Páirtí an Lucht Oibre (an Ríocht Aontaithe)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Páirtí an Lucht Oibre
Ceannasaíocht Jeremy Corbyn
Bunaithe 1900
Ceanncheathrú 1 Brewer's Green, Londain SW1, An Ríocht Aontaithe
Idé-eolaíocht Eite chlé
Cleamhnas Idirnáisiúntas Sóisialach
Dathanna Dearg
Gréasáin labour.org.uk

Páirtí an Lucht Oibre ar cheann de na páirtithe polaitiúla is sine agus is mó sa Ríocht Aontaithe. Glacann an páirtí seasamh eite chlé ar cheisteanna eacnamaíochta, agus seasamh liobrálach ar cheisteanna sóisialta. Ó 2010, tá an páirtí ar fheasúra oifigiúil na Ríocht Aontaithe. In olltoghchán is déanaí na Ríocht Aontaithe, i Meitheamh 2017, bhain an páirtí 262 suíomh de na 650 i dTeach Westminster, agus 40.0% de na guthanna. Ó 2015, is é Jeremy Corbyn atá ina cheannaire ar an bpáirtí. Tá an páirtí freisin ar an bpáirtí is mó i rialtas na Breataine Bige, agus is é Carwyn Jones, de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, atá ar Phríomh-Aire na Breataine Bige.

Comórtas Ceannaire 2015 agus Olltoghchán 2017[cuir in eagar | athraigh foinse]

Jeremy Corbyn, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre ó 2015
Torthaí olltoghcháin na Ríocht Aontaithe 2017 - gach heicseagán in ionad suímh pharlaiminte amháin. Tá Páirtí an Lucht Oibre i ndearg, agus 262 den 650 suíomh acu, go háirithe sa Bhreatain Bheag, i dTuaisceart Shasana agus i Londain.
Torthaí olltoghcháin na Ríocht Aontaithe 2017 - gach heicseagán in ionad suímh pharlaiminte amháin. Tá Páirtí an Lucht Oibre i ndearg.

Sna laethanta atá inniu, is Jeremy Corbyn atá ina cheannaire ar an bPáirtí, suíomh a bhain sé sa bhliain 2015, tar éis gur chaill an páirtí olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2015, agus gur éirigh a réamhcheannaire, Ed Miliband, as. Ag an am sin, measadh gur iarrthóir an-chleitiúil go coibhneasta chun cheannais an Pháirtí a bhí i gCorbyn – bhí in áireamh a choid beartas ná go gcruthódh Banc Shasana airgead le haghaidh infheistiú i dtithíocht agus in iompar poiblí[1]; go n-athnáisiúnófaí na córais fuinnimh agus iarnróid[2]; agus go ngearrfadh an rialtas cuid den £93 billiún a thugadh an rialtas, de réir Kevin Farnsworth, léachtóir ar Ollscoil Eabhrac, i maoluithe cánacha do chomhlachtaí éagsúla[1][3]. Bhuaigh sé an comórtas ceannaire mar gheall ar thacaíocht an-mhór ó bhaill an pháirtí cé nach bhfuair sé a lán tacaíochta óna chuid Fheisirí Westminster. Maireann scoilte poiblí idir eite chlé agus eite dheis an pháirtí go fóill, cé go bhfuil siad seo maolaithe go fiúntach tar éis toradh Olltoghcháin na Ríocht Aontaithe 2017 don pháirtí, a thug dóibh méadú measartha i líon na suíomhanna Westminster agus méadú mór i líon na vótaí, in ainneoin tairngreachtaí forleathan go gcaillfí an páirtí a lán tacaíochta.

Amach as Olltoghchán 2017[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meirge de chuid an pháirtí ag agóid ar son 'People's Vote' (Vóta an Phobail), nó vóta ar fhanacht san Aontas Eorpach tar éis don rialtas margadh Breatimeachta a chinneadh. Tá díospóireacht ina rith go láithreach sa pháirtí faoi sheasamh an pháirtí ar an mBreatimeacht.

Amach as Olltoghchán 2017, leanann an páirtí ar chur chun cinn polasaithe eacnamaíochta níos mó chun na heite clé ná cinn an rialtais (atá giollaithe ag an bPáirtí Coimeádach). Ag Ard-Fheis an pháirtí sa bhliain 2018, bheartaigh an scáth-seansailéir, John McDonnell, go mbeadh ar chomhlachtaí móra 10% a gcuid scar a thabhairt dá gcoideanna fostaithe; go gcuirfear pá íosta na Ríochta Aontaithe suas go £10 le haghaidh na huaire; go mbeadh margáil chomhchoiteann idir na haontais fhostaithe agus na fostaitheoirí i ngach earnáil eacnamaíochta; agus go n-atógfaí an córas uisce (chomh maith leis na gcórais iarnróid, fuinnimh agus poist) faoi sheilbh poiblí, chomh maith le cuid mhór polasaithe eile.[4][5]

Tá an páirtí go hoifigiúil i bhfabhar ar an mBreatimeacht, cé go nglacfar leis de réir a chéile gur páirtí níos 'eoraifilí' é ná an Páirtí Coimeádach, an páirtí atá ag giollú rialtais na Ríochta Aontaithe faoi láthair. Tá roinnt mhór díospóireachta laistigh den pháirtí faoin seasamh ar cheart a ghlacadh ar an gceist.

Idir mí Mheán Fómhair agus mí na Samhna 2018, is idir 35% agus 41% d'fhreagarthóirí i bpobalbhreitheanna sa Ríocht Aontaithe a deir gur ar son Pháirtí an Lucht Oibre a vótálfaidís dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.[6]

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 LabourList (22 Mhí Iúil 2015). """You just cannot cut your way to prosperity" – Jeremy Corbyn outlines plans to make "large reductions" in £93bn of corporate subsidies" (Béarla). LabourList. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.
  2. Jane Merrick (9 Mhí Lúnasa 2015). "Jeremy Corbyn to 'bring back Clause IV': Contender pledges to bury New Labour with commitment to public ownership of industry" (Béarla). The Independent. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.
  3. [Chakrabortty] (7 Mhí Iúil 2015). "The £93bn handshake: businesses pocket huge subsidies and tax breaks" (Béarla). The Guardian. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.
  4. "John McDonnell offers an ambitious alternative economic policy" (en). The Economist. Dáta rochtana: 2018-10-20.
  5. "Labour: We'll make firms give staff shares" (en-GB). BBC News (2018-09-24). Dáta rochtana: 2018-10-20.
  6. "UK Polling Report". ukpollingreport.co.uk. Dáta rochtana: 2018-10-20.