Virginia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Virginia
Bratach stáit Virginia Séala stáit Virginia
(Bratach Virginia) (Séala Virginia)
Leasainm: Old Dominion
Suíomh Virginia
Príomhchathair Richmond
An chathair is mó Virginia Beach
Gobharnóir Terry McAuliffe (D)
Teangacha oifigiúla Béarla
Achar 110,862 km² (35ú)
 - Talamh 102,642 km²
 - Uisce 8,220 km² (7.4%)
Daonra (2010)
 - Daonra 8,001,024 (12ú)
 - Dlús daonra 69.03 /km² (14ú)
Iontráil san Aontas
 - Dáta 15 Meitheamh 1788
 - Ord 10ú
Crios ama UTC -5/-4
Domhanleithead 36°31'N - 39°37'N
Domhanfhad 5°13'W - 83°37'W
Leithead 320 km
Fad 690 km
Airde
 - An airde is mó 1,746 m
 - Meánairde 290 m
 - An airde is lú 0 m
Giorrúcháin VA, US-VA
Láithreán Gréasáin www.virginia.gov

Is stát é Virginia (go hoifigiúil, Commonwealth of Virginia nó Comhlathas Virginia) atá suite in oirdheisceart na Stát Aontaithe. Is í Richmond príomhchathair an stáit, ach is í Virginia Beach an chathair is mó.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

B'iad na Spáinnigh an chéad dream ón Eoraip a tháinig i dtír san áit a bhfuil Virginia inniu, sa bhliain 1565. D'éirigh siad mór le fear óg de threibh na bPowhatan, agus rinne siad Críostaí de. Nuair a chuaigh an tonn bhaiste air, is é an t-ainm a fuair an buachaill ná Don Luis. Thoiligh Luís aghaidh a thabhairt ar an Spáinn agus oiliúint an tsagairt a tharraingt air féin, ionas go mbeadh sé ina mhisinéir i measc a mhuintire. Nuair a d'fhill Don Luis go tír na bPowhatan sa bhliain 1570, áfach, is é an rud a rinne sé ná nósanna na Spáinneach a thréigean agus feall a imirt orthu: mharaigh na Powhatan faoi cheannas Don Luis ochtar Íosánach a bhí ina misinéirí sa réigiún. Nuair a chuala rí na Spáinne iomrá air seo, chuir sé fórsa sluaíochta go tír na bPowhatan le díoltas a imirt ar na bundúchasaigh. Chroch na saighdiúirí Spáinneacha daoine de na cogaithe a bhí páirteach sa dúnmharú, ach níor tháinig siad riamh ar Don Luis. Creidtear gurbh ionann Don Luis agus Opechancanough, taoiseach a bhí i gceannas ar chónaidhm na bPowhatan nuair a tháinig na coilínithe ó Shasana lena n-áitreabh féin a bhunú i Virginia.

D'éirigh na Spáinnigh as a gcuid iarrachtaí coilínithe i ndiaidh fheillbheart Don Luís. Sa bhliain 1584, rinne Sior Walter Raleigh an chuid seo de chósta thoir Mheiriceá Thuaidh a thaiscéaladh, agus baisteadh "Virginia" ar an réigiún toisc go raibh Éilís a hAon, an Virgin Queen nár phós riamh, ag rialú Shasana san am. Sa bhliain 1607, bhunaigh an Captaen Christopher Newport agus an Captaen John Smith an chéad choilíneacht Shasanach i Virginia, ar ar tugadh Jamestown, in ómós do Shéamus a hAon.

Iarphálás an ghobharnóra i Williamsburg, príomhbhaile Virginia 1699–1780

B'é Jamestown an chéad phríomhchathair a bhí ag Virginia. Sa bhliain 1698, i ndiaidh dhóiteán Áras an Stáit i Jamestown, chaill an chathair an chéimíocht seo, agus rinneadh príomhchathair nua de Middle Plantation, a fuair an t-ainm nua Williamsburg in ómós don Rí Uilliam a Trí, nó "Bullaí", is é sin, Liam Oráisteach.

Ar an 12 Meitheamh 1776, d'eisigh lucht rialtais Virginia Forógra na gCeart, doiciméad a raibh an-tionchar aige ar ar Bhille na gCeart agus ar Bhunreacht na Stát Aontaithe. Ar an 29 Meitheamh, d'fhógair siad neamhspleáchas ar an mBreatain Mhór, mar Chomhlathas Virginia. Bhí Patrick Henry ar an chéad Ghobharnóir ar Virginia, ach sa bhliain 1779, tháinig Thomas Jefferson i gcomharbas air. D'aistrigh Jefferson feidhmeanna na príomhchathrach go Richmond, ó bhí eagla air go bhféadfadh na Sasanaigh Williamsburg a ionsaí ón bhfarraige.

I bhFómhar na bliana 1781, cuireadh Cath Yorktown i Virginia, a chinntigh neamhspleáchas d'iar-choilíneachtaí na Breataine Móire san Oileán Úr. B'é George Washington a bhí i gceannas ar na fórsaí Meiriceánacha sa chath tábhachtach seo.

Le linn Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe, bhí Virginia ar ceann de stáit an Deiscirt a fuair scarúint ón Aontas agus a rinne iarracht a gCónaidhm féin a bhunú. D'fhógair Virginia neamhspleáchas ar an 17 Aibreán 1861, agus chuaigh sí sa Chónaidhm i Meitheamh na bliana céanna. Sa bhliain 1863, d'fhág ocht gcontae is dhá scór in iarthuaisceart an stáit slán ag Virginia le stát nua a chur ar bun - Virginia Thiar. Bhí Richmond ina príomhchathair ag an Deisceart le linn an chogaidh chathartha, agus cuireadh an chuid ba mhó de chathanna an chogaidh i Virginia. Mar sin, rinneadh an-damáiste don stát seo le linn an chogaidh.

Contaetha i Virginia[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bailte i Virginia[athraigh | athraigh vicithéacs]

Virginia Beach sa bhliain 2009



Stáit Aontaithe Mheiriceá Bratach
Stáit: Alabama | Alasca | Arizona | Arkansas | California | Carolina Theas | Carolina Thuaidh | Colorado | Connecticut | Dakota Theas | Dakota Thuaidh | Delaware | Florida | Georgia | Haváí | Idaho | Illinois | Indiana | Iowa | Kansas | Kentucky | Louisiana | Maine | Maryland | Massachusetts | Michigan | Minnesota | Mississippi | Missouri | Montana | Nebraska | Nevada | New Hampshire | New Jersey | Nua-Mheicsiceo | Nua-Eabhrac | Ohio | Oklahoma | Oregon | Pennsylvania | Oileán Rhode | Tennessee | Texas | Utah | Vermont | Virginia | Virginia Thiar | Washington | Wisconsin | Wyoming