Jump to content

Machaire Rabhartaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMachaire Rabhartaigh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 55° 08′ 38″ N, 8° 10′ 37″ O / 55.144°N,8.177°W / 55.144; -8.177
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie14351

Is baile suite in iarthuaisceart Dhún na nGall é Machaire Rabhartaigh,[1] siar ó thuaidh ó Leitir Ceanainn i nGaeltacht Chloich Cheann Fhaola, leath bealaigh idir Gort a' Choirce agus Cnoc Fola. Tá radharc iontach ar Inis Bó Finne agus ar Oileán Thoraigh ó na dumhcha agus ón trá, a shíneann ar feadh trí mhíle ar fad. Is iad na dumhcha agus trá seo an Machaire in ainm na háite.[2]

An ché
An trá

Tá Machaire Rabhartaigh suite i gcroílár Ghaeltacht Thír Chonaill agus tá An Ghaeilge láidir ann agus í mar theanga an phobail i gcónaí. I ndaonáireamh 2016 dúirt 93% de mhuintir an bhaile go raibh Gaeilge acu agus dúirt 86% den daonra go labhraíonn siad Gaeilge gach lá.

Tá Coláiste Mhachaire Rabhartaigh, coláiste samhraidh Gael Linn, lonnaithe san ionad pobail agus sna scoileanna náisiúnta.

Is ó Mhachaire Rabhartaigh a théann an bád go hOileán Thoraí.[2]

  1. Machaire Rabhartaigh/Magheraroarty | logainm.ie (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. 1 2 "Coláistí Gael Linn" (ga). www.gael-linn.ie. Dáta rochtana: 2026-01-30.