Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cogadh Cathartha SAM)
Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe
Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe
Dáta: 12 Aibreán, 18619 Aibreán, 1865
Áit: SAM (An deisceart den chuid is mó)
Toradh: Bua ag an tAontas. Toirmeasc ar an sclábhaíocht. Thosaigh Ré na hAtógála.
Céilí comhraic
An tAontas (SAM) An Chónaidhm
Ceannasaithe
Abraham Lincoln
Andrew Johnson
Ulysses S. Grant
... srl ...
Jefferson Davis
Robert E. Lee
Thos. "Stonewall" Jackson
... srl ...
Slua
2,200,000 1,064,000
Taismigh
Básanna: 360,000. Gortaithe: 275,200. Básanna: 260,000. Gortaithe: 137,000+.

Cogadh ab ea Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe (18611865) a cuireadh taobh istigh de Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is gnách "an Tuaisceart" agus "an Deisceart" a thabhairt ar dhá thaobh an chogaidh, sin nó "an tAontas" agus "an Chónaidhm". Is é is bunús leis na hainmneacha seo ná gurbh iad na 23 stát ar thaobh an Tuaiscirt na cinn a chloígh le bunreacht na Stát Aontaithe, agus gur scar an t-aon stát déag eile ón Aontas seo sna blianta 1860-1861 le poblacht fheidearálach nua, mar atá, "Stáit Chónaidhmthe Mheiriceá" nó an Chónaidhm a fhógairt in éineacht.

Mar is dual do na cogaí cathartha, rinne an cogadh seo an-sléacht ar na Meiriceánaigh ar an dá thaobh, agus ghoin sé an tír go tromchúiseach. Fuair níos mó Meiriceánaigh bás sa chogadh seo ná in aon chogadh eile inar ghlac SAM páirt. B'é Jefferson Davis a bhí i gceannas ar an gCónaidhm, agus Abraham Lincoln ina Uachtarán ar an Tuaisceart.

Cúiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go ginearálta, b'é ba chúis leis an gcogadh ná an daoirse agus cearta na stát. Theastaigh ón Deisceart an daoirse a dhéanamh níos fairsinge sna Stáit Aontaithe beag beann ar an gconradh - Comhréiteach Missouri - a bhí sínithe ag lucht ionadaíochta an dá chineál stát, iad siúd a bhí in aghaidh na daoirse agus iad siúd a cheadaigh í, sa bhliain 1820. Thairis sin, bhí stáit an Deiscirt go tréan ag cur in iúl go raibh na stáit i dteideal slán a fhágáil ag an rialtas feidearálach agus ag na Stáit Aontaithe ar fad. Bhí lucht an Aontais dianbharúlach, áfach, nach raibh ceart scarúna ag na stáit ar aon nós. Mar sin, d'éirigh ina chogadh eatarthu.

Tús an chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh na cathanna ar an 12 Aibreán 1861 ag Fort Sumter, dún cogaidh de chuid an Rialtais (sa chomhthéacs seo, is ionann an Rialtas agus an Tuaisceart) a bhí suite in aice le Charleston i gCarolina Theas. Neascóid ar bhrollach an Deiscirt ab ea an dún sin, agus mar sin, thosaigh siad á bhombardú le sliogáin airtléire le saighdiúirí an Tuaiscirt a ruaigeadh as. D'éirigh leo an dún a shealbhú gan an iomarca fola a dhoirteadh, ach ina dhiaidh sin, bhí ina chogadh idir an dá thaobh.

I rith an chéad bhliain chogaidh, chuaigh an tAontas i seilbh na stát "idir eatarthu" - Delaware, Kentucky, Maryland, Missouri, agus Virginia Thiar. Thairis sin, cuireadh imshuí cabhlaigh i bhfeidhm timpeall na stát Deisceartacha le féachaint chuige nach bhfaighidís tráchtearraí ná lón cogaidh ón gcoigríoch. San am céanna, bhí an dá thaobh ag earcú agus ag druileáil sluaite síoraí de shaighdiúirí. Níor thosaigh na cathanna móra ach sa bhliain 1862. Bhí an bás ag siúl ar na saighdiúirí go gránna, ó nach raibh na harmálacha nua ag teacht leis na seanchleasanna oirbheartaíochta. I Mí Mheán Fómhair na bliana 1862, d'eisigh Lincoln an Forógra um Shaoradh ó Bhráca, rud a chiallaigh go raibh sé meáite ar a saoirse a thabhairt do na Gormaigh sa Deisceart, mar cheann de chuspóirí an chogaidh. Bhí freasúra an Tuaiscirt, na "Cloigne Copair" (the Copperheads) an-mhíshásta leis an Saoradh ó Bhráca, ó bhí siadsan den bharúil nárbh fhiú don Tuaisceart an daoirse a chur de dhroim an tsaoil ná na stáit aonair a dhiúltú faoi cheart na scarúna. Nuair a bhí an Saoradh ó Bhráca foilsithe, bhí sé ní b'éadóchúla go gcuirfeadh Sasana agus an Fhrainc ladar sa chogadh le cuidiú leis an Deisceart. Bhí na stáit idir eatarthu agus an chuid den Pháirtí Dhaonlathach a bhí ag tacú leis an gcogadh sásta glacadh leis an saoradh ó bhráca mar chuid den chogaíocht uileghabhálach a bhí de dhíth leis an Aontas a shábháil.

Cath Gettysburg, 1863.

Gettysburg[cuir in eagar | athraigh foinse]

San Oirthear, chuaigh an ginearál Deisceartach Robert E. Lee i gceannas ar Arm Virginia Thuaidh, agus d'éirigh leis bua i ndiaidh bua a bhreith ar Arm Potomac. Ansin, áfach, maraíodh Stonewall Jackson, an ginearál ba chumasaí a bhí ag Lee, i gcath Chancellorsville i mBealtaine 1863. D'fhéach Lee leis an Tuaisceart a ionsaí, ach ansin, stopadh an t-ionradh i gCath Gettysburg in Iúil 1863, agus is ar éigean a d'éirigh le Lee éalú go Virginia.

Abraham Lincoln - Gettysburg - 19 Samhain 1863

Ghabh loingeas cogaidh an Tuaiscirt cuan Nua-Orleans sa bhliain 1862, agus nuair a d'éirigh le hUlysses Grant Vicksburg a shealbhú in Iúil 1863, bhí abhainn Mississippi faoi smacht an Tuaiscirt, agus críocha an Deiscirt scoilte.

Ar an 19 Samhain, 1863 thug Abraham Lincoln óráid mór le rá, ar a dtugtar Aitheasc Gettysburg.

Deireadh an chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ulysses S. Grant.

I rith na bliana 1864, tháinig an chuma ar an scéal go raibh an cogadh ag teip ar an Deisceart, ó bhí an Tuaisceart i bhfad ní ba láidre ó thaobh na heacnamaíochta, an daonra, na tionsclaíochta, na geografaíochta, na heagraíochta polaitiúla agus an chórais iompair de. Chuir Ulysses Grant sraith de chathanna fuilteacha ar Lee i Virginia i rith an tsamhraidh 1864. Bhí Lee ábalta é féin a chosaint agus an-damáiste a dhéanamh do shluaite Grant, ach ní raibh saighdiúirí úra ar fáil do Lee ina n-áit siúd a básaíodh air i machaire an áir.

B'éigean dó cúlú go trinsí timpeall ar phríomhchathair an Deiscirt, Richmond i Virginia. Idir an dá linn, bhí Atlanta i Georgia gafa ag an nGinearál William Tecumseh Sherman. Mháirseáil trúpaí Sherman trí Georgia go dtí an cósta, agus rinne siad léirscrios ar chrios a bhí céad go leith ciliméadar ar leithead.

Sa bhliain 1865, thit an tóin as an gCónaidhm, nuair a ghéill Lee do Grant i dTeach na Cúirte in Appomattox. De réir mar a bhí leagtha amach san Fhorógra um Shaoradh ó Bhráca, fuair gormaigh an Deiscirt go léir saoirse.

Toradh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimhneacháin, Irish Brigade, cath Antietam, Maryland.

I ndiaidh an chogaidh, thosaigh "Ré na hAtógála" (Béarla: Reconstruction). Cuireadh cumhacht an Aontais i bhfeidhm ar an Deisceart arís, fiú ar dhóigheanna nár thaitin le muintir an Deiscirt ar aon nós. Mar sin, cnámh spairne í an Atógáil inniu féin.

Rinne an cogadh an-dochar do na Stáit Aontaithe, nó fuair timpeall is 970,000 duine — nó 3 % den daonra — bás. Saighdiúirí ab ea beirt as gach triúr a básaíodh, agus galar éigin ba thrúig bháis do bheirt as gach triúr saighdiúirí a cailleadh. Rinne an cogadh seo eirleach níos mó ar mhuintir na Stát Aontaithe ná na cogaí eile dár chuir siad, fiú má chuirtear taismigh na gcogaí sin le chéile. Inniu féin, is ábhar conspóide é an cogadh féin, na cúiseanna a luaitear leis agus, fiú, na hainmneacha a thugtar air.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]