Jump to content

An Iaráin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Iaráin
ایران (fa) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnAmhrán náisiúnta Phoblacht Ioslamach na hIaráine Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Takbir» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósAryan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 32° N, 53° E / 32°N,53°E / 32; 53

PríomhchathairTehran Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán92,417,700 (2025) Cuir in eagar ar Wikidata
 Dlús56.07 hab./km²
DéamainmIaránach Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Pheirsis Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnIoslam Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dean Meánoirthear Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla1,648,195 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Chaisp, Murascaill na Peirse agus Gulf of Oman (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeDamavand (en) Aistrigh (5,610 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleMuir Chaisp (−28 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síStát Impiriúil na hIaráine Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 224:  (An Impireacht Shasánach)
1501:  (Safavid Iran (en) Aistrigh)
1785:  (Qajar Iran (en) Aistrigh)
15 Nollaig 1925:  (Stát Impiriúil na hIaráine)
1 Aibreán 1979:  (Rialtas na hIaráine)
247 "RCh":  (An Impireacht Phairtiach)
550 "RCh":  (An Impireacht Acaeiméineach)
Eachtra thábhachtach
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisPoblacht Ioslamach, stát aonadach, córas uachtaránachta agus islamic theocracy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na hIaráine Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachIslamic Consultative Assembly (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
 Supreme Leader of Iran (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataRuhollah Khomeini (1979–1989) Cuir in eagar ar Wikidata
 Uachtarán na hIaráine Cuir in eagar ar WikidataMasoud Pezeshkian (2024–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil359,096,907,773 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadrarial na hIaráine Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ir agus ایران. Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+98 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála110, 115 agus 125 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreIR Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinpresident.ir… Cuir in eagar ar Wikidata

Is tír in iardheisceart na hÁise í Poblacht Ioslamach na hIaráine. Tá teorainneacha aici leis an Airméin, an Asarbaiseáin agus an Tuircméanastáin sa tuaisceart, an Afganastáin is an Phacastáin san oirthear, agus leis an Tuirc is an Iaráic san iarthar. Tá uiscí na Murascaille roinnte leis an Araib Shádach, Cuáit, Catar, Bairéin agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.

Thugtaí an Pheirs ar an dtír san Iarthar go dtí an bhliain 1935. Ansin, d'iarr an ceann stáit Reza Shah Pahlavi ar na toscairí eachtrannacha an t-ainm úd an Iaráin a úsáid i gcomhfhreagras foirmiúil ón mbliain 1936 ar aghaidh. Tá achrann ann faoi láthair maidir le hainm oifigiúil na tíre. Sa bhliain 1979, bhunaigh an t-Ayatollah Ruhollah Khomeini poblacht Ioslamach faoi stiúir na n-iamám tar éis Réabhlóid Ioslamach na bliana sin agus is é Poblacht Ioslamach na hIaráine an t-ainm a úsáidtear ó shin i leith.

slua san Iaráin in 2020 le linn Covid [1]
2017 i dTehran
Neda Agha Soltan, dúnmharaithe in 2009,... a reilig
2026-03-07: íomhá ó spás - tinte ó smacht ar fud Tehran nuair a bhuaileadh na scaglanna ola. Thit báisteach dhubh agus nimhiúil ; rinne an truailliú an t-aer do-análaithe ar fud na cathrach => pionós comhchoiteann
2002
2004
trádáil eachtrach (2011)
Déanann an comhlacht Iran Khodro an Runna. Comhlacht príobháideach a bunaíodh sa bhliain 1962 é IKCO.
Príomhalt: Stair na hIaráine

Ní tír Arabach í An Iaráin. Is í an Pheirsis an ceann is tábhachtaí de na teangacha Iaránacha, a bhaineann leis an gcrann ginealais Ind-Eorpach.

Tá an Iaráin ar cheann de na tíortha is liobrálaí agus is saolta sa mheánoirthear ó thaobh meon an phobail de. Uaireanta ceapann daoine gur sochaí an-choimeádach agus reiligiúnda atá san Iaráin, ach ní hea ar chor ar bith ag leibhéal an ghnáthphobail[2] (tá cathracha san Iaráin atá an-choimeádach, mar shampla Mashad).

Is fondúireacht neamhspleách neamhbhrabúsach í GAMAAN atá lonnaithe san Ísiltír agus a dhéanann taighde ar dhearcadh mhuintir na hIaráine ar cheisteanna sóisialta agus polaitiúla. Léirigh suirbhé a rinne siad ar Iaránaigh in 2020 gur dhiúltaigh 70% díobh don hijab éigeantach agus chonacthas seo san tacaíocht fhorleathan a tugadh do na hagóidí ‘Bean, Beatha, Saoirse’ in 2022. Cé gur Moslamaigh iad 99.5% den daonra de réir an daonáirimh oifigiúil stáit, níor shainaithin ach 40% acu siúd a ghlac páirt i suirbhé rúnda GAMAAN iad fhéin mar Mhoslamaigh. Dúirt 90% acu gur tógadh iad le creideamh ach dúirt 47% acu go raibh a gcreideamh caillte acu. Dúirt aon trian acu go n-ólann siad alcól ó am go ham cé go bhfuil seo i gcoinne an dlí san Iaráin.

Tá an Iaráin ar cheann de na tíortha is óige sa réigiún ó thaobh daonra de, agus tá daonra mór uirbeach aici a mbíonn rochtain acu de ghnáth ar an idirlíon agus ar mheáin idirnáisiúnta, cé go ndéanann an rialtas iarrachtaí neamhéifeachtacha srian a chur air sin.

Tá ardleibhéal oideachais i measc an phobail i gcoitinne; léiríonn suirbhéanna gurb iad na céimithe ollscoile an grúpa is mó a dhiúltaíonn don chóras reatha agus a thacaíonn le hathrú daonlathach.[2]

Faoi Bhunreacht na hIaráine, grúpa cléireach tofa a roghnaíonn an t-ard-cheannaire.[3]

Tar éis na nglún faoi réimeas coimeádach, tá éadóchas forleathan i measc daoine óga faoin status quo, rud a spreagann tuilleadh oscailteachta i leith athraithe. Cuireann Iaránaigh óga an locht go príomha ar a rialtas fhéin mar gheall ar fhadhbanna eacnamaíochta na tíre. Feictear dóibh freisin go bhfuil mírialú, mí-éifeacht, fimíneacht agus caimiléireacht go leor ag baint leis an gcóras stáit ansin agus gur ag tochas ar a gceirtlín fhéin a bhíonn go leor acu siúd atá ag obair don réimeas.

Bhí an fuath don réimeas chomh láidir sin go raibh sciar acu fiú ag fáiltiú roimh ionsaithe Mheiriceá agus Iosrael ar an tír sa bhliain 2026,[2] ar dtús. Ach b'fhéidir go raibh athbheochan an náisiúnachais sa tír nuair a bhuaileadh Tehran go dian i dtús mí an Mhárta Mhárta 2026. Rinne an truailliú an t-aer do-análaithe ar fud na cathrach,[4] pionós comhchoiteann mar a tharla sa Liobáin agus Gaza.[5]

Go dtí na 1960idí bhí geilleagar na hIaráine bunaithe ar an talmhaíocht sa chuid ba mhó. As sin amach rinneadh iarracht an tionsclaíocht a fhorbairt, go mórmhór táirgeadh peitriceimiceán, teicstílí (in Isfahan go háirithe), ábhar tógála, feithiclí, gléasanna leictreacha agus leictreonacha, páipéir agus táirigí bia.

I ndiaidh na Réabhlóide Ioslamaí sa bhliain 1979, bhí titim an-mhór san infheistíocht eachtrannach i ngeilleagar na tíre agus thit an tóin as an turasóireacht go hiomlán, beagnach. Mar bharr ar an donas, rinne an cogadh leis an Iaráic an-dochar don ghníomhaíocht eacnamaíoch sa tír agus ní dhearna praghsanna marbhánta an artola aon mhaitheas di ach an oiread. Tháinig an tsíocháin ar ais faoi dheireadh na 1980idí. fFaoin bhliain 1995 bhí geilleagar na tíre ag fás ag ráta 2.5% sa bhliain. Chuaigh praghas an artola in airde arís ag tosnú sa bhliain 2003.

Sa bhliain 2005, d’eascair 12% den olltáirgeacht intíre (OTI) ón talmhaíocht agus 30% den daonra ag brath uirthi lena mbeatha a shaothrú. Cruithneacht agus eorna an dá bharr is tábhachtaí. In oirthuaisceart na tíre tá saothrú an chadáis fairsing agus mar i gcéanna leis an rís sna ceantracha riascacha in aice Mhuir Chaisp. Saothraítear an tobac, an tae agus biatais siúcra freisin. I measc torthaí na tíre, áirítear líomóidí an tuaiscirt, fíonchaora, úill, piorraí agus péitseoga an réigiún láir agus dátaí na gceantracha in aice na Murascaille. Tá cáil ar an Iaráin as a cuid torthaí tíortha, go mór mór na cnónna pistéise.

Tá iascaireacht ar siúl feadh na gcóstaí, theas agus thuaidh. Tá tóir ar eochraí an bhradáin fearna (caibheár) ón Muir Chaisp. San iarthuaisceart tógtar caoirigh agus gabhair, chomh maith le cuid . Tógtar camaill ann go fóill freisin agus iad in úsáid le haghaidh iompair agus spóirt.

Is é an peitriliam an acmhainn nádúrtha is tábhachtaí sa tír; is é an gás nádúrtha an darna ceann. Faightear an peitriliam agus an gás in iardheisceart na tíre. Sa bhliain 2005 rinneadh 1 mhilliún gluaisteán san Iaráin den chéad uair. Is é Iran Khodro (IKCO) an déantóir gluaisteán is mó sa Mheán Oirthear. Tá roinnt comhfhiontar curtha ar bun ag an gcomhlacht le Renault agus comhlachtaí eile ar cheithre mhór-roinn ar fud an domhain.

Is iad bia, innealra, trealamh iompair, iarann agus cruach na rudaí is mó a iompórtálann an Iaráin. Is iad an t-artola, rugaí urláir, torthaí tíortha, agus ainmhithe feirme na rudaí is mó a easpórtálann an tír.

Tá smachtbhannaí gearrtha ag an Iarthar ar an Iaráin i láthair na huaire.

An Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, agus Kazem Sharif Kazemi, Chargé d’affaires na hIaráine in Éirinn, 2024

An Iaráin agus Éire

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is mó go mór na cosúlachtaí cultúrtha idir An Iaráin agus Éire. Labhraíonn an dhá phobal teangacha Ind-Eorpacha agus tá ardleibhéal oideachais i measc an phobail i gcoitinne.

Agus ar shlite áirithe tá Iaránaigh agus Éireannaigh níos cosúla lena chéile ná mar atá Éireannaigh le muintir Shasana nó le roinnt dár gcomhEorpaigh, mar shampla sa dearcadh ar shochraidí agus ar an mbás.[2]

  1. "خیابان گردی در وضعیت قرمز" (fa). خبرگزاری مهر | اخبار ایران و جهان | Mehr News Agency (2020-07-29). Dáta rochtana: 2026-03-12.
  2. 1 2 3 4 Fachtna Ó Drisceoil (12 Márta 2026). "Tá Iaránaigh agus Éireannaigh níos cosúla lena chéile ná mar atá Éireannaigh le muintir Shasana" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-12.
  3. "Cúig lá dobróin fógartha d’uachtarán na hIaráine a maraíodh i dtuairt héileacaptair" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-20). Dáta rochtana: 2024-05-20.
  4. Rachel Fieldhouse, Mohana Basu (2026-03-11). "‘Black rain’ in Tehran — what are the health effects?" (as en). Nature. doi:10.1038/d41586-026-00800-9. ISSN 1476-4687.
  5. theguardian.com. "‘Dark, like our future’: Iranians describe scenes of catastrophe after Tehran’s oil depots bombed". Dáta rochtana: 12-03-2026.