Athrú aeráide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAthrú aeráide
Íomhá
Cineálfeiniméan atmaisféir
saincheist timpeallachta
human impact on the environment (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisastaíocht charbóin
astú gás ceaptha teasa
astú gás ceaptha teasa de bharr talamhaíochta
dífhoraoisiú Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisapacailipsis aeráide
tonn teasa
falscaí
oighearchúlú ó 1850
adhaimsir
baol díothaithe de bharr téamh domhanda
tionchair eacnamaíochta d'athrú aeráide
Eostatacht
aigéadú aigéin
aimpliú polach
extinction event (en) Aistrigh
global warming controversy (en) Aistrigh
environmental degradation (en) Aistrigh
social inequality (en) Aistrigh
tubaiste nádúrtha
cailliúint na bithéagsúlachta
water scarcity (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide


Is fa ghéarchéim na linne seo atá an t-alt seo. Fa choinne faisnéis fa athruithe aeráide thar linnte an domhain, féach an t-alt Athrú aeráide thar na linnte

Na téarmaí athrú aeráide, téamh domhanda agus forthéamh domhanda ciallaíonn siad uilig an t-ardú i meánteocht an domhain de dheasca ardú CO₂ san aer ón Réabhlóid Thionsclaíoch i leith, agus na athraithe aeráide a eascraíonn uaidh seo, athraithe atá ag éirí i bhfad níos measa sna blianta beaga anuas.[1] De réir na heolaíochta, an duine agus a spleáchas ar ghual, ola agus gás nádúrtha is cúis leis an téamh domhanda gan stad agus an t-athrú aeráide.[2]

Tá fás i meánteocht an domhain le feiceáil leis na blianta,[3] agus athraithe aeráide dá dheasca sin. Má éiríonn an domhan níos teo, tá dainséar ann go n-athróidh sé sin cúrsaí báistí, srl agus go dtiocfaidh ardú ar leibhéal na farraige. Tá imní ar eolaithe freisin go n-éireoidh na ceantair thirime níos tirime fós, srl.

Meánteocht an domhain ag méadú idir 1900 agus 2020.
patrún ídiú fuinnimh

Athrú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó 1970 ar aghaidh ardaíodh meánteocht an domhain (an t-aer, an talamh, is an fharraige) timpeall 1 °C. I 12 bhliain den 13 bhliain 1998-2009 bhí an mheánteocht níos mó ná riamh ó tosaíodh ar dhéanamh taifead.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil an domhan ina iomláine ag fáil níos mó fuinneamh téite ón ngrian ná mar atá sé ag cailliúint trí aisradaíocht amach sa spás. Is de bharr athrú san iarmhairt cheaptha teasa ag an atmaisféar an téamh seo.[4]

Thar roinnt mílte bliain bhí cothromaíocht idir an méid teasa a ghabh an t-atmaisféar agus an méid a aisradaíodh gach bliain. Ach anois, mar thoradh ar bhreis dé-ocsaíd charbóin is meatáin (gáis cheaptha teasa) a bheith á sceitheadh san atmaisféar ag daoine, tá an tseanchothromaíocht idir ionchur is aschur teasfhuinnimh á cur as a riocht, agus an suaitheadh ag méadú in aghaidh na bliana.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhéadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith ann

  • Faoi 2050 beidh an mheánteocht ardaithe 1 °C eile ar a laghad, agus tá saineolaithe ann a bhfuil eagla orthu go mb'fhéidir go mbeidh an t-ardú chomh mór le 5-6 °C. Is baol go mbeidh torthaí cinniúnacha ar athrú mar sin: suaithfear an aimsir is an aeráid go mór ar fud an domhain.[4]
  • Beidh aimsir thaomach ann go minic, mar shampla cuaranfaí, tuilte is triomaigh. Beidh na milliúin daoine ruaigthe as réigiúin ísle na hÁise ag cuaranfaí trópaiceacha. Is baol go leathnóidh na gaineamhlaigh san Afraic, an Áise, an Astráil agus Meiriceá.
  • Leáfar cuid mhaith de na hoighearshruthanna is na hoighearchaidhpeanna ar fud an domhain, ardófar leibhéal na farraige dá bharr agus de thoradh forbartha teirmí, agus báfar cuid mhaith réigiún íseal atá plódaithe le daoine. Is baol go n-asáiteofar daonraí ollmhóra.
  • Meastar go mbeidh galair thrópaiceacha atá measartha anois, ar nós na maláire, forleathan sa domhan.[4]

Torthaí sóisialta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is deacair na torthaí sóisialta is polaitiúla uile a shamhlú, ach is féidir go mbeidh siad millteanach.[4]

Tuarascáil Measúnúcháin den Phainéal Idir-Rialtasach um Athrú Aeráide[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le 6 bliana anuas, bhí breis agus 2,000 eolaí ó breis agus 130 tír timpeall an domhain ag scríobh na meastóireachta is déanaí agus is cinnte fós maidir le hathrú aeráide. Is í seo an Cheathrú Tuarascáil Measúnúcháin den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide [PIRAA nó an IPCC] ó bhunaigh na Náisiúin Aontaithe agus an Eagraíocht Mheiteareolaíoch Dhomhanda é i 1988.

Tá sé soiléir ón tuarascáil seo a foilsíodh i bPáras ar an 4ú Feabhra 2007 nach bhfuil aon amhras anois ann ach go bhfuil athrú aeráide ag tarlú agus gurb é ardú an mhéid CO2 agus gáis eile san atmaisféar le 250 bliain anuas is ciontaí.

Tá leibhéil an CO2 san atmaisféar chomh maith leis na harduithe sna meánteochtaí domhanda níos airde anois ná am ar bith le 650,000 bliain. Ó 1850, tharla 11 de na 12 lá ba theo ó 1995. Tá an PIRAA ag tuar go n-ardófar teochtaí domhanda 3 °C eile faoi 2100. Creideann go leor eolaithe nach bhfuil againn ach 10 mbliana le polasaithe a chuir i bhfeidhm le hathrú aeráide tubaisteach a sheachaint.

Bheadh torthaí ollmhóra i gceist le hardú teochta 4 °C i dtíortha atá ag forbairt: gorta, fairsingiú fásaigh, imeacht na gcéadta speiceas, méadú ar ghalair cosúil le maláire agus tuilte ar thalamh íseal, ag cruthú na céadta milliún teifeach timpeallachta.

In Éirinn, sa ghearrthéarma ciallaíonn sé seo go mbeidh níos mó drochaimsire ann; go mbeidh sé níos fliche i rith an gheimhridh agus níos teo i rith an tsamhraidh. Ciallaíonn sé seo go mbeidh ganntanas uisce in oirthear na tíre agus tuilte san iarthar.

Má tá muid ag iarraidh arduithe leibhéal farraige tubaisteacha a sheachaint, caithfear leá na n-oighearshruth móra sa Ghraonlainn agus san Antartaice a laghdú. Má leánn ceann amháin nó an dá oighearshruth seo, ardóidh leibhéil na farraige agus beidh an chuid is mó de mhórchathracha an domhain chomh maith le tíortha ar thalamh íseal, go leor acu le daonraí arda cosúil leis An Bhanglaidéis, faoi uisce.

Tuarascáil an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (na hÉireann) 2007[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) tuarascáil maidir le hathrú aeraide in Éirinn i mí Márta 2007.

Tuarann an tuarascáil na hathruithe diúltacha seo a leanas má ardaíonn an teocht domhanda suas le 2° Celsius:

  • tuilte farraige agus abhann níos coitianta agus níos mó;
  • ganntanais uisce i rith an tsamhraidh san oirthear, gá níos mó le uisciúcháin do bharra;
  • droch-impleachtaí ar chaighdeán an uisce;
  • athruithe i ndáileadh speicis, agus roinnt speicis a theastaíonn aeráid níos fuaire uathu i gcontúirt dul in éag, mar shampla, An Ruabhreac Artach;
  • éifeachtaí ar iascach, atá goilliúnach do athruithe beaga i dteocht an uisce, mar shampla, An Trosc;
  • tinte fiáine agus inmhíolú lotnaidí níos coitianta.

Tá sé geallta go mbeidh ceantair chathrach i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh faoi uisce faoi lár an chéid seo. Dar leis an tuarascáil, tá báisteach níos troime geallta ó thús an fhómhair go deireadh an gheimhridh in iarthair na tíre. Leis sin, tá sé tuartha ag an EPA go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha eile in ndán do iarthair na hÉireann má ardaíonn teochta suas go 2° Celsius: deireadh le hiascaireacht agus feirmeoireacht bhradáin (de bharr ardú theocht na farraige), sciorrthaí portaigh/talún níos coitianta (mar go dtiocfaidh scoilteanna doimhne sna portaigh/sa talamh i rith an tsamhraidh agus líonfaidh na scoilteanna le báisteach i rith an gheimhridh), d'fhéadfadh tionscal na feamainne a bheidh i mbaol (de bharr ardú theocht na farraige). Tá stoirmeacha níos láidre tuartha chomh maith.

Páras 2015[cuir in eagar | athraigh foinse]

agóid i Washington DC, Márta 2017

Ag comhdháil faoin aeráid i bPáras i mí na Nollag 2015, gheall 195 thír go bhfeacfaidís leis nach dtiocfadh méadú níos mó ná 2°C ar theocht an domhain (i gcomparáid leis an ré réamhthionsclaíoch).[5]

Ar 1 Meitheamh 2017, d’fhógair na Stáit Aontaithe, faoi stiúir Donald Trump, a rún tarraingt siar ó chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. cogg.ie. "Eureka". Dáta rochtana: 2020.
  2. "‘Tá cliseadh na haeráide tosaithe’ – an samhradh is teo a taifeadadh riamh" (ga-IE). Tuairisc.ie (6 M.F. 2023). Dáta rochtana: 2023-09-06.
  3. Aonghus - Smaointe Fánacha Aonghusa (2010-02-08). "Lón machnamh ó Matt Hussey". aonghus.blogspot.com. Dáta rochtana: 2020-06-17.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Matt Hussey (2011`). "Fréamh an Eolais". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-10-19. Dáta rochtana: 2022.
  5. an tAontas Eorpach (2016). "Deich mbliana de dhúshláin". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-06-15. Dáta rochtana: 2022.
  6. TG4 Foghlaim. "Athrú Aeráide" (ga-IE). TG4 Foghlaim. Dáta rochtana: 2022-10-19.