An Phacastáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
اسلامی جمہوریۂ پاکستا
Islāmī Jamhūriya-i-Pākistān
Islamic Republic of Pakistan
Bratach na Pacastáine Armas na Pacastáine
Bratach Armas
Mana: Iman, Ittehad, Tanzim (Béarla: Faith, Unity, Discipline)
Amhrán náisiúnta: Qaumi Tarana
Suíomh na Pacastáine
Príomhchathair Islamabad
33°40′ Thuaidh 73°10′ Thiar
An chathair is mó Karachi
Teangacha oifigiúla Urdais, Béarla
Rialtas
Uachtarán
Uachtarán tofa
Príomh-Aire
Poblacht Chónaidhme Ioslamach
Muhammad M Soomro (gníomhach)
Asif Ali Zardari
Raja Pervaiz Ashrof
Neamhspleáchas
Abbasid
Impireacht Ghaznavid
Ríocht Ghorid
Sabhdán Delhi
Impireacht Mughal
Fógraithe
ón Ríocht Aontaithe
711-962
962–1187
1187-1206
1210-1526
1526-1707
14 Lúnasa, 1947
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
880,254 km² (34ú)
3.1
Daonra
 • Meas. ó 2011
 • Daonáireamh -
 • Dlús
 
178,023,505 ()
Níl aon cheann ann.
211/km² (53ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
U S$404.6 billiún (26ú)
US$2,628 (128ú)
Airgeadra Rúipí (PKR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
+5 (UTC)
+6 (UTC)
Fearann Idirlín .pk
Glaochód +92

Is tír atá suite i ndeisceart na hÁise í an Phacastáin, (Urdais: پاکستان) nó Poblacht Ioslamach na Pacastáine go hoifigiúil.

Tíreolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá imeallbhord aici de 1046-ciliméadar (650 míle) ar feadh chósta an Mhuir Arabach agus Mhurascaill Óman sa taobh ó dheas agus tá teorainneacha aici leis an Afganastáin agus an Iaráin san iarthar, an India san oirthear agus an tSín i bhfad san oirthuaisceart. Luíonn an Táidsíceastáin freisin an-ghar don Phacastáin, ach tá sí deighilte uaithi ag an Chonair Wakhan.

An séú tír is mó sa domhan de réir daonra atá ann, agus an dara tír Ioslamach is mó.

Príomhchathair na Pacastáine í Islamabad (Urdais: اسلام آباد, "áitreabh an Ioslaim") atá suite in iarthuaisceart na tíre. Tógadh Islamabad sna 1960í chun a bheith ina príomhchathair nua.

Is í Karachi an chathair is mó sa Phacastáin. Tá sí suite ar Mhuir na hAraibe.

Daonra[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Is í an Bhalúcastáin an cúige is mó de réir limistéar geografach sa Phacastáin, a chomhdhéanann thart ar 48% d'achar iomlán na tíre, sé sin, 40% den tír. Thug an daonáireamh sa bhliain 1998 le fios go raibh daonra de thart ar 6.5 milliún aici. Tá an Bhalúcastáin níos boichte agus tá a dhaonra níos ísle ná an chuid eile den Phacastáin.
  • an Phuinseáib (nó an Phainseáib) (Puinseáibis: پنجاب, ਪੰਜਾਬ, Urdais: پنجاب, Hiondúis: पंजाब, Peirsis: پنجاب, panj-ab, "cúig-uisce"), ina réigiún ar dhá thaobh na teorann idir Puinseaib na Pacastáine agus Puinseaib an India.[1]
  • Treabh jat is ea an Dhothar. Tá siad ina gcónaí in Punjab, cúige de chuid na Pacastáine,

Teangacha[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Is teanga í an Urdais a labhraítear sa Phacastáin agus san India. Le fírinne, is ionann iad an Urdais agus an Hiondúis, ach amháin go bhfuil an Hiondúis á labhairt ag na Hiondúigh, agus an Urdais ag na Muslamaigh Indiacha agus Phacastánacha. Scríobhtar an Urdais leis na litreacha Arabacha, agus an Hiondúis leis na litreacha Déiveanágracha. Thairis sin, is iomaí focal Araibise agus Peirsise a úsáidtear sa leagan scríofa den Urdais.
  • Tá an Phuinseáibis (ਪੰਜਾਬੀ) ar an aonú teanga déag is mó a labhraítear ar fud an domhain, agus í á labhairt ag timpeall is céad milliún duine san India agus sa Phacastáin thar aon áit eile.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

1940idí: Críochdheighilt, Trasimirce agus Cinedhíothú[athraigh | athraigh vicithéacs]

Jinnah (pobalóir moslamach) agus Gandi ( tugtha don aislingeacht), 1944

Bunaíodh an stát nua-aimseartha sa bhliain 1947. Bhí ar an mBreatain neamhspleáchas a ghéilleadh don India agus tháinig deireadh leis an Réimeas Briotanach.

Cuireadh críochdheighilt i bhfeidhm ar an Phacastáin agus India sa bhliain 1947. Bunaíodh an Phacastáin agus an India, na tíortha chomharbais. Roinneadh an Phuinseáib, mar a bhí, eatarthu.

Nuachtáin, 1944: "formula (=> críochdheighilt ) approved by Gandhi"

Sna 1940idí, bhí Muhammad Ali Jinnah ina cheannaire ar Chumann na Moslamach. Páirtí pobalach a bhí ann.  Ghríosaigh óráid Jinnah an teannas ciníoch, de réir a chéile. Is cosúil gur thacaigh tromlach millteanach na Moslamach an críochdheighilt i 1947, ach ní raibh sé mar sin tamall de bhlianta roimh 1947.

1947: an trasimirce is mó riamh

Bhí Moslamaigh ina gcónaí san India le fada an lá, ur le hur le Hiondúigh agus le Saícigh. Bhí an fanaiceacht chreidimh ann i gcónaí, ach bhí an teannas ag cur thar maoil i 1947.

Thug Gandhi le tuiscint go riabh sé glan i gcoinne an chríochdheighilt. Ach tá na staraí den tuairim inniu go raibh sé mí-ionraic. Bhí Gandhi réidh le teacht ar chomhréiteach. Ach ní raibh sé sásta sciar den fhreagracht a ghlacadh. Agus bhí Rialtas na Ríochta Aontaithe ag séanadh a bhfreagracht chomh maith.

Fógraíodh neamhspleáchas ar an 14 Lúnasa 1947. Bhain an stát nua Stádas Tiarnais (Dominion Status i mBéarla) amach. nuair a scaradh í ón India.

Tharla cinedhíothú le linn na tréimhse seo. Líon iomlán na marbh: 1-2 milliún b'fhéidir[2]. Tharla trasimirce ollmhór; tugadh bata is bóthar do 12 milliún, an trasimirce is mó riamh i stair an domhain.

1950idí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Fógraíodh Poblacht Ioslamach ar an 23 Márta 1956.

1970idí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí a Zulfikar Ali Bhutto ina phríomhaire ar an bPacastáin sna 1970idí, sular crochadh é sa bhliain 1979.

1980idí ar aghaidh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí Benazir Bhutto ina príomhaire ar an bPacastáin idir na blianta 1988 agus 1990, agus arís ón mbliain 1993 go 1996. Feallmharaíodh í ar an 27 Nollaig, 2007 tar éis slógaidh pholaitiúil.[3]

Meastar go bhfuil an seachtú harm is mó sa domhan ag an bPacastáin, agus airm núicléacha chomh maith. Ar an 14 Lúnasa 1998, bhí olc ar an domhan nuair a tugadh le fios gur phléasc an Phacastáin gairis núicléacha faoin talamh.

Tháinig an Ginearál Pervez Musharraf isteach san oifig ar 20 Meitheamh 2001, tar éis coup d’état ar 12 Deireadh Fómhair 1999. D'éirigh sé as a phost ar an 18 Lúnasa 2008.[4]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Singh, Pritam (2008). "Federalism, Nationalism and Development: India and the Punjab Economy": 3. Routledge. 
  2. http://factsanddetails.com/india/History/sub7_1e/entry-4132.html http://www.nytimes.com/books/first/b/butalia-silence.html
  3. http://news.bbc.co.uk/2/hi/south_asia/7161590.stm
  4. http://news.bbc.co.uk/2/hi/south_asia/7567451.stm



Comhlathas na Náisiún
Flag of Antigua and Barbuda.svg Antigua agus BarbúdaFlag of Australia.svg An Astráil

Flag of the Bahamas.svg Na BahámaíFlag of Bangladesh.svg An BhanglaidéisFlag of Barbados.svg BarbadósFlag of Belize.svg An BheilísFlag of Botswana.svg An BhotsuáinFlag of Brunei.svg BrúinéFlag of Cameroon.svg CamarúnFlag of Canada.svg CeanadaFlag of Cyprus.svg An ChipirFlag of Dominica.svg DoiminiceFlag of Fiji.svg FidsíFlag of Ghana.svg GánaFlag of Grenada.svg GrenadaFlag of Guyana.svg an GhuáinFlag of India.svg IndiaFlag of Jamaica.svg IamáiceFlag of Kenya.svg An ChéiniaFlag of Kiribati.svg CireabaitíFlag of Lesotho.svg LeosótaFlag of Malawi.svg An MhaláivFlag of Malaysia.svg An MhalaeisiaFlag of Maldives.svg Oileáin MhaildíveFlag of Malta.svg MáltaFlag of Mauritius.svg Oileán MhuirísFlag of Mozambique.svg MósaimbícFlag of Namibia.svg An NamaibFlag of Nauru.svg NárúFlag of New Zealand.svg Nua-ShéalainnFlag of Nigeria.svg An NigéirFlag of Pakistan.svg An PhacastáinFlag of Papua New Guinea.svg Nua-Ghuine PhapuaFlag of Rwanda.svg RuandaFlag of Saint Kitts and Nevis.svg San Críostóir-NimheasFlag of Saint Lucia.svg San LuciaFlag of Saint Vincent and the Grenadines.svg San Uinseann agus na GreanáidíníFlag of Samoa.svg SamóFlag of Seychelles.svg Na SéiséilFlag of Sierra Leone.svg Siarra LeonFlag of Singapore.svg SingeapórFlag of the Solomon Islands.svg Oileáin SholamónFlag of South Africa.svg An Afraic TheasFlag of Sri Lanka.svg Srí LancaFlag of Swaziland.svg An tSuasalainnFlag of Tanzania.svg An TansáinFlag of Tonga.svg TongaFlag of Trinidad and Tobago.svg Oileán na Tríonóide agus TobágaFlag of Tuvalu.svg TuvaluFlag of Uganda.svg UgandaFlag of Vanuatu.svg VanuatúFlag of Zambia.svg An tSaimbia