Rialtas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas rialaithe ina bhfuil grúpa daoine ceaptha chun tír a rialú is ea rialtas.

Bíonn cumhacht ag rialtas rialacháin agus reachtaíocht a fheidhmiú agus a fhorghníomhú in eagraíochtaí nó i ngrúpaí shibhialta, chorparáideacha, reiligiúnda, agus acadúla.

Go hiondúil, bíonn rialtas comhdhéanta de leibhéil éagsúla, lena n-áirítear rialtas áitiúil, rialtas réigiúnach, agus rialtas náisiúntalárnach.

Sonra ó Elihu Vedder, Rialtas (1896). Leabharlann Congress, SAM Foirgneamh Thomas Jefferson, Washington, D.C.

Cineálacha rialtas[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ainrialtacht — easpa nó ceal rialtais.
  • Daonlathas — rialú rialtais ina mbíonn cumhacht ag na daoine agus iad i gcumhacht. Is féidir leo féin (daonlathas díreach) nó a n-ionadaithe (daonlathas ionadaíoch), bheith i gcumhacht.
  • Comhshochaíocht Daonlathas comhshochaíochtúil ina mbíonn ionadaíocht ráthaithe ag grúpaí mionlaigh. Is minic a moltar an cineál rialtais seo chun coinbhleacht a réiteach, i gcásanna ina mbíonn sochaithe scoilte go domhain. Féachtar ar an téarma "cumhachtroinnt" mar théarma comhchiallach, cé go teicniúil níl ann ach cineál amháin den cumhachtroinnte.
  • Forlámhas — duine amháin ag rialú, agus na daoine ina ngéillsinigh nó ina sclábhaithe aige/aici.
  • Deachtóireacht — duine uilechumhachtach ag rialú na tíre.
  • Monarcacht — duine amháin ag rialú agus a bhfuair an ról trí oidhreacht. Beidh a pháiste/paiste is sine ina léiroidhre.
  • Olagarcacht — grúpa beag daoine leis an suim chéanna acu nó atá gaolta lena chéile i gceannais.
  • Plútacratachas — rialú i lámha an lucht rachmais.
  • Dialathas — rialú i lámha scothghrúpa reiligiúnach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]