Vicipéid:Lámhleabhar Stíle
![]() | Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Treoirlínte atá sa Lámhleabhar Stíle seo, agus iad á n-úsáid chun stíl chothrom a chur i bhfeidhm ar an Vicipéid. Is minic a lán bealaí ann chun rud éigin a scríobh, agus má roghnaítear bealach amháin mar chaighdeán beidh an Vicipéid níos fusa le léamh, le húsáid, le scríobh agus le hathrú. Ní gá go n-aontódh gach duine gurb í an stíl áirithe sin an ceann is fearr chun scríbhneoireachta, agus ní deirtear é sin.
Cuirtear i gcuimhne do chomhoibrithe nua gur tábhachtaí go mór an scríbhneoireacht shoiléir fhaisnéiseach neamhchlaonta ná an cur i láthair agus an fhormáid. Ní iarrtar ar scríbhneoirí aon cheann de na rialacha seo a leanúint: is é buntáiste na heagarthóireachta mearshuímh nach bhfuil gá le foirfeacht. Tá Vicipéideoirí ann a thugann aire ar leith do stíl na Vicipéide, agus cuirfear caoi ar leathanaigh an lámhleabhair dá réir.
Chun eolas a fháil ar conas feidhm a bhaint as an scríobhchód seachas cló trom nó cló iodálach amháin a úsáid, féach ar Conas a chuirtear leathanach in eagar. Tráchtann an t-alt seo ar cathain a úsáidtear an scríobhchód, cé gur léir an méid sin ó na samplaí féin go formhór.
Tús an ailt[athraigh foinse]
De ghnáth scríobhtar an teideal nó ábhar an leathanaigh le cló trom sa chéad líne; uaireanta cuirtear cló iodálach air freisin. Féach ar Vicipéid:Lámhleabhar stíle (teidil). Is féidir an teideal nó an t-ábhar a chur sa chéad líne den abairt beagnach gach uair, ach baineann roinnt alt feidhm as an teideal amháin.
- Is é Radio Teilifís Éireann an státchraoltóir náisiúnta in Éirinn .
- Is é '''Radio Telifís Éireann''' an státchraoltóir náisiúnta in [[Éire|Éirinn]] .
- B'fhisiceoir Gearmánach é Albert Einstein (i 1879 a rugadh é, 1955 a fuair sé bás), a rugadh sa Ghearmáin.
- B'[[fisiceoir|fhisiceoir]] de chuid [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánach]] é '''Albert Einstein''' ([[1879]] a rugadh é, [[1955]] a fuair sé bás), a rugadh sa [[an Ghearmáin|Ghearmáin]].
Má luaitear níos mó ná leagan amháin d’ainm san alt, cuirtear cló trom ar gach leagan.
- Is saghas feithicle sráide í gluaisteán nó carr.
- Is saghas [[Feithicil sráide|feithicle sráide]] í '''gluaisteán''' nó '''carr''', .
Is fearr an comhthéacs a sholéiriú sa chéad cúpla focal; mar shampla,
- Maidir leis an gceimic, is é an fhoirmle eimpíreach é
- Maidir leis an g[[ceimic]], is é an '''fhoirmle eimpíreach''' é
Beathaisnéisí[athraigh foinse]
Chun eolas breise a fháil ar bheathaisnéisí, féach ar Vicipéid:Lámhleabhar Stíle/Beathaisnéisí. Seo cúpla cás coitianta:
- Carl Sandburg (6 Eanáir 1878 a rugadh é, 22 Iúil 1967 a fuair sé bás)
- Seamus Heaney (13 Aibreán 1939 a rugadh é)
Dátaí, uimhreacha, tomhais[athraigh foinse]
Féach ar Vicipéid:Lámhleabhar Stíle/Dátaí, uimhreacha, tomhais
Dátaí[athraigh foinse]
Úsáid an uimhir sa dáta ar dtús, msh. 12 Nollaig.
Stíl cheannlíne[athraigh foinse]
Úsáid an marc == sna ceannlínte; ná húsáid '''. Déan tús le "==" (sin dhá comharthaí ionnanais). Má mheasann tú go bhfuil an cló ró-mhór (mar a mheasann roinnt daoine), is mar sin atá an stílchóras ar fud na Vicipéide. Ná bíodh a mhalairt agat in ailt aonair.
Déan ceannlitreacha den chéad fhocal agus de na ainmneacha dílse san teideal, ach ná cuir ceannlitreacha ar aon fhocal eile.
Stíl na Gaeilge[athraigh foinse]
Bain úsáid as is é agus is í seachas na giorrúcháin 'sé agus 'sí atá coitianta san fhilíocht agus sa chaint.
Coinnigh an t-alt i logainmneacha i dteidil ailt: An Bheilg, Na Clocha Liatha. Chun an t-ord aibítreach a dhéanamh níos soléire i liostaí, is féidir an t-alt a cheilt mar seo: An [[An Bheilg|Bheilg]], Na [[Na Clocha Liatha|Clocha Liatha]], a bheidh á thaispeáint mar seo: An Bheilg, Na Clocha Liatha.
Bain úsáid as an gCaighdeán Oifigiúil!
Catagóirí[athraigh foinse]
Tugtar sloinnte Gaelacha a thosaíonn le Ó, Ua, Ní, Mac, Nic faoin gcéad phríomhlitir ina dhiaidh sin, m.sh. cuirtear Parthalán Ó hEachthairn faoin "E".
Tagairtí[athraigh foinse]
Bain úsáid as an fhormáid seo.
Fuair Ó Murchú bás sa bhliain 1901.<ref>Bloggs, E: "Ó Murchú, a shaol", lch. 203. Gnáthpress, 2005 ISBN 1234567890</ref>
== Tagairtí ==
{{reflist}}