Saddam Hussein

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Saddam Hussein
Saddam Hussein at trial, July 2004.JPEG
Príomh-Aire na hIaráice

Iúil 16, 1979 - Márta 23, 1991
Uachtarán na hIaráice

Iúil 16, 1979 - Aibreán 9, 2003
Ahmed Hassan al-Bakr - Coalition Provisional Authority (en) Aistrigh
Príomh-Aire na hIaráice

Bealtaine 29, 1994 - Aibreán 9, 2003
Ahmad Husayn Khudayir as-Samarrai - Mohammad Bahr al-Ulloum
Saol
Eolas breitheAl-Awja (en) Aistrigh, 28 Aibreán 1937
NáisiúntachtKingdom of Iraq (en) Aistrigh
Iraqi Republic (1958–1968) (en) Aistrigh
Ba'athist Iraq (en) Aistrigh
Áit chónaitheAs-Salam Palace (en) Aistrigh
BásKadhimiya (en) Aistrigh, 30 Nollaig 2006
Áit adhlacthaAl-Awja (en) Aistrigh
Cúis bháispionós an bháis (crochadh)
Muintir
AthairHussein 'Abid al-Majid
Céile/CéilíSajida Talfah  (1958 -  Nollaig 30, 2006)
Samira Shahbandar  (1986 -  Nollaig 30, 2006)
Páistí
Oideachas
Alma materNolan Catholic High School (en) Aistrigh
Ollscoil Chaireo
(1960 - : dlí
TeangachaAn Araibis
Gairm
Gairmpolaiteoir, saighdiúir, scríbhneoir agus úrscéalaí
Airde186 cm
Saothar iomráiteachZabibah and the King (en) Aistrigh
Duaiseanna
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataIraqi Armed Forces (en) Aistrigh
Republican Guard (en) Aistrigh
CéimMushir (en) Aistrigh
marascal
Throid sé/sí agCogadh Iaráin - Iaráic
Invasion of Kuwait (en) Aistrigh
Cogadh na Murascaille
Cogadh na hIaráice
1991 Iraqi uprisings (en) Aistrigh
Iraqi–Kurdish conflict (en) Aistrigh
Kurdish Rebellion of 1983 (en) Aistrigh
Iraqi invasion of Iran (en) Aistrigh
Cleamhnú
ReiligiúinSunnaíoch
Páirtithe polaitíochtaAn Páirtí Baath
IMDbnm0404010
Saddam Hussein Signature.svg

B'é Saddām Hussein ʻAbd al-Majīd al-Tikrīt (28 Aibreán, 1937 - 30 Nollaig, 2006), uaireanta litrithe mar HusaynHussain; (Araibis: صدام حسين عبد المجيد التكريتي) uachtarán na hIaráice ó 1979 go 2005.

Teacht i gcumhacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Saddam chun cinn mar bhall de Pháirtí Ba'ath na hIaráice. Bhí páirt lárnach aige i Réabhlóid an 17ú Iúil sa bhliain 1968.

1980idí

Gan mórán moill, rinne Leas-Uachtarán de, faoi cheannasaíocht an Ghinearáil Ahmed Hassan al-Bakr. Bhí an Ginearál ag dul in aois agus bhí lán muinín aige as Saddam mar fhear láidir a choimeádfadh a chuid céilí comhraic agus naimhde ón doras.

Le linn na 1970idí, dhaingnigh sé a dhlúth-ghreim ar gach ní den rialtas agus chuir airgead nua ola le borradh as cuimse le geilleagar na tíre. Cé go raibh a chomh-Sunnaígh ach ina mionlach beag sa tír, orthu siúd a bhronn sé na poist ba mhó.

Cogadh Iaráin - Iaráic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 22 Meán Fómhair 1980, rinne Saddam Hussein ionradh ar an Iaráin. Idir na blianta 1980-1988, maraíodh b'fhéidir 1,000,000 ar an dá thaobh[1]. Úsáideadh airm ceimiceacha ar shibhialtaigh, go háirithe i mBaşûr (An Chordastáin Theas san Iaráic).

Muintir Hussein - 1980idí

Thacaigh an tIarthar le Saddam Hussein.[2] Chuir an cogadh tús le breis imní i dtaobh soláthairtí ola agus thug sé spreagadh láidir maidir le dlús a chur le forbairt foinsí eile fuinnimh.[3]

Feabhra, 1991: Chuir fórsaí míleata Saddam Hussein olacheantair Chuáit le tine.

Cogadh na Murascaille[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh dó cogadh a throid i gcoinne na hIaráine, rinne Saddam Hussein, ionradh ar an Chuáit in 1990. Spreag sé seo Cogadh na Murascaille in 1990-1991, cogadh a chaill an Iaráic.[4]

Bhí an bua ag na gComhguallithe ar an 28 Feabhra 1991, ach níor cuireadh an ruaig ar Saddam Hussein. Agus iad ag teith ó Chuáit, dhóigh na hIarácaigh a lán de na tobair ola atá go flúirseach sa tír seo.

Tar éis Cogadh na Murascaille, bhí cuid mhór daoine buartha go raibh Saddam Hussein go fóill ag leanúint leis ag tógáil airm ollscriosta.

Cogadh na hIaráice[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 19 Márta 2003 chuir an chomhghuaillíocht tús leis an gcogadh in aghaidh Saddam Hussein[5].

Rinne comhghuaillíocht ina raibh Stáit Aontaithe Mheiriceá sa diallait air ionradh ar an Iaráic chun Saddam a ruaigeadh as oifig. Bhí Uachtarán na Stáit Aontaithe George W. Bush agus Príomhaire na Breataine Tony Blair ag cur ina leith le fada an lae ach go mí-chruinn, go raibh airm ollscriosta ina seilbh aige, gan trácht ar nascanna le h-al-Qaeda

Gabháil agus bású[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gabháil Hussein i Tikrit i 2005

Ar an 13 Nollaig 2003 ghabh trúpaí Mheiriceá Saddam Hussein.[6] Thosaigh triail os comhair Bhinse Speisialta na hIaráice ar 19 Deireadh Fómhair 2005, inar cúisíodh Saddam Hussein agus seachtar eile i gcoireanna in aghaidh na daonnachta i dtaca le Sléacht Dujail sa bhliain 1982.[7][fíoras?]

Ciontaíodh é agus gearradh pionós an bháis air ar an 5 Samhain 2006. Rinne Amnesty International agus grúpaí eile cáineadh géar, ag rá gur chuir an rialtas isteach ar na breithiúna agus go raibh srianta míchuí ar abhcóidí na gcosantóirí. Ina theannta sin, ba mhór an cáineadh a rinneadh ar an méid tionchair a bhí ag údaráis SAM ar thionscnamh agus ar riaradh na n-imeachtaí in aghaidh Saddam agus a chomh chosantóirí.

Crochadh Saddam i "Camp Justice", suite i Kazimain in aice le Bagdad ar 30 Nollaig 2006.[8] Crochadh é sular cuireadh tháinig triail eile chun críche, inar cúisíodh i gcinedhíothú é, i dtaobh fheachtas Anfal ag deireadh na 1980idí.

Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Iran-Iraq War | Causes, Summary, Casualties, & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2020-09-22.
  2. "United States support for Iraq during the Iran–Iraq War" (as en) (2020-09-19). Wikipedia. 
  3. "Committee Reports::Report No. 01 - Community Aid for Solid Fuel Production::08 February, 1984::Report". archive.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-09-22.
  4. ccea.org.uk. "Stair GCSE". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-06. Dáta rochtana: 2021.
  5. beo.ie, EAGRÁN 24 · AIBREÁN 2003
  6. "Trial of Saddam Hussein" (as en) (2020-10-04). Wikipedia. 
  7. Scoil Dlí, COBÁC. "Saddam" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-22.
  8. "Execution of Saddam Hussein" (as en) (2020-10-09). Wikipedia.