Fidsí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilFidsí
Republic of Fiji (en)
Matanitu Tugalala o Viti (fj)
Fidźi Ganaradźja (hif)
Viti (fj) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Nadi (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnGod Bless Fiji Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Rerevaka na Kalou ka Doka na Tui»
«Fear God and honour the Queen»
«Бой се от Бога, почитай кралицата»
«Where Happiness Finds You» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 18°S 178°E / 18°S 178°E / -18; 178

PríomhchathairSuva Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán905,502 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús49.55 hab./km²
Teanga oifigiúilBéarla
Fijian (en) Aistrigh
Fiji Hindi (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deEuropean Union tax haven blacklist (en) Aistrigh (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla18,274 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Tomanivi (en) Aistrigh (1,324 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn tAigéan Ciúin (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síDominion of Fiji (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1970
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachParlaimint Fhidsí Cuir in eagar ar Wikidata
• President of Fiji (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataWiliame Katonivere (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
• Prime Minister of Fiji (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataSitiveni Rabuka (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil4,296,235,428 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraFijian dollar (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.fj Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+679 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála000, 911 agus 919 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreFJ Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinfiji.gov.fj… Cuir in eagar ar Wikidata

Tír Mheilinéiseach is ea na hOileáin Fhidsí atá suite san Aigéan Ciúin. Is é Suva an phríomhchathair.

Tá Fidsí suite san Aigéan Ciúin.[1] Tá daonra 883,480 duine ann.[1] Is é achar iomlán 18,272 ciliméadar cearnach.[1] Is é príomhchathair Suva.[1] Chuaigh Fidsí isteach sa chomhlathas i 1970 tar éis di neamhspleáchas a fháil ón mBreatain.[1] Is é Jioji Konrote uachtarán Fidsí.[2] Is é Frank Bainimarama an Príomh-Aire.[2] Is é an t-airgeadra dollar Fidsí.[2] Is iad na teangacha oifigiúla Béarla agus Fidsis, ach labhraítear Hindustani ansin freisin.[2]

Léarscáil de Fidsí

Tá sé ó thuaidh ón Nua-Shélainn agus soir ó thuaidh go dtí an Astráil.[1] Is cuid d'oileán é a bhfuil trí chéad oileán ann, áfach, tá timpeall is céad dine ina gcónaí ann.[1] Tá príomhshléibhte ag Fidsí agus tá beagnach leath den oileán clúdaithe le foraoisí.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne an Ollainnis agus an Bhreatain iniúchadh ar Fidsí sa seachtú agus san ochtú haois déag.[3] Thug críoch Fidsí do Choróin na Breataine I 1874.[2] Thosaigh saothrú siúcra sa 1880idí.[2] Mar gheall ar an saothrú seo tháinig os cion seasca míle duine ón India ag obair ar an oileán ag saothrú siúcra agus tharla sé seo sa daichead bliain atá amach romhainn.[2] Stopadh seo ar fad i 1920.[2] Bhí fadhbanna idir na hIndiaigh agus na Fidsí dúchais.[2] Ar an 10ú Deireadh Fómhair 1970, ghnóthaigh Fidsí a neamhspleáchas.[2] D'eagraigh Sitiveni Rabuka coup chun stop a chur le páirtí comhrialtas Indiach cumhacht a ghlacadh i bhFidsí.[2] Chuir an coup seo iallach ar go leor Fidsí de bhunadh mar d'fhulaing siad idirdhealú eitneach.[2] I mí Iúil 1998, chiallaigh dlí nua a tugadh isteach go raibh rialtas ilchreidmheach ann.[2] Roimhe seo, ba é an bunreacht go raibh an chumhacht go léir ag Fidsí.[2]

Iarracht Coup[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 19ú Bealtaine, chuaigh saighdiúirí armtha chun na parlaiminte agus ghabh siad tríocha sé duine ina ghiall.[2] San áireamh sna tríocha sé duine sin bhí an Príomh-Aire Chaudhry.[2] George Speight a bhí i gceannas ar an coup seo, ba fhear gnó páirt-Fidsiach é.[2] Rinne sé é seo agus é ag iarraidh go gcuirfí bunreacht 1998 ar ais ina áit, theastaigh uaidh go mbeadh an chumhacht go léir ag na Fidsigh.[2] Lean sé seo ar aghaidh ar feadh dhá mhí.[2] I mí Iúil 2000, cuireadh George Speight agus ceannairí eile an coup faoi choimeád agus cúisíodh iad as tréas.[2] Ar Feabhra 2002, gearradh George Speight chun báis ach laghdaíodh a phianbhreith.[2]

Cé gur theip ar an coup, níor atoghadh an príomh-aire Chaudhry ná a rialtas.[2] Ina n-áit féin, rinne an t-arm agus Comhairle Mhór na bPríomh-rialtas rialtas eatramhach agus rinneadh Fidsí eitneacha den chuid is mó.[2]

Ceathrú Coup Fidsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Nollag 2006, ghnóthaigh ceannasaí míleata na tíre, an Commodore Frank Bainimarama, cumhacht agus rinne sé Jona Senilagakali, dochtúir, príomh-aire.[2] Ba é seo an ceathrú coup ó 1987.[2]

Fuair Frank Bainimarama níos mó cumhachta in Aibreán 2009.[2] Dhiúltaigh sé éirí as mar phríomh-aire cé go bhfuarthas amach go raibh an rialtas go mídhleathach.[2] Mhéadaigh sé cinsireacht ar mheáin Fidsí, dhíbir sé iriseoirí eachtacha agus dúirt sé freisin nach mbeadh toghcháin ann go dtí 2014.[2]

I mí Mheán Fómhair 2009, cuireadh an tío ar fionraí ó Chomhlathas na Náisiún, mar cheap siad nach raibh an tír ag obair i dtreo an daonlathais.[2]

Ar an 17ú Meán Fómhair 2014, bhí olltoghchán ann agus bhuaigh páirtí Bainimarama 'Fiji First.'[2] Cúpla lá ina dhiaidh sin chuir an tUachtarán Nailatikau faoi mhionn é mar phríomh-aire.[2]

An bhliain dár gcionn i mí Dheireadh Fómhair 2015, toghadh Jioji Konrote mar uachtarán.[2]

Tionscal Siúcra Fidsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

cána siúcra dúchasach do na hoileáin san Aigéan Ciúin Theas.[4] Fuair na chéad lonnaitheoirí agus fionnachtana é i Fidsí.[4] D'fhás Fidsí é agus d'úsáid siad le haghaidh coganta agus le haghaidh sú chun bia a mhilsiú.[4] Rogha i ndiaidh cadáis a bhí ann nuair a bhí Fidsí ag cinneadh cé acu a thabharfadh an t-airgead is mó dóibh.[4]

Fuair cadás a tháirgeadh bás i Meiriceá le linn an chogaidh chathartha agus cuireadh fáilte roimh tháirgeoirí nua isteach sna margadh domhanda.[4] Bhí an-tóir ar chadás a bhí ag fás i Fidsí.[4] Theip ar ghnólachtaí cadáis, áfach, nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh cathartha[4]. Sa bhliain 1862, rinneadh an chéad siúcra i Fidsí ar oileán Wakaya.[4]

Ghlac siúcra le copra mar phríomh-onnmhairiú na tíre agus tá sé fós mar sin innu.[4] I mí na Nollag 1871, thairg Ratu Cakobau steirling cúig chéad punt a thabhairt don bharra 'chéad agus is fearr' ar fiche toin a táirgeadh go háitiúil.[4] Sa bhliain 1872, rinne Brewer agus Joske muileann siúcra turgnnamhach i Suva agus rinne laer bliana muileann níos mó.[4] Tugadh daoine anall ón India chun obair a dhéanamh ar chadás, cafe, siúcra agus suíomhanna eile.[5] Mar sin féin, i 1916 ba behag oibrithe a bhí ann.[4] Mar sin tugadh isteach córas na bhfeirmeacha beaga.[4] Bhí feirmeoirí Indiach ina gcónaí ar fheirmeacha le feirmeoir agus teaghlach ag déanamh na hoibre.[4] Bhunaigh an Cuideachta Scagtha Siúcra Coilíneach i Fidsí i 1880 agus thug an chuideachta seo níos mó acmhainní agus taithí isteach ná cuideachtaí eile.[4] Osclaíodh an chéad mhuileann de chuid na cuideachta i Nausori i 1882 agus dhún sé i 1959.[4] Sna blianta ina dhiaidh seo, osclaíodh ceithre mhuilte eile, Muileann Rarawai i 1886, atá suite ar bhruach an Ba River, Labasa Mill ar Vanua Levu i 1894, Lautoka i 1903 agus Penang Mill i 1926, a bhunaigh na deartháireacha Wilmer ag Rakiraki.[4] Bhunaigh an Cuideachta Scatha Siúcra Coilíneach an Stáisiún Turgnamhach Talmhaíochta le haghaidh pórú cána I 1904.[4] Tháinig Eagraíocht Thurgnamhach Talmhaíochta Lautoka mar chuid den FSC i 1958, agus tugtar Institiúid Taighde Cána Siúcra Fidsí air.[4]

I 1961, bhunaigh an Cuideachta Scatha Siúcra Coilíneach Muilte Siúcra an Aigéin Chiúin Theas.[4] I 1972, rinneadh Corparáid Siúcra Fidsí a chomhtháthú le hAcht na Parlaiminte i Fidsí chun dul i mbun gníomhaíochtaí muilleoireachta ón 1ú Aibreán 1973.[4] An 31ú Márta 1973, bhí daoine i Fidsí in ann scaireanna a fháil ó Mhuilte Siúcra an Aigéin Chiúin Theas, agus ceannaíodh dhá faoin gcéad de na scaireanna ón bpobal freisin.[4] Tar éis don Tiarna Denning dámhachtain a fháil as scaireanna a thairiscint do na hoibrithe, sheas an Cuideachta Scatha Siúcra Coilíneach as tionscal siúcra Fidsí.[4] Ghlac an rialtas leas na cuideachta ar feadh deich milliún dollar.[4]

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Fidsí comhdhéanta de thrí chéad tríocha a dó oileán agus tá sé suite san Aigéan Ciúin thiar theas.[6]Sydney 1,960 míle ó Fidsí[2]. Is iad na hoileáin is mó Viti Levu agus Vanua Levu.[2]

Is é Vanua Levu an dara oileán is mó agus tá sé seasca centre chiliméadar go Viti Levu.[7] Clúdaíonn sé tríocha faoin gcéad d'achar talún Fidsí, áfach, níl ach cúig déag faoin gcéad den daonra iomlán ann.[8] Is iad na príomhbhailte ar an oileán seo ná Savusavu agus Labasa agus san oirthuaisceart tá múnlú an leithinis ó Bhá Natewa.[8]

Tá foraoisí báistí trópaiceacha dlúth ar an oileán, agus faigheann an tír-raon sléibhtiúil báisteach throm bhliantúil ar an taobh thoir theas.[8] Tá ísealchríocha ar an taobh thiar atá clúdaithe ag na beanna sléibhtiúla agus mar sin bíonn an séasúr tirim ann agus tá sé seo foirfe don barra siúcra.[8]

Cuimsíonn roinnt oileáin níos lú an dá phointe dhéag cúig faoin gcéad den achar talún atá fágtha ag Fidsí agus daonra siad sé déag in aghaidh gach seolta den daonra.[8] I measc cuid de na hoileáin bhaga seo tá; Taveuni, Oileán Kadavu, Grúpa Mamanuca, Grúpa Yasawa, Grúpa Lomaiviti agus Grúpa Lau iargúlta laistigh de Koro Sea.[7]

Tá níos mó ná caoga faoin gcéad den daonra ina gcónaí ar chóstaí Suva agus in ionaid uirbeacha eile atá níos lú.[8] Tugann tuarsóirí cuairt ar na príomh-oileáin agus na hoileán fhorbartha[8]. Meallann Oileáin Mamanuca agus Grúpa Yasawa daoine mar gheall ar na hionaid só, na sceireacha amach ón gcósta agus a dtírdhreacha trópaiceacha.[8]

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá iompar áitiúil Fidsí go maith. Cuireann sé gach rud ar fáil ó eitiltí go tacsaithe go busanna go báid farantóireachta paisinéirí.[9]

Is minic a bhíonn eitiltí in ann dul chuig Nadi agus Suva agus uathu i gceann timpeall tríocha cúig nóiméad.[10] Tá tacsaithe saor.[9]

Is é an luasteorainn náisiúnta ná 80 km/h.[10] Is féidir le daoine gluaisteáin a fhostú, ach d'fhéadfadh sé seo a bheith contúirteach do thurasóirí toisc go bhfuil roinnt bóithre i ndroch-chaoi.[10]

Oideachais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunscoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an ráta litearthachta i Fidsí ard, thart ar nócha faoin gcéad.[11] Níl an t-oideachas éigeantach, áfach, téann ochtó a cúig faoin gcéad de leanaí i Fidsí idir sé agus trí bliana déag ar bhunscoil.[12] Tá an scoil saor in aisce do dhaoine freastal uirthi agus soláthraíonn scoileann poiblí agus scoileann eaglaise í.[11] Téann daoine Fidsí agus Hiondúcha chuig scoileanna éagsúla, agus léiríonn sé seo go bhfuil deighilt pholaitiúil laistigh den tír.[11] Freastalaíonn leanaí ar an mbunscoil ar feadh ocht mbliana agus tá sé ann do leanaí ó sé bliana go ceithre bliana déag.[11] Nuair a chríochnaíonn siad an bhunscoil, faigheann siad teastas agus tugann sé sin deis dóibh an Scrúdú Meánscoile a dhéanamh.[11]

Meánscoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chun dul isteach sa mheánscoil, caithfidh mic léinn scrúdú iomaíoch a dhéanamh, agus freastalaíonn siad ar mheánscoil ar feadh cúig bliana.[13] Na mic léinn a ghnóthaíonn an scrúdú, déanann siad cúrsa trí bliana atá ann do Ardteistiméireacht Fidsí agus faigheann siad an deis dul chuig an meánscoil shinsearach freisin.[11] Nuair a dhéanann siad é seo, féadfaidh siad scrúdú Fhoirm VII a dhéanamh, agus déanann siad staidéar ar cheithre nó cúig ábhar chuige seo.[11] Ansin is féidir le mic léinn a dhéanann an scrúdú seo dul isteach san ardoideachas.[11]

Ardoideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cána Siúcra

Is é Ollscoil an Aigéin Chiúin Theas soláthraí ardoideachais.[11] Chun iontráil a fháil san ollscoil seo, teastaíonn dioplóma meánscoile ó mhic léinn agus caithfidh na mic léinn buncúrsa bliana a dhéanamh.[11] Tagann maoiniú don ollscoil seo ó na táillí scoile a chaithfidh mic léinn a íoc, maoiniú ó rialtas Fidsí agus cabhair ón Astráil, an Nua-Shéalainn, Ceanada agus an Ríocht Aontaithe freisin.[11]

Cuireann Fidsí coláistí oiliúna múinteoirí, scoileann leighis, teicneolaíochta agus talmhaíochta ar fáil freisin.[11] Sna coláistí oiliúna múinteoirí, freastalaíonn múinteoirí bunscoile ar feadh dhá bhliana agus freastalaíonn múinteoirí meánscoile ar feadh trí bliana.[11] Tá an deis acu ansin dioplóma san oideachas a fháil nó céim bhaitsiléara a dhéanamh sna healaíona nó san eolaíocht ar feadh bliana eile agus faigheann sé seo teastas iarchéime oideachais dóibh.[11]

Is féidir ceirdeanna, cúrsaí printíseachta, dioplómaí san innealtóireacht, lónadóireacht óstáin agus staidéir ghnó a dhéanamh i Scoil Pholaiteicnice Fidsí.[13] Is féidir cianfhoghlaim a dhéanamh i Fidsí freisin.[11] Tá ionad agus críochfoirt ag an tSeirbhís Síneadh Ollscoile i bhformhór na réimsí i Fidsí.[11] Ní theastaíonn cáilíochtaí ó chúrsaí neamh-chreidmheasa.[11] Ach is féidir le cúrsaí creidmheasa céimeanna nó teastais a thabhairt do mhic léinn nuair a bheidh an cúrsa críochnaithe trí sheirbhísí síneadh.[11]

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugbaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugbaí

Is foireann rathúil iad foireann an aontais rugbaí i Fidsí[14]. Sa chéad bhliain ghlac siad páirt i gCorn an Domhain a ghnóthaigh siad go dtí na cluichí ceathrú ceannais agus arís i 2007.[14] Ghlac siad páirt i gCorn Náisiún an Aigéin Chiúin IRB freisin, agus tá siad sa 11ú háit ann.[14] Is iad an fhoireann atá i réim i dTrí Náisiúin an Aigéin Chiúin.[14] Tá thar tar 80,000 imreoir aontas rugbaí i Fidsí.[14] Is gnách go n-imríonn na himreoirí is rathúla agus is láidre ó Fidsí do thíortha eile mar shampla na Nua-Shéalainne All Blacks.[14]

I gCluichí Oilimpeacha 2016, bhuaigh an fhoireann rugbaí comórtas na seacht.[14] Ba é seo a gcéad bhonn.[14]

Sacar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is spórt coitianta eile é sacar i Fidsí.[14] Tháinig an-tóir air seo mar gheall ar chabhair FIFA agus tháinig foireann Fidsí sa tríú háit i gCorn na Náisiún OFC 2008.[14] Tá Cluichí an Aigéin Chiúin buaite acu dhá uair freisin; 19991 agus 2003.[14]

Mórimeachtaí Spóirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Fidsí ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh.[14]
  • Fidsí ag Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh.[14]
  • Fidsí ag Cluichí an Chomhlathais.[14]
  • Fidsí ag Corn Rugbaí an Domhain.[14]
  • Fidsí ag Corn Domhanda Netball.[14]

Eitneachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • iTaukei - 56.8%.[15]
  • Bunscoil
    Indiach - 37.5%.[15]
  • Rotuman - 1.2%.[15]
  • Eile - 4.5%.[15]

Reiligiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Protastúnach - 45%.[16]
  • Hiondúch - 27.9%.[16]
  • Críostaí dile - 10.4%.[16]
  • Caitliceach Rómhánach - 9.1%.[16]
  • Moslamach - 6.3%.[16]
  • Sikh - 0.3%.[16]
  • Eile - 0.3%.[16]
  • Dada - 0.8%.[16]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 1.7 The Commonwealth (19/03/21). "Fiji: History". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-02. Dáta rochtana: 2021-03-23.
  2. 2.00 2.01 2.02 2.03 2.04 2.05 2.06 2.07 2.08 2.09 2.10 2.11 2.12 2.13 2.14 2.15 2.16 2.17 2.18 2.19 2.20 2.21 2.22 2.23 2.24 2.25 2.26 2.27 2.28 2.29 2.30 2.31 2.32 2.33 infoplease (19/03/21). "Info on Fiji".
  3. Frommer's (22/03/21). "Stair".
  4. 4.00 4.01 4.02 4.03 4.04 4.05 4.06 4.07 4.08 4.09 4.10 4.11 4.12 4.13 4.14 4.15 4.16 4.17 4.18 4.19 4.20 4.21 4.22 4.23 Verenaisi Raicola (20/03/21). "The history of Fiji's sugar industry".
  5. lonely planet (22/03/21). "Stair Fidsí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-12-12. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  6. Amanda Briney (23/03/21). "Tíreolaíocht".
  7. 7.0 7.1 Britannica (23/03/21). "Tíreolaíocht Fidsí".
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 8.5 8.6 8.7 travel online (20/03/21). "Fiji Geography".
  9. 9.0 9.1 "Iompar" (24/03/21).
  10. 10.0 10.1 10.2 travel online (20/03/21). "Fiji Transport". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-02. Dáta rochtana: 2021-03-23.
  11. 11.00 11.01 11.02 11.03 11.04 11.05 11.06 11.07 11.08 11.09 11.10 11.11 11.12 11.13 11.14 11.15 11.16 11.17 Jean Boris Wynn (21/03/21). "Fiji education".
  12. "Oideachas" (24/03/21).
  13. 13.0 13.1 "Oideachas" (24/03/21).
  14. 14.00 14.01 14.02 14.03 14.04 14.05 14.06 14.07 14.08 14.09 14.10 14.11 14.12 14.13 14.14 14.15 Robert Wood (21/03/21). "Sport in Fiji".
  15. 15.0 15.1 15.2 15.3 CIA World Factbook (23/03/21). "Eitneachas".
  16. 16.0 16.1 16.2 16.3 16.4 16.5 16.6 16.7 "Reiligiúin" (24/03/21).