Contae Dhún na nGall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Contae Dhún na nGall
Island of Ireland location map Donegal.svg
Achar: 4,841 km²
Príomhbhaile: Leifear
Daonra: 158,755 (2016)
Cúige: Ulaidh
A bhratach.

In iarthuaisceart Chúige Uladh atá Dún na nGallContae Dhún na nGall, ceann de thrí chontae in Uladh nach bhfuil i dTuaisceart Éireann. Úsáidtear an t-ainm Tír Chonaill ar an gcontae chomh maith, cé go, go stairiúil, ní hionann an dá áit, tosc nach dtógann an téarma Tír Chonaill Inis Eoghain, leathinis mhór in oirthuaisceart an chontae, ina áireamh.

Is é Leifear príomhbhaile an chontae, ach is í Leitir Ceanainn an baile is mó atá ann, agus daonra 19,274 aici de réir daonáirimh 2016. Is é Bun Cranncha an dara baile is mó sa chontae.

Is í Gaeltacht Dhún na nGall an ceann is mó in Éirinn ó thaobh líon na gcainteoirí dúchais.

Tíreolas[athraigh | athraigh vicithéacs]

De réir a achar, tá sé ar an chontae is mó in Uladh agus an ceathrú contae is mó in Éirinn. Go sainiúil as contaetha Phoblacht na hÉireann, níl teorainn aige ach le contae amháin eile sa Phoblacht: Contae Liatroma. Tá an chuid is mó dá theorainn talún roinnte le trí chontae sa Tuaisceart: Contae Dhoire, Contae Thír Eoghain, agus Contae Fhear Manach. Tá baint mhór eacnamaíochta agus sóisialta idir Dhún na nGall agus Cathair Dhoire, atá suite thart ar 10 gciliméadar uaidh ar taobh eile na teorainne. Go deimhin, bhí an áit a ndéanfaí Cathair Dhoire aisti ina cuid de Chontae Dhún na nGall, go hoifigiúil, go dtí 1610, bliain ina gcruthaíodh Contae Dhoire as chodanna Chontae Dhún na nGall agus Chontae Chúl Raithin (mar a bhí ag an tráth sin) ar thaobh eile an Fheabhail.[1][2]

Barúntachtaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá ocht mbarúntacht stairiúil sa chontae:

Ceantair Neamhfhoirmiúla[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá freisin cuid mhór cheantar neamhfhoirmiúil a aithnítear sa chontae. In oirthear an chontae, tá Gleann na Finne, ar Bhealach Féich a phríomhbhaile, agus in aice leis ó thoir, Lagan, atá láraithe ar bhaile Ráth Bhoth. Tá cuid mhór cheantar Gaeltacht grinn go háirithe: san Iarthar, tá Na Rosa, agus Gaoth Dobhair agus an Clochán Liath ar a phríomhbhailte; óna thuaidh sin tá Cloich Chionnaola, suite timpeall baile an Fhál Charrach. Óna dtoir siúd tá trí leathinis: Ros Goill, Fánaid, agus Inis Eoghain, agus an pointe is faide ó thuaidh ar oileáin na hÉireann (Cionn Mhálanna) ag an cheann deireanach díobh seo.

Tíreolaíocht Nádúrtha[athraigh | athraigh vicithéacs]

An Earagail, sléibh is áirde Chontae Dhún na nGall

Tá an contae ar an cheann is sléibtí in Ultaibh, agus é foirmithe den chuid is mó de dhá shliabhraon beag: na sléibhte Inis Eoghain san oir-thuaisceart, na sléibhte Dhoire Bheatha san iar-thuaisceart, agus na Cruacha Gorma san iar-dheisceart. Is í an Earagail, sna sléibhte Dhoire Bheatha, ná binn is áirde an chontae, agus 749m aici. Tá ag an chontae cósta an-bhearnach a dhéanas go leor lochanna mara, ar iad Loch Feabhail agus Loch Súilí na cinn is tábhachtaí díobh. Tá aille Shliabh Liag ar na séú cinn is áirde san Eoraip, agus is é Cionn Mhálanna ná an pointe is faide ó thuaidh ar mhórthír Éireann.

Tá dhá oileán a bhfuil buandaonra acu: Oileán Árann Mór agus Oileán Thóraigh, chomh maith le líon mór oileáin nach bhfuil ach lucht cónaithe neamhbhuan acu. Ritheann dara n-abhainn is faide na hÉireann, an Éirne, isteach i mBá Dhún na nGall i ngar le Béal Átha Seanaidh, agus dambaí uirthi a ghineas leictreachas. Ritheann abhainn na Feabhaile freisin ar an chuid thuaidh de theorainn talún an chontae, dá scaradh de Chontae Dhoire agus Contae Thír Eoghain.

Cionn Mhálanna, ag breathnú chun an oir-dheiscirt

Duaiseanna[athraigh | athraigh vicithéacs]

Chuir an iris idirnáisiúnta National Geographic an contae ag barr an liosta d'áiteanna 'cool' an domhain le cuairt a thabhairt orthu sa bhliain 2017[3]. Tá clú agus cáil ar áilleacht an chontae agus ar chairdiúlacht mhuintir na háite, a dúirt an National Geographic.

Bailte i gContae Dhún na nGall[athraigh | athraigh vicithéacs]

Oileáin ar chósta Dhún na nGall[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bailte Fearainn[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tíreolaíocht Nádúrtha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cultúr[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá an ceol an-láidir sa chontae agus tá clú ar cheoltóirí na háite ar fud an domhain.

Spórt[athraigh | athraigh vicithéacs]

Na cluichí Gaelacha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cuirtear suim mhór sna cluichí Gaelacha sa chontae agus tá Craobh na hÉireann buaite ag peileadóirí an chontae faoi dhó - sna blianta 1992 agus 2012.

Sacar[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá cumann sacair de chuid Chumann Peile na hÉireann ag imirt sa chontae, mar atá Cláirsigh na Finne. Imríonn an fhoireann a gcluichí baile i bPáirc na Finne, i mBealach Féich.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Polaitíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Gailearaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Brian Lacy (Editor), Archaeological Survey of County Donegal, P. 1. Donegal County Council, Lifford, 1983.
  2. Cowley, Pat.; Ronayne, Liam. (1998). "The Donegal Highlands". Domhnach Daoi, Co. An Dúin, Tuaisceart Éireann: Cottage Publications. OCLC 41500168. 
  3. http://www.donegaldaily.com/2016/12/01/national-geographic-names-donegal-as-the-coolest-place-of-all-for-2017/


Contaetha na hÉireann
Connachta: Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach
Ireland trad counties named ga.svg
Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Gall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | | An Mhí | Uíbh Fhailí
An Mhumhain: Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas)
Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain
An deighilt pholaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann