Cath Gettysburg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cath Gettysburg

Cuireadh Cath Gettysburg, ar an 1–3 Iúil, 1863, timpeall ar bhaile mór Gettysburg, Pennsylvania, idir fórsaí an Tuaiscirt agus an Deiscirt i rith Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe. Sháraigh an cath seo cathanna eile an chogaidh ó thaobh na saighdiúirí a fuair bás, agus glactar leis gur de thoradh an chatha seo a thosaigh an cogadh ag éirí leis an Tuaisceart. Ba é an Maor-Ghinearál George Meade a bhí i gceannas ar thrúpaí an Tuaiscirt, mar atá, Arm an Potomac, agus chuir sé deireadh leis an ionsaí a bhí ar cois ag Robert Lee agus na trúpaí faoina cheannas-san, mar atá, Arm Virginia Thuaidh.

I ndiaidh an cath a bhriseadh ar an Tuaisceart in aice le Chancellorsville, Bealtaine 1863, bhí Lee ag déanamh a bhealaigh trí Ghleann Shenandoah le tús a chur leis an dara hionsaí ar an Tuaisceart, ar a dtugtar Feachtas Gettysburg. Bhí a chuid trúpaí ar bharr na gaoithe, agus theastaigh uaidh súil an tsaoil mhóir a tharraingt ón léirscrios a bhí déanta ar Thuaisceart Virginia. Bhí dóchas aige go n-éireodh leis teacht a fhad le Harrisburg nó fiú le Philadelphia, ionas nach mbeadh an dara rogha ag polaiteoirí an Tuaiscirt ach scor den chogaíocht agus síocháin a shocrú leis an Deisceart. Bhí an tUachtarán Abraham Lincoln ag cur brú ar an Maor-Ghinearál Joseph Hooker trúpaí Lee a leanúint, ach trí lá roimh an gcath bhain sé an ceannas de Hooker agus chuir sé Meade ina áit.

Chuaigh an dá shlua cogaidh i dteagmháil le chéile an chéad uair ar an 1 Iúil 1863, nuair a bhí Lee ag comhchruinniú a chuid trúpaí ansin faoi dheifir, agus é meáite ar chath ceart a chur ar arm an Tuaiscirt le léirscrios a dhéanamh air. Na dromanna ísle taobh thiar thuaidh den chathair ba iad an Briogáidire-Ghinearál John Buford agus a rannán marcshlua á gcosaint i dtús an chatha, ach ansin tháinig dhá chór cos-slua de chuid an Tuaisicrt chun fóirithinte chucu. Ansin áfach d'ionsaigh dhá chór móra de chuid a naimhde iad ón taobh thiar thuaidh agus ón taobh thuaidh, agus ansin b'éigean do thrúpaí an Tuaiscirt a línte cosanta a thréigean agus cúlú a dhéanamh trí shráideanna an bhaile mhóir go dtí na cnoic a bhí suite díreach taobh theas den chathair.

Ar an dara lá den chath bhí an chuid ba mhó den dá arm i láthair. Chuir an Tuaisceart ar bun líne chosanta a bhí cosúil le duán iascaigh. Ar an 2 Iúil, nuair a bhí an tráthnóna ag teannadh chun deireanais, d'ionsaigh Lee taobh clé an Tuaiscirt go trom, agus bhí ina chogadh dhearg ag Little Round Top, Wheatfield, Devil's Den agus Peach Orchard. Ar an taobh deis, ní raibh an Deisceart ar dtús ach ag cur a chuid fórsaí in iúl, ach de réir a chéile thosaigh ionsaí ceart ar an taobh sin féin, go háirithe ar Cemetery Hill agus ar Culp's Hill. Chaill an Tuaisceart a lán saighdiúirí sa troid seo, ach ansin féin níor chúlaigh trúpaí an Tuaiscirt óna gcuid línte cosanta.

Ar an tríú lá thosaigh an troid ar Chulp's Hill arís, agus bhí marcshlua an dá thaobh ag cur catha ar a chéile anseo agus ansiúd, ach thar aon rud eile rinne 12,500 saighdiúir de chuid an Deiscirt faoi cheannas an Mhaor-Ghinearáil George Pickett iarracht lár líne chosanta an Tuaiscirt a bhriseadh ar Cemetery Hill. Chuir gunnaí móra agus raidhfilí an Tuaiscirt stop leis an ionsaí seo, agus cailleadh cuid mhór saighdiúirí de chuid an Deiscirt.

I ndiaidh an chatha b'éigean do Lee agus d'iarsmaí a chuid trúpaí filleadh go Virginia. Bhí leathchéad míle fear ón dá thaobh tar éis bháis de thoradh an chatha.

Ar an 10 Samhain choisric an tUachtarán Lincoln reilig chogaidh dóibh siúd a maraíodh timpeall ar Gettysburg, agus chuaigh an óráid - Aitheasc Gettysburg - a thug sé ag an ócáid i dtáin na staire.