Acadamh Ríoga na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Bosca Sonraí EagraíochtaAcadamh Ríoga na hÉireann
RIA logo.png
Academy House.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí bunúsacha
Cineál acadamh na n-eolaíochtaí
acadamh náisiúntach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh 1785
Bunaitheoir(í) James Caulfeild, 1st Earl of Charlemont (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Figiúirí suntasacha
Ioncam iomlán 5,393,234 € (2018) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáin ria.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: RoyalIrishAcademy Twitter: RIAdawson

Is acadamh do lucht léinn na hÉireann é Acadamh Ríoga na hÉireann (Béarla: Royal Irish Academy). Is ag an Acadamh seo atá ceann de na bailiúcháin is mó de láimhscríbhinní Gaeilge ar domhan. Tá litríocht agus timpeallacht na hÉireann mar chúraim faoi leith ag an Acadamh.

D'fhoilsigh an tAcadamh an Dictionary of the Irish Language, faoi eagarthóireacht E.G. Quin, sa bhliain 1984. Cé go bhfuil a leithéid d'ainm ar an bhfoclóir, is iad an tSean- agus an Mheán-Ghaeilge príomhábhair an fhoclóra.

Tá an tAcadamh ag obair ar ollfhoclóir Nua-Ghaeilge, Foclóir na Nua-Ghaeilge (FNG) faoi eagarthóireacht Úna Uí Bheirn, i láthair na huaire.

Foilsíonn an tAcadamh an iris Irish Studies in International Affairs Curtha i gcartlann 2007-06-10 ar an Wayback Machine gach bliain chomh maith. Baineann an foilseachán seo le caidreamh idirnáisiúnta, go háirithe le gnóthaí eachtracha na hÉireann.

Foilsíonn an t-Acadamh Ériu, iris acadúil faoi theanga na Gaeilge.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]