Hiroshima
Hiroshima 広島市 | |
![]() Hiroshima | |
---|---|
Rialtas | |
Tír | ![]() |
Méara | Kazumi Matsui |
Déimeagrafaic | |
Achar | 905.01 km2 |
Daonra | 1,173,980 |
Dlús daonra | 1,297.2/km² |
www.city.hiroshima.lg.jp |
Cathair Sainithe de chuid na Seapáine is ea Hiroshima (広島市). Is é is ciall le hainm na cathrach ná "Oileán Leathan".
Tá an chathair suite i ndeisceart Honshu. Príomhchathair Mhaoracht Hiroshima atá ann.
Bhí 1,173,980 duine ina gcónaí i Hiroshima sa bhliain 2010 (daonáireamh 2010).
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Buamáladh an cathair le linn an Dara Cogadh Domhanda ag Meiriceá.
Baineadh feidhm as an mbuama adamhach chun Hiroshima a scriosadh. Ar an 5 Lúnasa 1945, Scaoil an eitleán Enola Gay an "Buachaill Beag". Mharaigh sé timpeall daichead míle duine i nóiméad amháin. Maraíodh idir 90,000 agus 150,000 duine in iomlán – tá sé deacair figiúr deimhneach a fháil. Bhí Hiroshima an chéad chathair ar domhan a scriosadh le buama adamhach.
Ba í Meiriceá an chéad tír ar domhain chun airm núicléacha a fhorbairt. D’úsáid na Stáit Aontaithe na hairm sin ar dhá chathair sa tSeapáin[1], Hiroshima agus Nagasaki, i mí Lúnasa 1945. Ghéill an tSeapáin ar an 15 Lúnasa agus chuir sé sin deireadh leis an gcogadh.
27 Bealtaine 2016. Leag Uachtarán na Stát Aontaithe Barack Obama bláth-fhleasc i Hiroshima[2]. Thug sé cuairt ar an bpáirc cuimhneacháin a tóigeadh le comóradh a dhéanamh ar na daoine a bhásaigh de bharr an bhuama in éindí le Príomhaire na Seapáine Shinzo Abe.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ An Buama Adamhach le Séamas Ó Neachtain https://www.scoilgaeilge.org/lasmuigh/caomhach/AnBuama.htm
- ↑ Nuacht RTÉ
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]