Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaPáirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrGreen Cuir in eagar ar Wikidata
CineálComhaontas Glas
páirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaeco-socialism (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaEite chlé Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1990
Gníomhaíocht
Ball deComhaontas Glas na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata
Ballraíocht53,000 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáingreenparty.org.uk Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: TheGreenParty Cuir in eagar ar Wikidata
Molly Scott Cato ag déanamh feachtais in Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2017

Páirtí polaitíochta glas agus den eite chlé is ea Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige (Breatnais: Plaid Werdd Cymru a Lloegr; Béarla: Green Party of England and Wales).[1] Tá sé ceanncheathraithe i Londain, agus ó Dheireadh Fómhair 2021, is iad Carla Denyer agus Adrian Ramsay comhcheannairí an pháirtí. Tá feisire parlaiminte amháin, an t-iar-cheannaire Caroline Lucas, ag an bpáirtí i dTeach na dTeachtaí; ionadaí amháin i dTeach na dTiarnaí; agus triúr ionadaí ar Thionól Londan. I Mí Iúil 2021, bhí 437 comhairleoir áitúla acu i Sasana agus comhairleoir áitiúil amháin acu sa Bhreatain Bheag, gan comhairlí paróiste a chur san áireamh.

Aontaíonn idé-eolaíocht an pháirtí an timpeallachtachas le polasaithe eacnamaíochta den eite chlé, agus iad ar son go gcuirfí seirbhísí poiblí ar fáil a mhaoineofaí go maith agus a bheadh faoi smacht áitiúil, agus go gcuirfí cánacha níos airde i bhfeidhm ar dhaoine saibhre le híoc as seo. Tacaíonn an páirtí leis an ionadaíocht chionmhar, agus tá amharc 'fórasach' aige ar na polasaithe sóisialta ar nós na saoirsí sibhialta, cearta na n-ainmhithe, cearta LADTA+, agus athchóiriú polasaithe ar na drugaí.

Bunaíodh Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige sa bhliain 1990 in éineacht le Páirtí Glas na hAlban agus an Comhaontas Glas i dTuaisceart Éireann trí 'Pháirtí Glas na Ríochta Aontaithe', an eagraíocht a bhí i láthair roimhe sin, a bhriseadh suas.

Carla Denyer agus Adrian Ramsay, comhcheannairí an pháirtí

Ar cheist bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach, chuaigh an páirtí isteach in Olltoghchán 2015 ag moladh go mbeadh reifreann ar an mballraíocht; reifreann ina ndearna siad feachtas ar son fanacht san Aontas. D'éirigh leis an fheachtas ar son imeachta, áfach, agus i rith an phróisis Bhreatimeachta i ndiaidh an reifrinn, thacaigh an páirtí le 'Vóta don Phobal' (People's Vote) ar an margadh Breatimeachta, ina ndéanfaidís feachtas ar son fanacht san Aontas arís dá dtarlódh sé.

Pobalbhreitheanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pobalbhreitheanna don chéad olltoghchán eile. I nglas atá na Páirtithe Glasa (Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige agus Páirtí Glas na hAlban le chéile).

Ó tharla Olltogchán na Ríochta Aontaithe 2019, is idir 1% agus 11% d'fhreagarthóirí sa Bhreatain Mhór ar fad a deir i bpobalbhreitheanna go vótálfaidís ar son an Pháirtí Ghlais (Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige nó Páirtí Glas na hAlban) dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.[2][3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Independent - Election 2015: The Green Party want to give disgruntled left-wing voters a new voice Author - Morris, Nigel. The Independent [online]. Date retrieved 5 March 2015. Date published 3 September 2014.
  2. "2022 General Election Polls - Election Polling". www.electionpolling.co.uk. Dáta rochtana: 2019-02-23.
  3. "UK Polling Report". ukpollingreport.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-17. Dáta rochtana: 2018-10-20.