Plútóiniam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachPlútóiniam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúil radaighníomhach
Plútóiniam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachPu
Uimhir adamhach94
Peiriad, Grúpapeiread 7
achtainíd
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.28
Ga ianach1, 0.86, 0.74 agus 0.71
Stair
AimsitheoirGlenn Theodore Seaborg, Edwin Mattison McMillan, Arthur Wahl agus Joseph W. Kennedy
Fionnachtain1941
EapainmPlútón

Is é an plútóiniam dúil uimhir a 94, agus is é an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Pu. Dúil radaighníomhach atá ann, nó níl oiread agus aon iseatóp cobhsaí amháin aige. Baineann sé le grúpa na n-achtanóideach (na n-achtainídí), agus is dúil trasúránach é freisin, ós rud é go bhfuil sé níos troime ná an t-úráiniam. Úsáidtear é i ndéantús na mbuamaí adamhacha, rud a thuill an-mhíchlú don dúil seo.

Píosaí plútóiniam atá ag dul trí thine, i mbosca

Síltear go coitianta nach bhfuil an plútóiniam ar fáil sa dúlra, ach níl an scéal chomh simplí sin, nó is iseatóp príomhordúil é an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil ag an bplútóiniam, 244Pu. Tá sé ceithre scór milliún bliain ar leathré - achar fada ama, a shílfeá, ach mar sin féin, níl ann ach tamall beag i gcomparáid le haois an Domhain. Mar sin, ní mhaireann ach iarsmaí beaga den phlútóiniam seo sa nádúr, i bhfad níos lú ná den úráiniam nó den tóiriam, agus iad níos fadsaolaí ná é.

Is é 239Pu an t-iseatóp a úsáidtear sna buamaí adamhacha, agus é ar an iseatóp is tábhachtaí ó thaobh na teicneolaíochta de. Tá sé ceithre mhíle fichead de bhlianta ar leathré.

Nuair atá an plútóiniam aonraithe ina dhúil, is éard atá ann ná miotal insínte agus loinnir an airgid ann, ach tiocfaidh smúit ocsaídí agus hidrídí air de réir mar a imoibreoidh ocsaigin agus uisce an atmaisféir leis. Nuair a bheidh an smúit sách ramhar, tosóidh sí ag titim ina scraitheanna den phlútóiniam. Is dual do na scraitheanna seo dul trí thine as a stuaim féin - mar a deirtear, is comhdhúile pireafóracha iad. Cuireann an adhaint spontáineach seo leis an dainséar a bhaineann le láimhseáil an phlútóiniam.

Is dual don phlútóiniam carnadh a dhéanamh i smior na cnáimhe, agus is nimh radaighníomhach é. Tá sé réasúnta fonnmhar chun imoibriúcháin, leis, nó imoibríonn sé le nítrigin, le carbón agus le sileacan, gan trácht ar na halaiginí. Trom-mhiotal atá ann, agus shílfeá go bhfuil sé nimhiúil ar chúiseanna ceimiceacha freisin, ach níl sé chomh dona sin dáiríre: is í an radaighníomhaíocht is príomhchúis le chomh dainséarach is atá sé.

Buama plútóiniam de chuid na Stát Aontaithe - an Fat Man nó an Fear Ramhar, a caitheadh ar Nagasaki i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda.

Tá ceithre staid choitianta ocsaídiúcháin ag an bplútóiniam, chomh maith le staid amháin atá níos annaimhe, agus a dath féin ag gach staid sa tuaslagán uisce. Bíonn na hiain Pu3+ gorm, agus na hiain Pu4+ bíonn siad donnbhuí. An t-ian PuO2+, a fhágann an plútóiniam ar an staid ocsaídiúcháin V, nó +5, tá an dath pinc ann. Tá an t-ian PuO22+, nó Pu(VI), tá sé cineál pinc-fhlannbhuí, agus maidir leis an ian PuO33-, nach mbíonn chomh coitianta leis na staideanna ocsaídiúcháin eile, tá dath uaine nó sórt liathuaine ann.

Samplaí de chomhdhúile an phlútóiniam iad an teitreafluairíd phlútóiniam PuF4, an hidríd (déhidríd) phlútóiniam PuH2, an aonocsaíd phlútóiniam PuO agus ag dé-ocsaíd phlútóiniam. Is idirchéim í an teitreafluairíd in aonrú an phlútóiniam mar ghlanmhiotal: nuair a imoibreoidh an teitreafluairíd le miotail cré-alcaileacha, rachaidh an miotal cré-alcaileach i gcomhdhúil leis an ocsaigin agus gheofar plútóiniam ina dhúil ghlan.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]