Ulysses S. Grant

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ulysses S. Grant
Ulysses S. Grant 1870-1880.jpg
Ceannasaí Ginearálta Arm na Stát Aontaithe

Márta 9, 1864 - Márta 4, 1869
Henry Halleck - William Tecumseh Sherman
15. Uachtarán tofa na Stát Aontaithe

Samhain 3, 1868 - Márta 4, 1869
Abraham Lincoln - Rutherford B. Hayes
Toghchán: 1868 United States presidential election (en) Aistrigh
18. Uachtarán na Stát Aontaithe

Márta 4, 1869 - Márta 4, 1877
Andrew Johnson - Rutherford B. Hayes
Toghchán: 1868 United States presidential election (en) Aistrigh, 1872 United States presidential election (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlánHiram Ulysses Grant
Eolas breithePoint Pleasant (en) Aistrigh, 27 Aibreán 1822, 1822
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Áit chónaitheNua-Eabhrac
Teanga dhúchaisan Béarla
BásWilton (en) Aistrigh, 23 Iúil 1885, 1885
Áit adhlacthaGrant's Tomb (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (ailse laraingeach)
Muintir
AthairJesse Root Grant
MáthairHannah Simpson Grant
Céile/CéilíJulia Grant  (Lúnasa 22, 1848 -  Iúil 23, 1885)
Páistí
Oideachas
Alma materAcadamh Míleata na Stát Aontaithe
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmtaiscéalaí, oifigeach míleata, scríbhneoir, polaiteoir agus státaire
Airde175 cm
Duaiseanna
BallraíochtCumann Meiriceánach na Fealsúnachta
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataArm na hAontachta
CéimGeneral of the Army (en) Aistrigh
Throid sé/sí agCogadh Cathartha na Stát Aontaithe
Cogadh Meicsiceach-Meiriceánach
Cleamhnú
ReiligiúinPreispitéireachas
Modhachas
Páirtithe polaitíochtaPáirtí Poblachtach
UlyssesSGrantSignature.svg

Ba é Ulysses S. Grant (27 Aibreán, 182223 Iúil, 1885) ceannaire fhórsaí an Aontais i gCogadh Cathartha Mheiriceá, an 18ú uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá agus laoch cogaidh. Bhí sé i bhfeidhmeannas ón 4 Márta, 1869 go dtí an 3 Márta, 1877.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ulysses Simpson Grant in Ohio. Rugadh a shin-seanathair, John Simpson, in Dergina, idir Dún Geanainn agus Baile Uí Dhálaigh, sa bhliain 1738 agus d’aslonnaigh sé in Ohio in 1760.[1]

Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Grant from West Point to Appomattox", 1885

Bhí Ulysses Grant ina ghinearál ar na fórsaí an Tuaiscirt i rith Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe.

Nuair a d'éirigh le Grant Vicksburg a shealbhú in Iúil 1863, bhí abhainn Mississippi faoi smacht an Tuaiscirt, agus críocha an Deiscirt scoilte.

Chuir Ulysses Grant sraith de chathanna fuilteacha ar Robert Lee i Virginia i rith an tsamhraidh 1864. I rith na bliana 1864, tháinig an chuma ar an scéal go raibh an cogadh ag teip ar an Deisceart, ó bhí an Tuaisceart i bhfad ní ba láidre ó thaobh na heacnamaíochta, an daonra, na tionsclaíochta, na geografaíochta, na heagraíochta polaitiúla agus an chórais iompair de.

Bhí Lee ábalta é féin a chosaint agus an-damáiste a dhéanamh do shluaite Grant, ach ní raibh saighdiúirí úra ar fáil do Lee ina n-áit siúd a básaíodh air i machaire an áir.

Sa bhliain 1865, thit an tóin as an gCónaidhm, nuair a ghéill Lee do Grant i dTeach na Cúirte in Appomattox.

Cuairt ar Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Grant cuairt ar Éirinn sa bhliain 1879. Bhí cáil dhomhanda ar na leoin i Zú Bhaile Átha Cliath. Tháinig sé chun iad a fheiceáil, i measc rudaí eile.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. An tUltach (2020-04-20). "Ar an Lá Seo: Ulysses S Grant, Uachtarán SAM - An tUltach". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-04-20. Dáta rochtana: 2020-11-21.
  2. "Remembering Ulysses S Grant and his visit to Ireland" (en). Ireland.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-08-10. Dáta rochtana: 2020-11-21.