Jump to content

Tóiceo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTóiceo
東京都 (ja) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach
Bratach

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnTokyo Metropolitan Song (en) Aistrigh (1947) Cuir in eagar ar Wikidata

Siombail oifigiúilGinkgo biloba, Prunus ×yedoensis agus sléibhín Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómóspríomhchathair agus oirthear Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 35° 41′ 22″ N, 139° 41′ 30″ E / 35.6894°N,139.6917°E / 35.6894; 139.6917
Stát ceannasachan tSeapáin Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
an tSeapáin (1947–) Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairShinjuku Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán14,264,798 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús6,501.58 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deMinami-Kantō (en) Aistrigh
Greater Tokyo Area (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla2,194.05 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceBá Thóiceo, Abhainn Sumida, Abhainn Arakawa agus Abhainn Edo Cuir in eagar ar Wikidata
Airde6 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Kumotori (en) Aistrigh (2,017.1 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síMaoracht Tokyo agus Cathair Thóiceo Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú6 Meán Fómhair 1868
Eachtra thábhachtach
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinTokyo Metropolitan Government (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachTokyo Metropolitan Assembly (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Gobharnóir Thóiceo Cuir in eagar ar WikidataYuriko Koike (2016–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2JP-13 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinmetro.tokyo.lg.jp Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: tochokoho X: tocho_koho Youtube: UCCfgVNWo4kogGJGcb2nG-Hw Youtube: tokyo TikTok: tokyodouga_official Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Tóiceo (東京; Tōkyō Fuaim éist leis sa tSeapáinis) príomhchathair na Seapáine, agus é suite i réigiún Chantó (関東地方; Kantō-chihō). Tugtar Ardchathair Thóiceo (東京都; Tōkyō-to) air go hoifigiúil sa tSeapáinis leis. Is é an chathair is mó sa tír é, óir tá breis agus 14,200,000 duine ina gcónaí sa chathair ó cheart.[1] Is é Tóiceo an limistéar uirbeach is mó ar domhan ó thaobh daonra de, agus thart ar 40,000,000 duine ina gcónaí i gceantar uirbeach na cathrach.

Tá Tóiceo suite ar an gcósta in oirthear Hoinsiú (本州; Honshū), an t-oileán is mó in oileánra na Seapáine. Tá an chathair roinnte ina 23 barda óna ndéantar Ardchathair Thóiceo, le chéile le limistéar Tama (多摩地域; Tama-chiiki) san iarthar chomh maith le hoileáin Thóiceo san Aigéan Ciúin.

Is é Tóiceo, ón 17ú aois ar aghaidh, an áit is tábhachtaí i saol polaitiúil na tíre. Is i dTóiceo atá formhór na bhforas náisiúnach lonnaithe, amhail príomháras impire na Seapáine, áras an phríomh-aire, an Diat Náisiúnta (Dáil na Seapáine), airí rialtais agus na hambasáidí eachtracha.

Baisteadh Tóiceo (東 "oirthear", agus 京 kyō "príomhchathair") ar an gcathair sa mbliain 1868 i rith réabhlóid Meiji, nuair a rinneadh príomhchathair na tíre de. Tá an chathair suite ar thaobh thoir na tíre, soir ón sean-phríomhchathair roimhe sin, Ceotó. Is é an nós in oirthear na hÁise an focal “príomhchathair” (京) a chur in ainm na príomhchathrach: féach Béising (北), Nanjing (南) na Síne nó Gyeonggi (畿) thimpeall Shúl na Cóiré leis. Tagann an dá chuid seo le chéile chun "Tóiceo", "an príomhchathair oirthearach" a dhéanamh.

Edo (江戸) a tugadh ar an mbaile a bhí ann sula ndearnadh príomhchathair na Seapáine de, a chiallaíonn "inbhéar, ríbhear". Is é béal an Sumida (隅田川, Sumida-gawa) atá i gceist leis an ainm seo.

Crosaire Shibuya i lár Thóiceo

Feidhmíonn Tóiceo mar chroílar chóras iompair na Seapáine. Tá gréasán fairsing iarnróid ann, chomh maith le busanna, tacsaithe, líne traenach aonráille agus líne tram. Is é an córas traenach an modh iompair is tábhachtaí i dTóiceo,[2] agus is é an líonra uirbeach iarnróid is mó ar domhan é. Is i dTóiceo atá an stáisiún iarnróid is gnóthaí ar domhain, Stáisiún Shinjuku, lonnaithe.[3]

Tá dhá aerfort mhóra sa réigiún: Aerfort Idirnáisiúnta Narita, taobh amuigh den chathair i maoracht Chiba, agus Aerfort Haneda, atá suite níos cóngairí do lár na cathrach.

Bardaí speisialta Thóiceo

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 23 barda speisialta (特別区; tokubetsu-ku) ann i dTóiceo, lena socraíodh teorainneacha sheanchathair Thóiceo sular n-atarraingíodh críocha na cathrach sa mbliain 1943. Is faoin "Dlí um fhéinriail áitiúil 1947" a bunaíodh na bardaí speisialta. Tá méara, comhairle agus stádas mar chathracha iad féin ar leith ag gach aon de na bardaí seo.

Ainm Seapáinis Daonra (2007) Dlús daonra/km² Achar km²
Adachi 足立区 629,392 11,830.68 53.20
Arakawa 荒川区 194,777 18,262.25 10.20
Bunkyō 文京区 194,933 16,009.28 11.31
Chiyoda 千代田区 43,802 3,763.06 11.64
Chūō 中央区 104,997 10,344.53 10.15
Edogawa 江戸川区 661,386 13,264.86 49.86
Itabashi 板橋区 529,059 16,445.72 32.17
Katsushika 葛飾区 428,066 12,286.62 34.84
Kita 北区 330,646 15,885.67 20.59
Kōtō 江東区 436,337 10,963.24 39.80
Meguro 目黒区 267,798 18,217.55 14.70
Minato 港区 205,196 10,088.30 20.34
Nakano 中野区 312,939 20,097.82 15.59
Nerima 練馬区 702,202 14,580.61 48.16
Ōta 大田区 674,590 11,345.27 59.46
Setagaya 世田谷区 855,416 14,728.23 58.08
Shibuya 渋谷区 205,512 13,337.13 15.11
Shinagawa 品川区 353,887 15,576.01 22.72
Shinjuku 新宿区 309,463 16,975.48 18.23
Suginami 杉並区 534,981 15,725.49 34.02
Sumida 墨田区 237,433 16,079.49 13.75
Taitō 台東区 168,277 16,139.38 10.08
Toshima 豊島区 256,009 19,428.44 13.01

Comhchathracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá nascanna comhpháirtíochta ag Tóiceo leis an 12 cathair agus stát a leanas:[4]

Tóiceo – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Meán-uasteocht an lae (°C) 9.8 10.0 12.9 18.4 22.7 25.2 29.0 30.8 26.8 21.6 16.7 12.3 19.7
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) 2.1 2.4 5.1 10.5 15.1 18.9 22.5 24.2 20.7 15.0 9.5 4.6 12.5
Meán-bháisteach (mm) 48.6 60.2 114.5 130.3 128.0 164.9 161.5 155.1 208.5 163.1 92.5 39.6 1,466.7
Foinse: Met Office Eanáir 2011
  1. "東京都の人口(推計)|東京都の統計" (Seapáinis). www.toukei.metro.tokyo.lg.jp. Dáta rochtana: 2025-01-10.
  2. John L. Renne (2016-02-17). "Transit Oriented Development: Making it Happen" (as Béarla): 245–258. Routledge. 
  3. "Busiest station" (Béarla). Guinness World Records. Dáta rochtana: 2022-08-08.
  4. "Sister Cities(States) of Tokyo - Tokyo Metropolitan Government" (Béarla). www.metro.tokyo.lg.jp. Dáta rochtana: 2025-01-10.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suíomh Gréasáin oifigiúil (sa tSeapáinis)