Iosrael
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
|
|||||
| Mana: - | |||||
| Amhrán náisiúnta: Hatikvah | |||||
| Príomhchathair | Iarúsailéim1 31°47′ Thuaidh 35°13′ Thoir |
||||
| An chathair is mó | Iarúsailéim | ||||
| Teangacha oifigiúla | Eabhrais, Araibis | ||||
| Rialtas | Reuven Rivlin Benjamin Netanyahu |
||||
| Neamhspleáchas |
14 Bealtaine 1948 | ||||
| Achar • San iomlán • Uisce (%) |
20,770 km² (96ú) ~2% |
||||
| Daonra • Meas. ó 2013 • Daonáireamh 2005 • Dlús |
8,051,200 (97ú) 6,780,000 333/km² (19ú) |
||||
| OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 $163.45 billiún (52ú) $22,944 (32ú) |
||||
| Airgeadra | Sheqel nua Iosraeil (₪) (ils) |
||||
| Crios ama • Samhradh (CSL) |
(UTC+2) (UTC+3) |
||||
| Fearann Idirlín | .il | ||||
| Glaochód | +972 |
||||
| 1. Tá cur ina choinne | |||||
Tír sa Mheánoirthear, ar bhruach thoir na Meánmhara é Iosrael. Bunaíodh an stát sa bhliain 1948 nuair a bhí sé fós ina choimeartas faoin mBreatain, i riocht na Palaistíne. Tá daonra tuairim agus 8.4 mhilliún duine sa tír inniu.
Daoine[athraigh | athraigh vicithéacs]
Tá móramh Giúdach sa tír, agus cuireadh an tír ar bun mar stát Giúdach. Mar sin féin, tá lucht mór Arabach sa tír, maraon le mionlaigh eile. Tá dlúthbhaint ag tailte na bPalaistíneach le hIosrael maidir le cúrsaí airgid agus polaitíochta, mar go n-oibríonn an-chuid Palaistíneach in Iosrael, agus go bhfuil na céadta coilíneachtaí curtha ar bun ag Iosraelaigh den aicme chrua a dteastaíonn uathu seilbh a ghlacadh go hiomlán ar an 'Iosrael stairiúil'.
Tíreolas[athraigh | athraigh vicithéacs]
Is í an Mhuir Mharbh an áit is ísle ar domhain, agus téann a lán ann le snámh, rud atá an-éasca, ós rud é go bhfuil an t-uisce trom le salann. Tá dún Masada fós le feiceáil, áit ar fhan buíon Giúdach a bhí ag cur i gcoinne na Rómhánach ar feadh trí bhliain, gur mharaigh siad iad féin ar dheireadh. Tógann sé trí huair a chloig dul go dtí an mullach, nó is féidir dul le carr-chábla.
Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]
De réir an Bhíobla, thug Maois na hIosraeilítigh go dtí an tír seo tar éis 40 bliain sa bhfásach. Bhí géarleanúint ar na hIosraeilítigh le linn dóibh bheith i ngéibheann ag na Bablónaigh, agus arís cuireadh chun siúil iad tar éis am Chríost, nuair a leagadh an dara Teampall. Níor fhan ach an-bheagán díobh sa tír go dtí gur thosaigh buíon bheag ag filleadh ag deireadh an 19ú haois.
Tar éis an ghéarleanúint a rinneadh ar na Giúdaigh sa Ghearmáin agus sa chuid den Eoraip a bhí ina seilbh sna 1930í-1940í, chuaigh tuilleadh acu go dtí an tír, ach is i ndiaidh bhunú stát Iosrael i 1948 a tháinig an chuid is mó de na himircigh. Ar dtús ní raibh ach tuairim agus 700,000 Giúdach agus 700,000 Arabaigh Palaistíneacha sa tír, ach inniu tá os cionn 4 milliún Giúdach ann.
“Cogadh na Sé Lá[athraigh | athraigh vicithéacs]
Ar an 5 Meitheamh 1967, rinne an Iosrael ionsaí ar an Éigipt. Cuireadh tús le “Cogadh na Sé Lá”.
Stádas polaitiúil Iosrael[athraigh | athraigh vicithéacs]
Tosóidh Iosrael ag tarraingt amach ó Stráice Gaza i samhradh na bliana 2005, de réir ráitis a chuir Airiél Searón, Príomh-aire Iosrael amach i Meán Fómhair, 2004.