Cath

Is éard is cath ann ná troid idir dhá arm nó dhá aonad mhíleata, beag beann ar an líon saighdiúirí.[1] Tá an focal sa Ghaeilge le fada, fiú sa tSean-Ghaeilge.[2] Go minic, is éard atá i gceist ná comhrac atá soiléir ó thaobh fad ama, limistéir, agus thiomantas na bhfórsaí.[3] Mar sin féin, úsáidtear an téarma ar fheachtas míleata ina iomláine freisin, mar a dhéantar i gcás Cath na Breataine, Cath Stalingrad, Cath na Boilsce, srl. Tugtar scirmis ar chomhrac teoranta gan toradh soiléir air.
Cathanna Clúiteacha in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Cath Chill Ala
- Cath Chionn tSáile
- Cath Chluain Tarbh
- Cath Chnoc Dhongan
- Cath Lios Cearúill
- Cath na Bóinne
- Cath na Teamhrach
- Cath Thoraí
- Cath Chnoc Tua
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag., ed. (1991). "An Foclóir Beag: cath". Teanglann.ie. Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1857913644. Aisghafa 2023-05-09.
- ↑ "eDIL 2019: An Electronic Dictionary of the Irish Language, based on the Contributions to a Dictionary of the Irish Language". Baile Átha Cliath: Acadamh Ríoga na hÉireann. 1913–1976. Aisghafa 2023-05-09.
- ↑ p.65, Dupuy