Abraham Lincoln

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Abraham Lincoln
Abraham Lincoln

16ú Uachtarán
Leasuachtarán: Hannibal Hamlin (1861-1865); Andrew Johnson (1865)
I bhfeidhmeannas: 4 Márta, 1861
15 Aibreán, 1865
Réamhtheachtaí: James Buchanan
Comharba: Andrew Johnson

Dáta breithe: 12 Feabhra, 1809
Áit bhreithe: Contae Hardin, Kentucky
Dáta báis: 15 Aibreán, 1865
Áit bháis: Washington, D.C.
Céile: Mary Todd Lincoln
Páirtí polaitíochta: Poblachtach
Síniú
Abraham Lincoln Signature.svg

B'é Abraham Lincoln (12 Feabhra, 180915 Aibreán, 1865) a bhí ar an séú hUachtarán déag ar na Stáit Aontaithe[1]. Bhí sé i bhfeidhmeannas ó 4 Márta, 1861 go dtí an 15 Aibreán, 1865. B'eisean an chéad uachtarán ón bPáirtí Poblachtach. Lena linn, chuaigh scoilt ar an tír faoi chearta na stát agus faoi cheist na daoirse. Sa deireadh, thréig cuid de na daorstáit sa Deisceart na Stáit Aontaithe go hiomlán, le stáit aontaithe eile, nó an Chónaidhm, a bhunú.

Phléasc cogadh cathartha idir an dá thaobh, agus thug Lincoln féin a bheatha sa choimhlint.

Na blianta cogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litir David Wills a thug cuireadh do Abraham Lincoln cúpla focal a rá, i mí Mheán Fómhair, 1862, ag tabhairt dá aire gurbh é Edward Everett a thabharfadh an óráid.

I Mí Mheán Fómhair, 1862, d'eisigh Lincoln an Forógra um Shaoradh ó Bhráca, rud a chiallaigh go raibh sé meáite ar a saoirse a thabhairt do na Gormaigh sa Deisceart, mar cheann de chuspóirí an chogaidh. Meastar anois go bhfuil sí ar cheann de na móróráidí is fearr a tugadh riamh i stair Mheiriceá.

Ar an 19 Samhain, 1863 thug Lincoln óráid ar a dtugtar Aitheasc Gettysburg. (Nó an Gettysburg Address i mBéarla). Féach anseo. Thuill óráid Abraham Lincoln ─ a cuireadh i dtoll a chéile le dúthracht ─ ardmheas ar an lá in ainneoin nárbh í príomhóráid an lae í.

Ar an 4 Márta 1865, thug Abraham Lincoln an dara aitheasc tionscnaimh leis, ag cur tús lena dara téarma mar uachtarán na Stát Aontaithe. Bhí John Wilkes Boothe, a d'fheallmharaigh é ní ba dhéanaí, sa slua.

4 Márta 1865: Thug Abraham Lincoln an dara aitheasc tionscnaimh leis. Bhí John Willkes Boothe sa slua.

Feallmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí an Cogadh na gCarad beagnach críochnaithe, d'fheallmharaigh duine de lucht leanúna an Deiscirt an tUachtarán in amharclann.

Feallmharú Lincoln

Ar an 26 Aibreán 1865, lámhachadh John Wilkes Booth, feallmharfóir Lincoln.

Ceapadh Andrew Johnson mar Uachtarán i ndiaidh feallmharaithe Abraham Lincoln sa bhliain 1865.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Lincoln, le Seán TÓIBÍN (aistriúchán ar Abraham Lincoln le John Drinkwater) (1944)