Bhí 3,831,074 duine ina gcónaí in Oregon sa bhliain 2010 de réir dhaonáireamh na bliana úd,'s é sin 15.4 duine sa chiliméadar cearnach. 'S é Oregon an 27u stát is mó ó thaobh daonra de agus an 39u stát ó thaobh a achair.
In iardheisceart Oregon, i gContae Douglas, tá cathair bheag darb ainm Riddle. Is dócha go raibh caidreamh maith ag na hÉireannaigh leis an áit na blianta ó sin, ós rud é go dtugtar The Irish - "Na hÉireannaigh" - ar fhoireann na peile Meiriceánaí atá á reachtáil ag ardscoil an bhaile. Sa bhliain 2000, mhaigh níos mó ná duine as gach deichniúr sa chathair go raibh fréamha Éireannacha de chineál éigin acu.[1].
Tonnta an Aigéin Chiúin ag bualadh chósta Oregon, ag féachaint ó dheas ó Pháirc Ecola