Buama adamhach
Cineál | arm núicléach agus buama |
---|
Buama (an A-bhuama) a phléascann trí fhuascailt fuinnimh le linn eamhnú adamh trom (úráiniam-235 nó plútóiniam-239).
Is féidir é a scaoileadh ó eitleán nó fomhuireán, nó le hairtléire. Tá leaganacha ar leith le fuinneamh níos lú ann, le húsáid mar airm bheartacha, agus leaganacha eile a dtugtar buamaí neodrón orthu a tháirgeann an-chuid radaíocht threáiteach neodrón (atá an-mharfach do dhaoine is orgánaigh eile, fiú má bhíonn siad i ndídean) ach nach mbíonn rómhillteach d'fhoirgnimh.
Tá na buamaí teirmeanúicléacha (N-bhuamaí) tagtha in ionad na n-A-bhuamaí cuid mhaith le blianta fada mar na hairm straitéiseacha is bagraí dá bhfuil ann. Bunaithe ar chomhleá adamh éadrom, ach truicearaithe le hA-bhuama, bíonn siad i bhfad níos cumasaí milltí.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Saothraíodh na buamaí seo den chéad uair ó 1942 i dTionscadal Manhattan sna Stáit Aontaithe.
- Baineadh feidhm as buamaí den saghas seo chun an dá chathair Sheapánacha Hiroshima is Nagasaki a scriosadh i 1945.
- Ar an 30 Deireadh Fómhair 1961, phléasc an Tsar Bomba, an buama adamhach is mó riamh. Cháin an domhan mór tástáil núicléach na Rúise ag an am sin.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Conradh um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha
- Conradh maidir le Toirmeasc ar Airm Núicléacha (2017)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Buama adamhach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 96.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin airm nó gunna é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |