Airm núicléacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Néal muisiriúnach an bhuama adamhaigh os cionn Nagasaki

Airm ollscriosta atá bunaithe ar na próisis núicléacha eamhnú (an buama adamhach) agus comhleá (an buama núicléach), a fhuasclaíonn an-chuid fuinnimh.[1]

Rangaítear iad de réir a méide is a modhanna seachadta:

  • Tá airm bheartacha ghearr-raonacha, le húsáid i gcoinne fórsaí naimhdeacha ar mhachaire an chatha.
  • Tá airm mheánraonacha, le húsáid i gcoinne targaidí míleata go domhain i gcríocha an namhad.
  • Agus tá airm straitéiseacha fhadraonacha, le húsáid i gcoinne cathracha is lárionaid ceannais an namhad, b'fhéidir in ilchríoch eile.

Agóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reáchtáladh an Lá Idirnáisiúnta in aghaidh Tástálacha Núicléacha ar an 29 Lúnasa gach bliain.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. an Roinn Gnóthaí Eachtracha. "Dí-armáil - Department of Foreign Affairs" (ga). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-09-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Airm núicléacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 27.