Tony Blair
Iar-Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe is ea Anthony Charles Lynton Blair (6 Bealtaine 1953 a rugadh é), ar a dtugtar Tony Blair go forleathan, idir 1997 agus 2007, nuair a tháinig Páirtí an Lucht Oibre chun cinn tar éis 18 mbliana faoin bPáirtí Coimeádach.
Tá tréimhse níos faide caite aige mar Phríomh-Aire ná mar a chaith duine ar bith eile de cheannairí Pháirtí Lucht Oibre na Ríochta Aontaithe.
Abhcóide é chomh maith le polaiteoir agus níorbh údar iontais é gur léirigh sé scileanna an dá ghairme mar chosaint ar chinnidh a rinne sé mar Phríomh-Aire.[1]
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá meas ag roinnt in Éirinn ar Blair de bharr gurbh é Rialtas Blair a shínigh Comhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998. Náire shaolta é ag daoine eile a mhaíonn gur chóir é a chúiseamh i ngeall ar chogadh na hIaráice.[1] Ar an 20 Márta 2003 agus é ag ordú d’fhórsaí na Breataine páirt a ghlacadh in ionradh na hIaráice, d’fhógair Tony Blair go ‘cabhróimid leis an Iaráic bogadh i dtreo an daonlathais’.[2][3] A mhalairt a tharla, ollscrios agus ainriail. Thug Blair fiú le tuiscint le linn 2002-2003 go bhféadfadh Saddam Hussein an Ríocht Aontaithe a ionsaí agus airm cheimiceacha aige (míthuiscint - nó bréag - a bhí ann).[4][5]
Cúpla bliain ina dhiaidh sin, tharraing na meáin aird ar leith ar ráiteas ó Blair, i nóta a chuir sé chuig Uachtarán na Stát Aontaithe, George W Bush, go mbeadh sé leis, pé rud a tharlódh, “I will be with you, whatever", cé nach raibh fiosrúchán maidir le hairm ollscriosta críochnaithe fós ag na Náisiúin Aontaithe.[6]
Bhain Blair geit as daoine sa bhliain 2015, agus é ar scor, nuair a mhaígh sé ag fiosrúchán go dtitfeadh próiseas síochána Thuaisceart Éireann as a chéile sa bhliain 2007, murach na litreacha sóláis a seoladh chuig iarbhaill den IRA Sealadach a bhí ar a dteitheadh.[1]
Scannail
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Dheireadh Fómhair 2021, ainmníodh Blair i bPáipéir Pandora.[7]
Thug Cuibhreannas Idirnáisiúnta na nIriseoirí Iniúchta an méid seo a leanas le fios;
"Tony Blair was elected leader of the U.K.’s Labour Party in 1994 after speaking out against the abuse of the tax system. He went on to serve as prime minister for three terms, from 1997 to 2007....Blair’s wife, Cherie, is a lawyer. Since Tony Blair left office, the couple has bought more than 38 U.K. properties worth nearly $50 million, the Daily Mail reported in 2017." [8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cogadh na hIaráice (2003 ar aghaidh)
- Comhaontú Aoine an Chéasta (1998)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Póilín Ní Chiaráin (2016). "Tony Blair: ‘laoch’ nó ‘náire shaolta’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-20.
- ↑ Fachtna Ó Drisceoil (20 Márta 2025). "An seachmall idé-eolaíoch go n-oibríonn an domhan mar ba mhian linn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-21.
- ↑ Dar le Fachtna Ó Drisceoil, "Tá an creideamh seo go dtiocfadh daonlathas socair síochánta ar mhúnla an iarthair ar an saol chomh luath is a gheofaí réidh le Saddam Hussein ar na samplaí is láidre d’fheiniméan daonna áirithe – an claonadh atá againn go léir ligint don idé-eolaíocht seachmall a chur orainn go n-oibríonn an domhan mar ba mhian linne go n-oibreodh sé seachas mar a oibríonn sé i ndáiríre."
- ↑ Federica Marsi. "How the US and UK tried to justify the invasion of Iraq" (en). Al Jazeera. Dáta rochtana: 2025-03-21.
- ↑ "September Dossier" (as en) (2025-03-16). Wikipedia.
- ↑ Mícheál Ó hUanacháin (2016). "Brexit, Blair, Bush agus meon an díoltais…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-20.
- ↑ ""Pandora Papers: Tony and Cherie Blair avoided paying £312,000 in tax on London property by acquiring offshore firm"".
- ↑ Great Britain. Former Prime Minister Tony Blair