Jump to content

Foclóir Stairiúil na Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharFoclóir Stairiúil na Gaeilge
Cineálfoclóir stairiúil agus foclóir Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánÉire
EagarthóirCharles Dillon Cuir in eagar ar Wikidata

Is tionscadal foclóireachta don Nua-Ghaeilge é Foclóir Stairiúil na Ghaeilge, atá idir lámha ag Acadamh Ríoga na hÉireann faoi stiúir Charles Dillon.[1]

Séala Acadamh Ríoga na hÉireann

Bailíodh focail ó fhoinsí a scríobhadh idir 1600 agus 1882. Foilsíodh an t-ábhar sin i leabhar agus ar dhlúthdhiosca dar teideal Corpas na Gaeilge 1600-1882.[2] Táthar ag scanadh ábhar ó 1882 i leith ón mbliain 2005 amach in aonad speisialta ar an gCarraig, Co. Dhún na nGall.

19 milliún focal Gaeilge a bhí sa chorpas nuair a cuireadh ar fáil é in 2019. Bhí 90 milliún focal Gaeilge ann cúpla bliain níos déanaí.[3]

Tabharfar míniú stairiúil ar na focail agus cuntas ar na hathruithe a tháinig orthu i gcaitheamh an ama idir 1600 agus 2000. Ar na téacsanna i gcorpas stairiúil na Gaeilge, tá leithéidí An Claidheamh Soluis, a d’fhoilsítí ó 1899 go 1931, An Lóchrann, a d’fhoilsítí ó 1907 go 1927, Aithdioghluim Dána I, 1940, agus foilseacháin eile a bhaineann le haimsir Athbheochan na Gaeilge chomh maith le leabhair agus téacsanna eile atá i bhfad níos sine, leithéidí As ait leam stáid-bhean sgiamhach, a foilsíodh i 1630.

Foclóirí eile

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimsíonn an Dictionary of the Irish Language Based Mainly on Old and Middle Irish Materials (Acadamh Ríoga na hÉireann, 1983, Athfhoilsithe 1998, 2007) an tréimhse a fhad le 1600/1650 nó mar sin.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Foclóir Stairiúil na Gaeilge". Royal Irish Academy (2024-04-30). Dáta rochtana: 2025-06-23.
  2. "Corpas Na Gaeilge 1600 -1882: The Irish Language Corpus" (en). Royal Irish Academy. doi:ISBN:9780954385545. Dáta rochtana: 2025-06-22.
  3. "90 milliún focal Gaeilge le cnuasach ar líne agus maoiniú á fhógairt d’Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-08-20). Dáta rochtana: 2025-06-22.
  4. "About the Historical Dictionary of Irish". Royal Irish Academy (2024-04-30). Dáta rochtana: 2025-06-23.