Fréamh an Eolais
Jump to navigation
Jump to search
Sampla de | ciclipéid |
---|---|
Sonraí teicniúla | |
Údar | Matthew Hussey |
Teanga | An Ghaeilge |
Foilsitheoir | Coiscéim |
Fréamh an Eolais is ainm don chiclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta a chuir an tOllamh Matthew Hussey le chéile agus a d'fhoilsigh an chuideachta Coiscéim sa bhliain 2011. Tá breis agus 700 leathanach sa leabhar, agus breis agus 7,000 mír eolais ann. Is í an chiclipéid eolaíochta is cuimsithí atá ann sa Ghaeilge.[fíoras?]
Is saothar é a bhí á chur le chéile thar thréimhse 40 bliana.
Cead a Fhoilsithe ar an Vicipéid[cuir in eagar | athraigh foinse]
I mí na Bealtaine 2013, thug an t-údar agus an foilsitheoir cead ábhar an leabhair a fhoilsiú i bhfoirm leictreonach ar an Vicipéid sa chaoi is go bhféadfadh comhluadar iomlán na Vicipéide, agus go háirithe iadsan agus Gaeilge ar a dtoil acu, sochar a bhaint as.