Kantō
| 関東地方 (ja) | |||||
| Ainmnithe in ómós | Kantō | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | an tSeapáin | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 43,653,441 (2020) | ||||
| • Dlús | 1,346.34 hab./km² | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | Kantō Kōshin region (en) | ||||
| Achar dromchla | 32,423.9 km² | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Réigiún de chuid na Seapáine is ea Kantō (関東地方). Tá sí suite i lár na tíre, timpeall Bhá Thóiceo, ar oileán Honshu. Bhí 42,607,375 duine ina gcónaí i Kantō (daonáireamh 2010). Tá seacht Maoracht san Reigiún seo, is iad: Gunma, Tochigi, Ibaraki, Saitama, Tóiceo, Chiba, agus Kanagawa.

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharla crith talún in Kantō (関東大震災 Kantō daishinsai) in iarthar na tíre ar an 1 Meán Fómhair 1923. Ba é an an crith talún is mheasa sa tSeapáin leis na céadta.
Maraíodh b'fhéidir 143,000 duine, in iomlán. Leagadh foirgnimh, bhuail súnámaí an tír agus chuaigh na cathracha trí thine.[1] Bhí an iliomad dóiteán ann, a scaipeadh ag na gaotha láidre, agus scriosadh sean-Tóiceó is Yokohama.
Sin ráite, ní raibh ann ach 7.9 ar an scála méide na móiminte agus tharla creathanna talún eile a bhí i bhfad níos láidre, roimh 1923 agus ina dhiaidh, gan an costas céanna.
Níos déanaí, bhain réabadh ollmhór sóisialta. D'éirigh an tsochaí sa tSeapáin níos coimeádaí agus tháinig an t-údarásaíochas chun cinn.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Crith talún Kantō". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 384.
- ↑ Smithsonian Magazine, Joshua Hammer. "The Great Japan Earthquake of 1923" (en). Smithsonian Magazine. Dáta rochtana: 2024-09-01.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]
