An Éigipt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
جمهورية مصر العربية
Ǧumhūriyyat Miṣr al-ʿArabiyyah
Poblacht Arabach na hÉigipte
Bratach na hÉigipte Armas na hÉigipte
Bratach Armas
Mana: Níl aon cheann ann.
Amhrán náisiúnta: Araibis: Bilady, Bilady, Bilady
Suíomh na hÉigipte
Príomhchathair Caireo
30°2′ Thuaidh 31°13′ Thiar
An chathair is mó Caireo
Teangacha oifigiúla Araibis
Rialtas Poblacht
Abdel Fattah el-Sisi
Hesham Qandil
Bunaíocht
• Céad ríshliocht
• Neamhspleáchas glactha
• Poblacht fógraithe

Timp. 3200 RC
28 Feabhra 1922
18 Meitheamh 1953
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
1,001,450 km² (30ú)
0.6
Daonra
 • Meas. ó 2011
 • Daonáireamh 2006
 • Dlús
 
76,699,427 (15ú)
59,312,914
76.3/km² (126ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2011
USD 533.7 billiún (42ú)
USD 6,594 (123ú)
Airgeadra Punt Éigipteach (EGP)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
+2 (UTC)
+3 (UTC)
Fearann Idirlín .eg
Glaochód +20

Is tír í an Éigipt, nó Poblacht Arabach na hÉigipte (Araibis:مصر) atá suite in oirthuaisceart na hAfraice agus giota beag den Áise. Tagann an ainm Gaeilge An Éigipt ón ainm Gréigis Aígyptos (Αἴγυπτος), agus Egypte asFraincís agus Egypt as Béarla.

Tá teorainn ag an an Éigipt leis an Libia, an tSúdáin, agus le hIosrael. Tá 80.6 milliún daoine ina gcónaí ann. Is í Caireo an phríomhchathair.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sean-Éigipt[athraigh | athraigh vicithéacs]

Léigh an t-alt an Sean-Éigipt agus Catagóir:Stair na hÉigipte.

Suais[athraigh | athraigh vicithéacs]

Osclaíodh Canáil Suaise (Suez) ar an 7 Márta 1869, agus de bharr sin, d'éirigh Caireo tábhachtach ó thaobh cúrsaí geopholaitíochta.

Deachtóireacht mhíleata, 1952[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ar an 23 Iúil 1952, nó "Lá na Réabhlóide" san Éigipt, tharla coup d'état; cuireadh deachtóireacht mhíleata in ionad monarcachta bhunreachtúil.

Géarchéim Shuais, 1956[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tharla an ghéarchéim Shuais (Suez) sa bhliain 1956, idirghabháil mhíleata mhí-ámharach. Mar leithscéal, dúirt rialtas na Fraince go raibh an tUachtarán Nasser ag tabhairt cabhrach don FLN. Ach eachtra mhíleata mhí-ámharach a bhí ann; rinne an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe praiseach dá dheis. Lagaigh an géarchéim seo an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe ar thaobh idirnáisiúnta.

Cogadh na Sé Lá[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ar an 5 Meitheamh 1967, rinne an Iosrael ionsaí ar an Éigipt. Cuireadh tús le “Cogadh na Sé Lá”. Cuireadh tús le “Cogadh na Sé Lá” ar an 5 Meitheamh 1967 nuair a rinne an Iosrael ionsaí ar an Éigipt. Tháinig deireadh le Cogadh na Sé Lá, ar an 10 Meitheamh 1967 nuair a ghlac Fórsaí cosanta Iosraeil (IDF / Israel Defense Forces) seilbh ar Oirthear Iarúsailéim.

Deachtóireacht ar aghaidh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí Muhammad Anwar el-Sadat ina uachtarán na hÉigipte ó 1970 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 1981 nuair a fheallmharaíodh é. Toghadh Hosni Mubarak ina uachtarán ar 14 Deireadh Fómhair 1981, an ceathrú ceann sa tír, tar éis feallmharú a réamhtheachtaithe Sadat.

Réabhlóid 2011[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa chéad leath den bhliain 2011 bhí réabhlóid san Éigipt agus cuireadh Hosni Mubarak as a phost i ndiaidh 30 bliain i gcumhacht. I ndeireadh na dála, theip ar an réabhlóid, agus tháinig deachtóir eile chun chinn, Mohamed Hussein Tantawi Soliman.

Geilleagar[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá geilleagar ilghnéitheach san Éigipt. Tá táirgiúlacht na turasóireachta, an tionscail, na talmhaíochta agus seirbhísí go léir inchurtha lena chéile a bheagán nó a mhórán.

Príomhchathracha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tíreolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cultúr[athraigh | athraigh vicithéacs]

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]