Leagan amach laethúil 2024 |
Is é an 1 Nollaig an 335ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 336ú lá i mbliain bhisigh. Tá 30 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Domhanda SEIF".
- 1135 – Cailleadh Anraí I Shasana, rí Shasana agus Diúc na Normainne (r.1068/69)
- 1743 – Rugadh Martin Heinrich Klaproth, ceimiceoir Gearmánach (b.1817)
- 1792 – Rugadh Nikolai Lobachevsky, matamaiticeoir Rúiseach (b.1856)
- 1830 – Cailleadh Pápa Pius VIII, pápa ar an Eaglais Chaitliceach idir 1829 agus 1830 (r.1761)
- 1935 – Rugadh Woody Allen, scríbhneoir, aisteoir agus déantóir scannán
- 1945 – Rugadh Bette Midler, ceoltóir agus aisteoir
- 1966 – D'eisigh oifigí poist sa Bhreatain stampaí Nollag don chéad uair riamh
- 1974 – Maraíodh 92 duine i dtimpiste eitleáin ag Aerfort Idirnáisiúnta Dulles i Washington DC
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 2 Nollaig an 336ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 337ú lá i mbliain bhisigh. Tá 29 lá fágtha sa bhliain.
- 1547 – Cailleadh Hernán Cortés, taiscéalaí Spáinneach (r.1485)
- 1804 – Ag Ard Eaglais Notre Dame i bPáras, chuir Napoleon Bonaparte é féin mar Impire na Fraince
- 1859 – Rugadh Georges Seurat, péintéir Francach (b.1891)
- 1867 – In amharclann New York, rinne scríbhneoir Sasanach Charles Dickens a céad léacht poiblí sna Stáit Aontaithe
- 1978 – Rugadh Nelly Furtado, amhránaí
- 1981 – Rugadh Britney Spears, amhránaí Meiriceánach
- 1991 – Rugadh Jordon Mutch, imreoir sacair
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 3 Nollaig an 337ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 338ú lá i mbliain bhisigh. Tá 28 lá fágtha sa bhliain.
- 1824 – Cailleadh Giovanni Battista Belzoni, taiscéalaí Iodálach (r.1778)
- 1851 – Rugadh George Noble Plunkett, an Cunta Pluincéad (b.1948)
- 1857 – Rugadh Joseph Conrad, scríbhneoir (b.1924)
- 1894 – Cailleadh Robert Louis Stevenson, scríbhneoir (r.1850)
- 1897 – Rugadh Cáit Ní Bhriain, úrscéalaí (b.1974)
- 1910 – Chuaigh an chéad lampa neoin ar thaispeántas poiblí ag seó mótair i bPáras
- 1931 – Chuaigh Alka Seltzer ar an margadh don chéad uair riamh
- 1916 – Rugadh Seán Ó Ríordáin, file Éireannach (b.1977)
- 1924 – Rugadh John Backus, matamaiticeoir Meiriceánach (b.2007)
- 1948 – Rugadh Ozzy Osbourne, amhránaí rac-cheoil le Black Sabbath
- 1967 – Rinneadh an chéad obráid croí oscailte ar dhuine san Afraic Theas
- 1992 – Gortaíodh 65 duine nuair a phléasc dhá bhuama i lár chathair Mhanchain i Sasana
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 4 Nollaig an 338ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 339ú lá i mbliain bhisigh. Tá 27 lá fágtha sa bhliain.
- 1642 – Cailleadh Cairdinéal de Richelieu, 57, bunaitheoir an Acadaimh Fhrancaigh (r.1585)
- 1791 – Rugadh Jane Griffin, an Bhantiarna Franklin (b.1875)
- 1892 – Rugadh Francisco Franco, deachtóir na Spáinne (b.1975)
- 1959 – Rugadh Paul McGrath, iar-imreoir sacair
- 1961 – Fógraíodh go mbeadh an piollaire breithrialaithe ar fáil do mhná na Breataine
- 1963 – Cailleadh William Norton, 63, polaiteoir (r.1900)
- 1976 – Cailleadh Benjamin Britten, 63, cumadóir ceoil (r.1913)
- 1991 – Scaoileadh Terry Anderson saor tar éis dó bheith coinnithe i ngéibheann sa Liobáin ar feadh seacht mbliana
- 1991 – Dúnadh an aerlíne Mheiriceánach Pan Am mar thoradh ar a deacrachtaí airgeadais
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 5 Nollaig an 339ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 340ú lá i mbliain bhisigh. Tá 26 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Idirnáisiúnta na Saorálaithe", agus "Oíche San Nioclás" i roinnt tíortha san Eoraip.
- 1492 – Céadchuairt Chríostóir Colambas go Meiriceá
- 1782 – Rugadh Martin Van Buren, 8ú huachtarán na Stát Aontaithe (b. 1862)
- 1791 – Cailleadh Wolfgang Amadeus Mozart, cumadóir ceoil Ostarach (r. 1756)
- 1839 – Rugadh George Armstrong Custer, oifigeach marcra Meiriceánach (b. 1876)
- 1876 – Fuair 278 duine ar a laghad bás nuair chuaigh an Brooklyn Theatre in Brooklyn, Nua-Eabhrac le tine
- 1901 – Rugadh Walt Disney, léiritheoir scannán (b. 1966)
- 1933 – Cuireadh deireadh le Toirmeasc an Óil i SAM
- 1947 – Rugadh Tony Gregory, polaiteoir (b. 2009)
- 1952 – Thosaigh Toitcheo Mór Londan a mhair cúig lá. Fuair 12,000 duine bás dá bharr
- 2007 – Cailleadh Karlheinz Stockhausen, cumadóir Gearmánach (r. 1928)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 6 Nollaig an 340ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 341ú lá i mbliain bhisigh. Tá 25 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Fhéile Niocláis" agus féile náisiúnta na Fionlainne.
- 1421 – Rugadh Anraí VI, Rí Shasana (b.1471)
- 1916 – Rugadh Kristján Eldjárn, tríú huachtarán na hÍoslainne (b.1982)
- 1917 – Neamhspleáchas na Fionlainne
- 1917 – Maraíodh dhá mhíle duine i bpléasc mhór i Halifax in Albain Nua
- 1921 – Bunaíodh Saorstát na hÉireann
- 1933 – Rugadh Henryk Górecki, cumadóir ceoil
- 1949 – Cailleadh Huddie William Ledbetter (Lead Belly) ceoltóir (r.1888)
- 1964 – Thug Martin Luther King searmanas in Ard Eaglais Naomh Pól i Londain
- 1979 – Rugadh Tim Cahill, imreoir sacair
- 1988 – Cailleadh Roy Orbison, amhránaí agus cumadóir ceoil (r.1936)
- 1995 – Cailleadh Coslett Ó Cuinn, scoláire agus teangeolaí (r.1907)
- 2007 – Cailleadh Katy French, mainicín Éireannach (r.1983)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 7 Nollaig an 341ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 342ú lá i mbliain bhisigh. Tá 24 lá fágtha sa bhliain.
- 43 RC – Cailleadh Cicearó, státaire, dlíodóir agus fealsamh Rómhánach (r.106 RC)
- 1879 – Rugadh Aibhistín de Staic, réabhlóidí Éireannach (b.1929)
- 1928 – Rugadh Noam Chomsky, teangeolaí agus údar
- 1932 – Rugadh Pentti Linkola, scríbhneoir, fealsamh éiceolaíoch, agus easaontóir
- 1941 – Rinne an tSeapáin ionsaí ar Pearl Harbor i Haváí
- 1941 – D'fhógair Ceanada cogadh ar an bhFionlainn, ar an Ungáir agus ar an tSeapáin
- 1949 – Rugadh Tom Waits, ceoltóir, cumadóir agus aisteoir
- 1973 – Rugadh Damien Rice, ceoltóir Éireannach
- 1980 – Rugadh John Terry, imreoir sacair
- 1988 – Meastar gur maraíodh 25,000 duine i gcrith talún i dtuaisceart Airméin in Aontas na Sóivéide
- 1990 – Cailleadh Horst Bienek, scríbhneoir Gearmánach (r.1930)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 8 Nollaig an 342ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 343ú lá i mbliain bhisigh. Tá 23 lá fágtha sa bhliain.
- 1542 – Rugadh Máire I, banríon na nAlbanach (b.1587)
- 1831 – Cailleadh James Hoban, ailtire Éireannach (r.~1758)
- 1864 – Cailleadh George Boole, matamaiticeoir agus fealsamh (r.1815)
- 1866 – Rugadh Diego Rivera, ealaíontóir (b.1957)
- 1922 – Cailleadh Ruairí Ó Conchúir, gníomhaire poblachtach Éireannach (r.1883)
- 1922 – Cailleadh Liam Ó Maoilíosa, polaiteoir agus réabhlóidí Éireannach (r.1895)
- 1941 – D'fhógair na Stáit Aontaithe cogadh ar an tSeapáin
- 1943 – Rugadh Jim Morrison, ceoltóir Meiriceánach (b.1971)
- 1945 – Rugadh John Banville, scríbhneoir Éireannach
- 1953 – Rugadh Kim Basinger, aisteoir Meiriceánach
- 1966 – Rugadh Sinéad O'Connor, ceoltóir Éireannach
- 1980 – Cailleadh John Lennon, ceoltóir Sasanach (The Beatles) (r.1940)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 9 Nollaig an 343ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 344ú lá i mbliain bhisigh. Tá 22 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "'Lá na Saoirse" sa Tansáin.
- 1579 – Rugadh Martín de Porres, naomh Caitliceach (b.1639)
- 1594 – Rugadh Gustaf Adolf, rí na tSualainne (b.1632)
- 1608 – Rugadh John Milton, file Sasanach (b.1674)
- 1941 – D'fhógair an tSín cogadh ar an nGearmáin agus ar an Iodáil
- 1989 – Cailleadh Dolores Ibárruri, La Pasionaria (r.1895)
- 1994 – Tharla cainteanna foirmeálta idir Rialtas na Breataine agus Sinn Féin don chéad uair le 70 bliain anuas
- 1995 – Fuair Seamus Heaney an Duais Nobel i Stócólm
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 10 Nollaig an 344ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 345ú lá i mbliain bhisigh. Tá 21 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Idirnáisiúnta Cearta Daonna".
- 1394 – Rugadh Séamas I, rí na nAlbanach (b.1437)
- 1815 – Rugadh Ada Lovelace, iníon leis an bhfile Lord Byron (b.1852)
- 1830 – Rugadh Emily Dickinson, file Meiriceánach (b.1886)
- 1896 – Cailleadh Alfred Nobel, 63, ceimiceoir agus innealtóir Sualannach a bhunaigh Duaiseanna Nobel (r.1833)
- 1948 – Ghlac na Náisiúin Aontaithe leis an Dearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine
- 1966 – Rugadh Colm Ó Maonlaí, aisteoir
- 1968 – Cailleadh Thomas Merton, manach, file agus scríbhneoir (r.1915)
- 1979 – Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Máthair Treasa
- 2006 – Cailleadh Augusto Pinochet, ginearál agus ceannaire na Sile (r.1915)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 11 Nollaig an 345ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 346ú lá i mbliain bhisigh. Tá 20 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Poblachta" i Buircíne Fasó.
- 1840 – Cailleadh Kokaku, 69, impire na Seapáine (r. 1771)
- 1843 – Rugadh Robert Koch, dochtúir agus bitheolaí Gearmánach (b. 1910)
- 1918 – Rugadh Aleksandr Solzhenitsyn, scríbhneoir agus staraí Rúiseach (b. 2008)
- 1941 – Rugadh Max Baucus, Seanadóir na Stát Aontaithe
- 1943 – Rugadh John Kerry, Seanadóir na Stát Aontaithe
- 1969 – Rugadh Viswanathan Anand, ficheallaí Indiach
- 2007 – Cailleadh Christie Hennessy, amhránaí agus cumadóir amhrán Éireannach (r. 1945)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 12 Nollaig an 346ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 347ú lá i mbliain bhisigh. Tá 19 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Saoirse" sa Chéinia .
- 1883 – Rugadh Peadar Ó Cearnaigh, bailéadóir (b.1942)
- 1894 – Cailleadh John Sparrow David Thompson, 4ú Príomh-aire Cheanada (r.1845)
- 1913 – Fuarthas an Mona Lisa a goideadh ón Louvre i bPáras sa bhliain 1911
- 1915 – Rugadh Frank Sinatra, amhránaí agus aisteoir (b.1998)
- 1920 – Rugadh Criostóir Ó Rinn, iománaí (b.1979)
- 1941 – D'fhógair an India cogadh ar an tSeapáin
- 1961 – Rugadh Daniel O'Donnell, amhránaí Éireannach
- 1963 – D'fhógair an Chéinia neamhspleáchas
- 1999 – Cailleadh John Sparrow David Thompson, 4ú Príomh-aire Cheanada (r.1845)
- 2003 – Cailleadh Heydər Əliyev, polaiteoir Asarbaiseánach (r.1923)
- 2007 – Cailleadh Ike Turner, ceoltóir Meiriceánach (r.1931)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 13 Nollaig an 347ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 348ú lá i mbliain bhisigh. Tá 18 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Diċembru tlettax, Jum ir-Repubblika" i Málta.
- 1545 – Osclaíodh Comhairle Trento san Iodáil
- 1553 – Rugadh Anraí IV, rí ar an bhFrainc (b.1610)
- 1784 – Cailleadh Samuel Johnson, scríbhneoir Sasanach (r.1709)
- 1910 – Rugadh Vivion de Valera, dlíodóir agus polaiteoir Éireannach (b.1982)
- 1967 – Rugadh Jamie Foxx, aisteoir Meiriceánach
- 1977 – Rugadh Peter Stringer, imreoir rugbaí
- 2003 – Ghabh trúpaí Mheiriceá Saddam Hussein san Iaráic
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 14 Nollaig an 348ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 349ú lá i mbliain bhisigh. Tá 17 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Alabama" in Alabama.
- 1542 – Cailleadh Séamas V, rí na nAlbanach (r.1512)
- 1546 – Rugadh Tycho Brahe, réalteolaí (b.1601)
- 1799 – Cailleadh George Washington, chéad Uachtarán na Stát Aontaithe (r.1732)
- 1895 – Rugadh Seoirse VI, rí ar an Ríocht Aontaithe (b.1952)
- 1911 – Rugadh Hans von Ohain, innealtóir (b.1998)
- 1916 – Rugadh Tomás de Bhaldraithe, scoláire Gaeilge (b.1996)
- 1947 – Cailleadh Stanley Baldwin, iar-phríomh-aire ar an Ríocht Aontaithe (r.1867)
- 1950 – Cruthaíodh Oifig Ardchoimisinéir na Náisiún Aontaithe um Dhídeanaithe (UNHCR)
- 1979 – Rugadh Michael Owen, imreoir sacair Sasanach
- 1988 – Rugadh Vanessa Hudgens, aisteoir agus amhránaí
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 15 Nollaig an 349ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 350ú lá i mbliain bhisigh. Tá 16 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Bill of Rights Day" sna Stáit Aontaithe Mheiriceá agus "Koninkrijksdag" san Ísiltír.
- 37 – Rugadh Nearó, impire na Róimhe (b.68)
- 1859 – Rugadh L. L. Zamenhof, lia agus focleolaí (b.1917)
- 1890 – Cailleadh Tatanka Iyotake (Sitting Bull), fear naofa Sioux (r.~1831)
- 1906 – Osclaíodh an Líne Piccadilly i Londain
- 1916 – Rugadh Maurice Wilkins, ceann de fhionnachtaithe struchtúr DNA (b.2004)
- 1966 – Cailleadh Walt Disney, léiritheoir scannán (r.1901)
- 1974 – Tugadh isteach luasteorainneacha nua sa Bhreatain chun ídiú breosla a laghdú
- 1981 – Rugadh Roman Pavlyuchenko, imreoir sacair
- 2001 – Athosclaíodh Túr Claonta Pisa tar éis obair athailínithe a mhair os cionn 11 bliain
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 16 Nollaig an 350ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 351ú lá i mbliain bhisigh. Tá 15 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Saoirse" sa Chasacstáin.
- 1485 – Rugadh Caitríona Aragón, bean chéile Anraí VIII (b.1536)
- 1653 – Ainmníodh Oilibhéar Cromail ina Thiarna Cosantóra ar Shasana, ar Albain agus ar Éirinn
- 1687 – Cailleadh William Petty, eacnamaí agus fealsúnaí (r.1623)
- 1775 – Rugadh Jane Austen, úrscéalaí (b.1817)
- 1917 – Rugadh Arthur C. Clarke, scríbhneoir ficsin eolaíochta, cumadóir (b.2008)
- 1925 – Thosaigh na hoibreacha ar Thollán Mersey i Learpholl, Sasana
- 1956 – Rugadh Tommy Burns, imreoir agus bainisteoir sacair Albanach (b.2008)
- 1969 – Rugadh Michelle Smith, snámhóir
- 1971 – Cailleadh Risteard Ó Maolchatha, polaiteoir Éireannach (r.1886)
- 1977 – Rugadh Sylvain Distin, imreoir sacair
- 1989 – Réabhlóid na Rómáine
- 2001 – Cailleadh Stefan Heym, scríbhneoir Gearmánach (r.1913)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 17 Nollaig an 351ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 352ú lá i mbliain bhisigh. Tá 14 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Naisiúnta" sa Bhútain agus "Lá na Deartháireacha Wright" sna Stáit Aontaithe Mheiriceá.
- 1770 – Rugadh Ludwig van Beethoven, cumadóir Gearmánach ceoil (b.1827)
- 1830 – Cailleadh Simón Bolívar, ceannaire réabhlóideach i Meiriceá Theas (r.1783)
- 1834 – Céad iarnród Dublin and Kingstown Railway (D&KR) oscailte
- 1843 – Foilsíodh A Christmas Carol le Charles Dickens
- 1903 – Rinne na Deartháireacha Wright an chéad eitilt riamh in eitleán.
- 1907 – Cailleadh William Thomson, an 1ú Barún Kelvin, fisiceoir matamaiticiúil agus innealtóir Éireannach (r.1824)
- 1920 – Rugadh Kenneth Iverson, ríomheolaí Ceanadach (b.2004)
- 1983 – Maraíodh seisear nuair a phléasc buama cairr de chuid an IRA lasmuigh de Harrods i Londain láir
- 1990 – Rugadh Nollaig Mac Craith, iománaí
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 18 Nollaig an 352ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 353ú lá i mbliain bhisigh. Tá 13 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá New Jersey" i New Jersey agus "Lá na Poblachta" sa Nígir.
- 1863 – Rugadh Ard-diúc Franz Ferdinand, ard-diúc na hOstaire (b.1914)
- 1865 – Cuireadh deireadh le sclábhaíocht sna Stáit Aontaithe
- 1875 – Cailleadh Jane Griffin, an Bhantiarna Franklin (r.1791)
- 1878 – Rugadh Iósaf Stailín, ceannaire na Rúise (b.1953)
- 1946 – Rugadh Steven Spielberg, stiúrthóir Meiriceánach
- 1956 – Glacadh leis an tSeapáin isteach sna Náisiúin Aontaithe
- 1963 – Rugadh Brad Pitt, aisteoir Meiriceánach
- 1974 – Shocraigh Rialtas na Breataine 42,000 punt a íoc le muintir an 13 fear a maraíodh i nDomhnach na Fola i 1972
- 2000 – Cailleadh Kirsty MacColl, amhránaí Sasanach (r.1959)
- 2008 – Cailleadh Conchúr Crús Ó Briain, polaiteoir agus scríbhneoir Éireannach (r.1917)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 19 Nollaig an 353ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 354ú lá i mbliain bhisigh. Tá 12 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Saoirse" i nGoa, san India.
- 1843 – Foilsíodh A Christmas Carol le Charles Dickens
- 1848 – Cailleadh Emily Brontë, úrscéalaí Sasanach (r.1818)
- 1852 – Rugadh Albert Abraham Michelson, fisiceoir Gearmánach-Mheiriceánach (b.1931)
- 1906 – Rugadh Leonid Brezhnev, iar-cheannaire ar an Aontas Sóivéadach (b.1982)
- 1915 – Rugadh Édith Piaf, amhránaí Francach (b.1963)
- 1915 – Cailleadh Alois Alzheimer, síciatraí agus paiteolaí na hinchinne Gearmánach (r.1864)
- 1980 – Rugadh Jake Gyllenhaal, aisteoir Meiriceánach
- 1984 – Shínigh an Bhreatain agus an tSín socrú go dtabharfaí Hong Cong ar ais don tSín i 1997
- 1986 – San Aontas Sóivéadach, lig Mikhail Gorbachev Andrey Sakharov saor i ndiaidh do Sakharov sé bliana a chaitheamh ar deoraíocht in Gorky
- 2003 – D'fhógair an Libia go raibh sí chun deireadh a chur le hairm cheimiceacha
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 20 Nollaig an 354ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 355ú lá i mbliain bhisigh. Tá 11 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Naomh Santo Domingo de Silos" san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
- 1915 – Rugadh Nollaig de Brún, dochtúir agus polaiteoir Éireannach (b.1997)
- 1920 – Rugadh Väinö Linna, scríbhneoir Fionlannach (b.1992)
- 1968 – Cailleadh John Steinbeck, scríbhneoir Meiriceánach (r.1902)
- 1973 – Maraíodh Uachtarán Rialtas na Spáinne, Luis Carrero Blanco, nuair a phléasc buama cairr
- 1980 – Rugadh Ashley Cole, imreoir sacair
- 1989 – D'ordaigh Uachtarán Mheiriceá George Bush go ndéanfaí ionradh ar Phanama
- 1996 – Cailleadh Carl Sagan, scríbhneoir agus réalteolaí (r.1934)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 21 Nollaig an 355ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 356ú lá i mbliain bhisigh. Tá 10 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Grianstad an tSamhraidh sa Leathsféar Theas agus Grianstad an Gheimhridh sa Leathsféar Thuaidh.
- 1375 – Cailleadh Giovanni Boccaccio, scríbhneoir Iodálach (r.1313)
- 1804 – Rugadh Benjamin Disraeli, polaiteoir Briotanach (b.1881)
- 1843 – Rugadh Thomas Bracken, file (b.1898)
- 1866 – Rugadh Maud Gonne, réabhlóidí, aisteoir agus gníomhaí (b.1953)
- 1917 – Rugadh Heinrich Böll, scríbhneoir Gearmánach (b.1985)
- 1958 – Toghadh Charles de Gaulle ina uachtarán ar an bhFrainc
- 1958 – Cailleadh Lion Feuchtwanger, scríbhneoir Gearmánach (r.1884)
- 1982 – Rugadh Charlie Cox, aisteoir Sasanach
- 1988 – Maraíodh 270 duine nuair a rinneadh eitleán a phléascadh os cionn Logarbaidh na Alban
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 22 Nollaig an 356ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 357ú lá i mbliain bhisigh. Tá 9 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Tōji" sa tSeapáin.
- 69 – Dúnmharaíodh an tImpire Vitelius ar na Staighrí Geimeonacha sa Róimh
- 858 – Fuair t. 200,000 duine bás de bharr crith talún in Damghan na Peirse
- 1691 – Sheol na Géanna Fiáine faoi cheannas Phádraig Sairséil as Luimneach i ndiaidh an léigir
- 1694 – Rugadh Hermann Samuel Reimarus, fealsamh agus scríbhneoir Gearmánach (b.1768)
- 1894 – Cuireadh tús le Cúis Dreyfus nuair a fuarthas Alfred Dreyfus ciontach go mícheart i dtréas i gcoinne na Fraince
- 1973 – Rugadh Alan Thompson, imreoir sacair
- 1984 – Rugadh Jonas Erik Altberg (Basshunter), ceoltóir
- 1989 – Cailleadh Samuel Beckett, drámadóir, úrscéalaí, file (r.1906)
- 1997 – Dúnmharaigh fórsaí paraimhíleata 48 gníomhaí sóisialta Indiacha ag cruinniú paidreoireachta Caitliceach in Acteal, i Meicsiceo
- 2002 – Cailleadh Joe Strummer, ceoltóir Sasanach (r.1952)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 23 Nollaig an 357ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 358ú lá i mbliain bhisigh. Tá 8 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "天皇誕生日" (Tennō tanjōbi) sa tSeapáin.
- 1777 – Rugadh Alastair I, impire na Rúise (b.1825)
- 1834 – Cailleadh Thomas Malthus, 68, eacnamaí agus fealsamh polaitíochta (r.1766)
- 1933 – Rugadh Akihito, impire na Seapáine
- 1972 – Scrios crith talún Managua, Nicearagua. Maraíodh os cionn 10,000 duine
- 1979 – Rugadh Kenny Miller, imreoir sacair
- 1988 – Tar éis achrainn le Paul Gauguin, bhain Vincent van Gogh píosa as a chluas
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 24 Nollaig an 358ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 359ú lá i mbliain bhisigh. Tá 7 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Oíche Nollag".
- 1166 – Rugadh Eoin Shasana, rí ar Shasana (b.1216)
- 1834 – Cailleadh Vasco da Gama, taiscéalaí Portaingéalach (r.~1469)
- 1798 – Rugadh Adam Mickiewicz, file náisiúnta na Polainne (b.1855)
- 1814 – Cuireadh deireadh leis an gcogadh idir an Bhreatain agus na Stáit Aontaithe nuair a síníodh Conradh Ghent sa Bheilg
- 1889 – Rugadh Patrick MacGill, file agus úrscéalaí Éireannach (b.1963)
- 1943 – Rugadh Tarja Halonen, 11ú hUachtarán na Fionlainne
- 1946 – Rugadh Jeff Sessions, seanadóir na Stát Aontaithe
- 1957 – Rugadh Hamid Karzai, Uachtarán na hAfganastáine
- 1990 – Phós Nicole Kidman agus Tom Cruise
- 2008 – Cailleadh Harold Pinter, drámadóir, file, stiúrthóir agus gníomhaíoch (r.1930)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 25 Nollaig an 359ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 360ú lá i mbliain bhisigh. Tá 6 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Nollag".
- 1957 – Rugadh Shane MacGowan, ceoltóir Éireannach
- 1977 – Rugadh Glen Crowe, imreoir sacair
- 1835 – Cailleadh Antoine Raiftearaí, file Éireannach (r.1779)
- 1933 – Cailleadh Francesc Macià i Llussà, 122ú Uachtarán na Catalóine (r.1859)
- 1938 – Cailleadh Karel Čapek, scríbhneoir ón tSeic (r.1890)
- 1974 – Bhuail cuaranfa Tracey Darwin, An Astráil
- 1977 – Cailleadh Charlie Chaplin, aisteoir agus scannánóir (r.1889)
- 1989 – Cailleadh Nicolae Ceausescu, ceannaire cumannach na Rómáine (r.1918)
- 2006 – Cailleadh James Brown, amhránaí Meiriceánach (r.1933)
- 2006 – Cailleadh George Michael, amhránaí Sasanach (r.1963)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 26 Nollaig an 360ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 361ú lá i mbliain bhisigh. Tá 5 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Fhéile Stiofán" nó "Lá an Dreoilín".
- 1587 – D’éalaigh Aodh Rua Ó Dónaill ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath
- 1791 – Rugadh Charles Babbage, matamaiticeoir, innealtóir agus eolaí (b.1871)
- 1893 – Rugadh Mao Zedong, ceannaire na Síne (b.1976)
- 1953 – Rugadh Toomas Hendrik Ilves, 4ú hUachtarán na hEastóine
- 1956 – Cailleadh Láimhbheartach Mac Cionnaith C.Í., foclóirí agus eagarthóir (r.1870)
- 1963 – Rugadh Lars Ulrich ceoltóir
- 1972 – Cailleadh Harry S. Truman, 33ú Uachtarán na Stát Aontaithe (r.1884)
- 2004 – Meastar gur maraíodh thart ar 300,000 duine de bharr súnámaí a bhuail an Indinéis agus ocht dtír Áiseach eile
- 2006 – Cailleadh Gerald R. Ford, 38ú Uachtarán na Stát Aontaithe (r.1913)
- 2007 – Cailleadh Joe Dolan, amhránaí Éireannach (r.1939)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 27 Nollaig an 361ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 362ú lá i mbliain bhisigh. Tá 4 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Fhéile Seán" san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
- 1571 – Rugadh Johannes Kepler, réalteolaí Gearmánach (b.1630)
- 1822 – Rugadh Louis Pasteur, bitheolaí Francach (b.1895)
- 1901 – Rugadh Marlene Dietrich, banaisteoir agus amhránaí Gearmánach (b.1992)
- 1904 – D'oscail Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath
- 1961 – Rugadh Guido Westerwelle, polaiteoir Gearmánach
- 1965 – D'iompaigh an rige ola Sea Gem ar a béal sa Mhuir Thuaidh. Báthadh 13 duine
- 1969 – Cailleadh Dónall Ó Braoin, Teachta Dála (r.1894)
- 1981 – Rugadh Emilie de Ravin, aisteoir Astrálach
- 1969 – Feallmharaíodh Benazir Bhutto, polaiteoir Pacastánach (r.1953)
- 1979 – Rinne an tAontas Sóivéadach ionradh ar an Afganastáin
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 28 Nollaig an 362ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 363ú lá i mbliain bhisigh. Tá 3 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na bhForógra" i nDeisceart na hAstráile.
- 1856 – Rugadh Woodrow Wilson, Uachtarán na Stát Aontaithe (b.1924)
- 1859 – Cailleadh Thomas Babington Macaulay, staraí agus polaiteoir Coimeádach Briotanach (r.1800)
- 1872 – Rugadh Pío Baroja, scríbhneoir Spáinneach (b.1956)
- 1879 – Thit an droichead iarnróid Tay in Albain
- 1969 – Rugadh Linus Torvalds, ríomheolaí Fionlannach
- 1969 – Rugadh Sienna Miller, aisteoir Angla-Mheiriceánach
- 1998 – Cailleadh Cathal Goulding, ceann foirne ar an IRA (r.1923)
- 2004 – Cailleadh Susan Sontag, scríbhneoir Meiriceánach (r.1933)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 29 Nollaig an 363ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 364ú lá i mbliain bhisigh. Tá 2 lá fágtha sa bhliain.
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 30 Nollaig an 364ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 365ú lá i mbliain bhisigh. Tá lá amháin fágtha sa bhliain.
Inniu Araw ng Kabayanihan ni Dr. José Rizal (Lá Rizal) sna hOileáin Fhilipíneacha.
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 31 Nollaig an 365ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 366ú lá i mbliain bhisigh. Seo an lá deireanach den bhliain. Tugtar lá cinn bliana ar an lá seo.
Inniu an Oíche Chinn Bliana, Oíche na Coda Móire nó Oíche Chaille in Éirinn, nó Hogmanay in Albain.
féach – plé – cur in eagar – stair
Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Domhnach, 15 Meán Fómhair 2024 (UTC) – Athnuaigh an leathanach