Conradh um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha
| ||||
| Cineál | conradh de chuid na Náisiún Aontaithe conradh iltaobhach | |||
|---|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 10 Meán Fómhair 1996 | |||
| Suíomh | Nua-Eabhrac, New York | |||
| Taisce | Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe | |||
Chuirfeadh an Conradh um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha cosc ar phléascáin tástálacha núicléacha, ar an tslí sin tarraingítear líne shoiléir idir úsáidí síochánta agus míleata na teicneolaíochta núicléach.[1]

Níl an Conradh i bhfeidhm i láthair na huaire. Agus ní chuirfear an Conradh i bhfeidhm ach amháin nuair a dhaingneoidh gach tír é, atá sa liosta in Iarscríbhinn 2 leis an gConradh (a raibh acmhainn núicléach acu nuair a comhaontaíodh an conradh). D'iarr Éire ar gach tír atá fós ann in Iarscríbhinn 2 – ocht dtír in iomlán – an conradh a dhaingniú láithreach agus gan choinníollacha.
Agóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Reáchtáiltear an Lá Idirnáisiúnta in aghaidh Tástálacha Núicléacha ar an 29 Lúnasa agus an Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú Arm Núicléach 26 Meán Fómhair gach bliain.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach (1968)
- Conradh na bhFórsaí Núicléacha le Meánraon, 1987
- Conradh Núicléach New START (2010)
- Conradh ar Thoirmeasc Airm Núicléacha, 2021. Níl an Conradh i bhfeidhm sa Rúis agus na S-A srl
- Airm núicléacha
- Comhdhíothú dearbhaithe
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ an Roinn Gnóthaí Eachtracha. "Dí-armáil - Department of Foreign Affairs" (ga). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-09-26.
