Ohio
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
| State of Ohio (en) | |||||
|
|||||
| Aintiún | Beautiful Ohio (1969) | ||||
| Mana | «With God, all things are possible» (1 Deireadh Fómhair 1959) | ||||
| Siombail oifigiúil | Cairdinéal tuaisceartach | ||||
| Leasainm | The Buckeye State | ||||
| Ainmnithe in ómós | Ohio | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
| Príomhchathair | Columbus | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 11,799,448 (2020) | ||||
| • Dlús | 101.64 hab./km² | ||||
| Líon na dteaghlach | 4,717,226 (2020) | ||||
| Teanga oifigiúil | luach ar iarraidh | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | Meániarthar na Stát Aontaithe na Stáit Aontaithe comhtheagmhálacha | ||||
| Achar dromchla | 116,096 km² | ||||
| • Uisce | 8.85 % | ||||
| Imeallbhord | luach ar iarraidh | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Ohio agus Loch Erie | ||||
| Airde | 260 m | ||||
| Pointe is airde | Campbell Hill (en) | ||||
| Pointe is ísle | Ohio | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Cruthú | 1 Márta 1803 | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Comhlacht reachtach | Comhthionól Ginearálta Ohio | ||||
| • Gobharnóir Ohio | Mike DeWine (2019–) | ||||
| Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach Ohio | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Cód ISO 3166-2 | US-OH | ||||
| ID GNIS | 1085497 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | ohio.gov | ||||
Stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá is ea Ohio, agus é ina nasc idir dhá réigiún na tíre, is iad sin an meániarthar agus an t-oirthuaisceart. I dtéacsleabhair scoile Mheiriceá, áirítear é mar stát an Oirthuaiscirt. Tá Ohio ag críochantacht le Michigan, Indiana, Pennsylvania, Virginia Thiar, agus Kentucky. Tá Loch Erie ar a taobh thuaidh.
As na 50 stát de chuid SAM, is é an 34ú stát is mó de réir achair é. Le daonra de bheagnach 11.9 milliún, is é Ohio an seachtú stát is mó daonra agus an deichiú stát is dlúithe daonra. Is é Columbus a phríomhchathair agus an chathair is mó daonra, le hionaid chathrach mhóra eile lena n-áirítear Cleveland agus Cincinnati, chomh maith le Dayton, Akron, agus Toledo. Tugtar an leasainm "Buckeye State" ar Ohio i ndiaidh a chrainn Aesculus glabra, agus tugtar "Ohio buckeye" ar i mBéarla freisin.
Faigheann Ohio a ainm ón Abhainn Ohio a chruthaíonn teorainn theas an stáit, arna ainmniú féin ón bhfocal Seneca ohiːyo', a chiallaíonn "abhainn mhaith", "abhainn mhór", nó "góilín mór". Bhí roinnt sibhialtachtaí dúchasacha ársa sa stát, agus daoine ina gcónaí ann chomh luath le 10,000 RC.". D'eascair Ohio as na tailte siar ó na Sléibhte Apaláiseacha a raibh treibheanna dúchasacha éagsúla agus coilínigh Eorpacha ag troid ina leith ón 17ú haois trí Chogaí Indiacha an Iarthuaiscirt ag deireadh an 18ú haois. Baineadh Ohio amach ón Críoch Thiar Thuaidh, an chéad teorainn de na Stáit Aontaithe nua, agus é ar an 17ú stát a ligeadh isteach san Aontas ar an 1 Márta, 1803, agus an chéad cheann faoi 'Reacht an Iarthuaiscirt' ( Northwest Ordinance). Ba é an chéad saorstát iarchoilíneach a ligeadh isteach san aontas agus bhí sé ar cheann de na chéad chumhachtaí tionsclaíocha ba thábhachtaí agus ba mhó tionchar le linn an 20ú haois.
Úsáidtear an giorrúchán 'OH' don phost.
Daonra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Columbus, ata suite i lár an stáit, an phríomhchathair. Tá breis is 11 milliún duine ina gcónaí in Ohio. Tagann an t-ainm ón Iroquois: ohi-yo’, a chiallaíonn "abhainn mhór". "The Buckeye State" an leasainm atá air as cineál crainn a fhásann ann. "Ohioans" nó "Buckeyes" a thugtar ar mhuintir Ohio.
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá tábhacht pholaitiúil ag baint le Ohio i dtoghcháin náisiúnta os rud é nach féidir le ceachtar de mhórpháirtithe na tíre brath ar an mbua a fháil ann, ní hionann lena lán stát eile.
Contaetha in Ohio
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cathracha is mó daonra
[cuir in eagar | athraigh foinse]
| Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
|---|---|---|---|
| |||
| Is síol faoi thíreolaíocht Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
