Benjamin Netanyahu
Príomh-aire Iosrael agus ceannaire Likud is ea Benjamin Netanyahu (a rugadh ar an 21 Deireadh Fómhair 1949), náisiúnaí, Síónach agus ar dheis ar fad. Tá fios a ghnó aige agus in ann teacht aniar cúpla uair.
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Netanyahu i mbun cheannasaíocht an pháirtí Likud i mí an Mhárta 1993.[2]
Chas Netanyahu le Yasser Arafat[1] don chéad uair, mar phríomh-aire, sa bhliain 1996. Cháin Netanyahu na Comhaontuithe Osló níos déanaí sna 1990idí agus thug a rialtas neamhaird orthu.
Éillitheacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá smál na caimiléireachta in Iosrael ag baint le Netanyahu le fada.
Coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá barántais á lorg ag an Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta do Netanyahu. Ar an 20 Bealtaine 2024, dúirt príomh-ionchúisitheoir na cúirte Karim Khan go raibh iarratas déanta aige ar bharántais ghabhála mar gheall ar chúiseanna a bhain le coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta.[3][4]
Tá roinnt cúiseanna á gcur i leith Netanyah; ar na cúiseanna sin tá díothú a dhéanamh, úsáid a bhaint as an ngorta mar uirlis chogaidh, stop a chur le cabhair dhaonnúil, agus targaidí a dhéanamh d’aon ghnó de shibhialtaigh. Cuirtear ina leith freisin go bhfuil uirlis chogaidh den ocras déanta aige.
Síónachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 27 Meán Fómhair 2024, ag labhairt os comhair Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, chuir Netanyahu i leith na Náisiún Aontaithe gur "eanach frith-Ghiúdach" atá ann. Chuir sé fainic ar an Iaráin gan ionsaí a dhéanamh ar a thír agus bhí sé doiléir ina chuid cainte maidir le toilteanas Iosrael leanúint le cainteanna maidir le sos cogaidh a thabhairt i bhfeidhm in Gaza ná sa Liobáin.[5]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fear mór ban atá i Netanyahu; phós sé trí uair agus bhí caidrimh sheachphósta go leor aige thar na blianta. Ba mhíchuibhiúil mar a fuarthas é lena chomhairleoir Ruth Bar, sa bhliain 1993 agus rinneadh físeán graosta de. In ainneoin sin, chuaigh sé i mbun cheannasaíocht an pháirtí Likud i mí an Mhárta 1993.[2]
Maraíodh deartháir Netanyahu (Lt. Col. Yonatan Netanyahu) sa ruathar tarrthála "Oibríocht Entebbe" sa bhliain 1976.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Coimhlint Iosrael-Hizbollah
- Cogadh Iosrael - Gaza
- Imscrúdú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta sa Phalaistín
- Scrúdú na Cúirte Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir le forghabháil na hIosrael ar chríocha Palaistíneacha
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Ar an 20 Eanáir 1996, toghadh Arafat ina uachtarán ar an Údarás Palaistíneach (Palestinian National Authority).
- ↑ 2.0 2.1 The Independent (1993). "Netanyahu wins battle for leadership of Likud". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-01-26. Dáta rochtana: 2024-09-30.
- ↑ cc-cpi.int (2024-05-20). "Statement of ICC Prosecutor Karim A.A. Khan KC: Applications for arrest warrants in the situation in the State of Palestine | International Criminal Court". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-05-20. Dáta rochtana: 2024-05-22.
- ↑ Felix Pope. "ICC to seek arrest warrant against Netanyahu and Yahya Sinwar" (en). www.thejc.com. Dáta rochtana: 2024-05-22.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-27). "Na scórtha taidhleoir siúlta amach agus Netanyahu ag labhairt" (as ga-IE).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |