Donald Trump
Ba é Donald J. Trump 45ú hUachtarán na Stát Aontaithe. Is fear gnó, infheisteoir agus pearsa teilifíse Meiriceánach é freisin.
Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Trump ar an 14 Meitheamh 1946 i Nua-Eabhrac. B'as Tunga i Leódhas in Albain a mháthair. Níor labhair sí ach Gaidhlig suas go dtí 18 bliain d’aois slánaithe aici.[1][2]
B'as an Ghearmáin tuismitheoirí a athar, cé go ndúirt Trump le blianta gurbh as an Sualainn iad.
Tógadh an Trumpach i Queens, buirg de chuid Nua-Eabhrac. Bronnadh céim bhaitsiléara san eacnamaíocht ar Trump i mí Bealtaine 1968 ó Scoil Wharton (Ollscoil Pennsylvania).
Toghchán 2016[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tar éis comórtais dhéin sna réamhthoghcháin, fuair Trump ainmniúchán na huachtaránachta ón bPáirtí Poblachtach i mí an Mheithimh 2016.[3]
Bhuaigh Trump an toghchán uachtaránachta ar 8 Samhain 2016. Vótáil níos mó daoine ar son Hillary Clinton áfach (beagnach trí mhilliún duine). Ach d’éirigh le Donald Trump an bua a fháil i níos mó stát.
Ar an 20 Eanáir 2017, ghlac compántas an rinceora aitheanta Michael Flatley, "Lord of the Dance", páirt i searmanas insealbhaithe. Creidtear go raibh suas le 250,000 duine i láthair ag an searmanas idir Cnoc an Chaipeatóil agus an Teach Bán (Obama i 2009[4], 1.8 milliún)[5].
Ar an 22 Eanáir 2017, dúirt Trump go raibh calaois toghcháin ann (trí - cúig mhilliún duine) agus mar sin, vótáil níos mó daoine ar a shon. Ach níl fianaise ann chun bunús a thabhairt don éileamh sin, a dúirt na nuachtáin[6].
Polasaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]
- An Meánoirthear
Ar 8 Nollaig 2017, d'fhógair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, go raibh na Stáit Aontaithe chun aitheantas a thabhairt feasta do Iarúsailéim mar phríomhchathair Iosrael. Mhaslaigh sé na Palaistínigh lena chuid cainte.
Trump in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cheannaigh an Trumpach cúrsa gailf in aice le Dún Beag i gContae an Chláir (Trump International Golf Links) ar an 11 Feabhra 2014. Ar an 12 Bealtaine 2014 thug sé cuairt ar Éirinn.
Sa bhliain 2017, thug Trump le fios gur mhian leis go dtabharfaí poist i gcomhlachtaí Meiriceánacha in Éirinn 'ar ais go Meiriceá.'[7]
Táinseamh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar 18 Nollaig 2019, tháinsigh Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe Trump ar dhá chúis, is é sin mí-úsáid chumhachta agus baicinníocht na Comhdhála. Chaith 230 vóta ar son an chéad chúis a chur agus 197 ina coinne; 229 vóta ar son an dara ceann agus 198 ina coinne. Ach ní raibh Seanad na Stát Aontaithe sásta dul níos faide.[8]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "FÍSEÁN: Cad a cheapann muintir Leòdhais faoi thoghadh duine de shliocht an oileáin ina Uachtarán ar SAM?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ Peter Geoghegan. "The Tiny Scottish Village That Spawned Trump" (en). POLITICO Magazine. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ Reid J. Epstein (June 16, 2015). "Donald Trump Enters 2016 Presidential Race". The Wall Street Journal
- ↑ Elle Hunt (2017-01-22). "Trump's inauguration crowd: Sean Spicer's claims versus the evidence" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ https://www.factcheck.org/2017/01/the-facts-on-crowd-size/
- ↑ Without Evidence, Trump Tells Lawmakers 3 Million to 5 Million Illegal Ballots Cost Him the Popular Vote, Washington Post, 24 Eanáir 2017
- ↑ "'Tugaigí poist in Éirinn ar ais go Meiriceá' - Uachtarán Trump" (in ga) (2017-08-16).
- ↑ "Tús á chur le triail táinsimh Donald Trump sa Seanad" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-14.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |