Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach (1968)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ballraíocht

Síníodh an Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach (Treaty on the Non-Proliferation of Nuclear Weapons nó NPT de ghnáth) ar 1 Iúil 1968.[1][2] Tháinig i bhfeidhm in 1970.[3] Tá an Conradh fós i bhfeidhm. Ba as 'Rúin na hÉireann' in 1958 sna Náisiúin Aontaithe a thig an Conradh.[4][5]

I láthair na huaire, níl Iosrael, India, an Phacastáin agus an Chóiré Thuaidh páirtí sa chomhaontú.

Síníodh conradh eile sa bhliain 2017, Conradh maidir le Toirmeasc ar Airm Núicléacha (2017) nó an TPNW.[6] Déanann an Conradh nua neartú ar an NPT. Comhlánaítear an NPT leis an gConradh nua seo, ach déantar feidhmiú air freisin.[7][8] Bhí sé beartaithe i gcónaí sa NPT go nglacfaí bearta éifeachtacha breise maidir le dí-armáil núicléach agus tá an TPNW ar cheann de na bearta sin.

Frank Aiken (1944) a chuir tús leis an NPT sa bhliain 1958

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí dlúthcheangal ag Éirinn le bunús an NPT. Chuir Frank Aiken tús le conradh in aghaidh iomadú núicléach sa bhliain 1958. Chuir se dréachtrún chun tosaigh a mhol bunú coiste a scrúdódh na contúirtí a bhainfeadh le scaipeadh na n-arm núicléacha.[9] Thug Éirinn isteach na chéad 'Réitigh Éireannacha', mar a tugadh orthu ag na Náisiúin Aontaithe agus as sin a lean an NPT.[10][11][12]

I 1960, chuir sé dréachtrún eile ar an ábhar chun tosaigh agus i mí na Nollag 1961 glacadh d’aonghuth le rún nua-dhréachtaithe na hÉireann.

Bhí an chéad chéim tógtha, agus seacht mbliana níos déanaí, síníodh an Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach.

Mar aitheantas ar an ról ceannródaíoch sin, ba í Éire an chéad tír a fuair cuireadh an NPT a shíniú in 1968 i Moscó, shínigh Frank Aiken é.

Feach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Treaty on the Non-Proliferation of Nuclear Weapons" (in en) (2021-06-25). Wikipedia. 
  2. "Disarmament - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  3. ireland.ie (2017). "Scéalta - Éire agus Dí-armáil Núicléach - this is Ireland". www.ireland.ie. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  4. Noel Dorr (2016). "Áit i measc na Náisiún a theastaigh ó cheannairí an Éirí Amach…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  5. DFA (2015). "Tugann an tAire Flanagan Óráid os comhair Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe - Tugann an tAire Flanagan Óráid os comhair Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  6. Treaty on the Prohibition of Nuclear Weapons
  7. DFA (2017). "Ráiteas ón Aire Coveney tráth a ghlac na NA Conradh maidir le Toirmeasc ar Airm Núicléacha - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  8. DFA (2017). "Statement by Minister Coveney on the UN adoption of a Treaty on the Prohibition of Nuclear Weapons - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  9. SEAN O. hEALAI. "Éire agus an dí-armáil núicléach" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  10. Tá an scéal ar fad ag Noel Dorr, iar-Ambasadóir na hÉireann chun na Náisiún Aontaithe, ina leabhar tráthúil 'Ireland at the United Nations—memories of the early years'
  11. SEAN O. hEALAI. "Éire agus an dí-armáil núicléach" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  12. Lean Mac Aogáin leis, áfach, agus léiríonn an ráiteas seo uaidh a fhadradharcaí agus a bhí sé: “Revolutionary organisations and groups can come into possession of such weapons by various means and they are more likely to do so according as these weapons become more numerous.” Cuimhnigh gur i 1959 a dúirt sé é seo. (SEAN O hEALAÍ, Irish TImes, 2010)