Plaid Cymru
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | páirtí polaitíochta |
| Idé-eolaíocht pholaitíochta | náisiúnachas na Breataine Bige sóisialachas daonlathach daonlathas sóisialach Linguistic nationalism |
| Ailíniú polaitíochta | eite chlé |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 5 Lúnasa 1925 |
| Bunaitheoir(í) | Saunders Lewis |
| Suíomh a chartlainne | |
| Gníomhaíocht | |
| Ball de | An tSaor-Chomhghuaillíocht Eorpach |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
| Uachtaránacht | Adam Price (2018–) |
| Eile | |
| Dath | |
| Suíomh gréasáin | plaid.cymru |
Is páirtí polaitíochta Breatnach é Plaid Cymru (Gaeilge: Páirtí na Breataine Bige), ar an eite chlé ar speictream na polaitíochta.[1]

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2018, bhí 13 shuíochán ag an bpáirtí as na 60 ceann a bhí le fáil i Seanad na Breataine Bige, chomh maith le 197 suíochán as 1,253 ar chomhairlí áitiúla sa tír agus 3 shuíochán i dTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe.
De réir poblabhreithe i ndeireadh na bliana 2024 bhí tacaíocht ó 24% den phobal ag Plaid Cymru, agus 23% ag Lucht Oibre na Breataine Bige agus Reform UK faoi seach. Bhí an Páirtí Coimeádach sa cheathrú háit le 19%. Tá Plaid lag i ndeisceart na tíre sna gleannta.[2]
Polasaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Plaid Cymru i bhfabhar ar neamhspleáchas na Breataine Bige ón Ríocht Aontaithe. Go stairiúil, agus i gcomparáid le tíortha eile ar nós na hAlban, ní raibh an méid sin tóir ar neamhspleáchas go dtí seo sa Bhreatain Bheag, ach de réir a chéile feictear an tacaíocht sin ag ardú bliain i ndiaidh bliana. [1]
Tá pleananna ag Plaid rátaí a ghearradh do chomhlachtaí beaga dúchasacha agus rátaí a ardú do chomhlachtaí ilnáisiúnta.[2]