An Mhaláiv
| Republic of Malawi (en) Charu cha Malaŵi (tum) | |||||
|
|||||
| Aintiún | Mulungu dalitsa Malaŵi | ||||
| Mana | «Unity and Freedom» «The warm heart of Africa» «Undod a Rhyddid» | ||||
| Ainmnithe in ómós | Loch na Maláive | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Príomhchathair | Lilongwe | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 17,563,749 (2018) | ||||
| • Dlús | 148.24 hab./km² | ||||
| Déamainm | Malávach | ||||
| Teanga oifigiúil | Béarla an tSiséivis Tumbuka (en) | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | an Afraic Thoir Deisceart na hAfraice Southeast Africa (en) | ||||
| Achar dromchla | 118,484 km² | ||||
| Pointe is airde | Mulanje Massif (en) | ||||
| Pointe is ísle | Abhainn Shire (37 m) | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | Commonwealth realm of Malawi (en) | ||||
| Cruthú | 6 Iúil 1964 | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Comhlacht feidhmiúcháin | Cabinet of Malawi (en) | ||||
| Comhlacht reachtach | National Assembly (en) | ||||
| • Uachtarán na Maláive | Peter Mutharika | ||||
| • Uachtarán na Maláive | Lazarus Chakwera | ||||
| Eacnamaíocht | |||||
| OTI ainmniúil | 12,602,334,124 $ (2021) | ||||
| Airgeadra | kwacha na Maláive | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Fearann Idirlín barrleibhéil | .mw | ||||
| Glaochód | +265 | ||||
| Uimhir theileafóin éigeandála | 999, 998, 997 agus 990 | ||||
| Cód tíre | MW | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | malawi.gov.mw | ||||
Is tír san Afraic í an Mhaláiv. Tá an Mhaláiv thart ar chomh mór le hÉirinn agus a leath arís.[1]
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá teorainneacha aici san iarthuaiscirt leis an tSaimbia, ó thuaidh leis an Tansáin, agus soir ó dheas, agus siar le Phoblacht Mhósaimbíc. Deighleann Loch na Maláive an tír ón Tansáin agus ó Mhósaimbíc. Tá méid na tíre níos mó ná 118,000 km ².
Is í Lilongwe an phríomhchathair. Is í Blantyre an chathair is mó sa tír.
Daonra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Meastar an daonra a bheith tuairim ar Script error: The function "main" does not exist..
Béarla is ea an teanga oifigiúil. Is teanga áitiúil í an tSiséivis a labhraíonn beagnach 60% den daonra.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iarchoilíneacht Bhriotanach í. B'é Nyasaland an seanainm a bhí uirthi. Ní fios cad as a d'eascair an t-ainm dúchasach. Tugann míniúchán amháin le fios dúinn go gciallaíonn an t-ainm "glioscarnach na Gréine agus í ag éirí thairis ar loch". Sin an fáth go bhfuil an Ghrian ar thaispeáint sa bhrat náisiúnta.
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn roinnt de mhuintir na Maláive ag brath go mór ar an bhfeirmeoireacht chun maireachtáil. Mar gheall ar an tionchar a imríonn imeachtaí adhaimsire arb é an t-athrú aeráide is cúis leo, cosúil le triomach agus tuilte, tá an fheirmeoireacht éirithe an-deacair; níl dóthain bia ag fás. Bíonn ganntanas ainsealach bia sa Mhaláiv.[1]
Tá an t-ionchas saoil an-íseal, timpeall 63.7 bliain.[2]
Éire agus an Mhaláiv
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá clár Chúnamh Éireann ag obair le rialtas na Maláive le fada chun cabhrú le feirmeoirí cur le fómhar na mbarr. Chomh maith leis sin, tacaíonn Cúnamh Éireann leis an obair a dhéanann Concern.[1]
Litríocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug J.R.R. Tolkien, údar Tiarna na bhFáinní, cuairt ar an Maláiv sna 1930idí. Síleann a lán daoine gur tírdhreach na Maláive a spreag Tolkien nuair a scríobh sé faoi na ‘Hobaid’ agus faoin ‘tSír’.[2]
Gailearaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Loch na Maláive, ag amharc ó Oileán Likoma
- Lilongwe, príomhchathair na tíre
- Sliabh Mulanje, i Réigiún an Deiscirt
- Bá Nkhata, i Réigiún an Tuaiscirt, ar bhruach Loch na Maláive
- Párlaimint na Maláive, i Lilongwe
- Ardeaglais Blantyre
- Áirse an Neamhspleáchais, leacht i mBlantyre
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Cúnamh Éireann. "ourworldirishaidawards.ie". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-10-16. Dáta rochtana: 2022.
- 1 2 Cúnamh Éireann. "ourworldirishaidawards.ie". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-10-16. Dáta rochtana: 2022.
