An Ghaeltacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comhartha an Údaráis ar theorainn na Gaeltachta
Gaeltachtaí oifigiúla

Is éard is Gaeltacht ann ná ceantar ina n-aithnítear an Ghaeilge mar theanga an phobail ann, go stairiúil ar a laghad. B'é ba bhrí leis an bhfocal sin Gaeltacht fadó ná Gaelachas, ach ó thosaigh an Ghaeilge ag dul as úsáid in áiteanna in Éirinn, tháinig an téarma "Gaeltacht" nó "ceantair Ghaeltachta" chun cinn ar na háiteanna sa tír ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt i gcónaí mar theanga thraidisiúnta a théann go nádúrtha ó ghlúin go glúin.

Is léir, áfach, gurb iomaí áit sa Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Béarla in uachtar anois, mar shampla Cloch na Rón, an Achréidh agus Maigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe, nó Ailt an Chorráin agus Gleann Bharr i gContae Dhún na nGall, Acaill, Béal an Mhuirthead agus an tSraith i gContae Mhaigh Eo chomh maith leis an gcuid is mó d'Uíbh Ráthach i gContae Chiarraí.

Úsáidtear canúintí éagsúla ó Ghaeltacht go Gaeltacht. Tugtar Gaidhealtachd nó Gaeltacht na hAlban ar na ceantair in Albain ina labhraítear Gaeilge na hAlban (nó Gàidhlig).

Daonra na Gaeltachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teorann na Gaeltachta 1926
Teorann na Gaeltachta 1956

Dar le hÚdarás na Gaeltachta, is é 95,503[1] daonra na Gaeltachta. Tá thart ar 14,000 do na daoine sin ina gcónaí i mbruachbhailtí na Gaillimhe, áfach.

Cuirtear an cheist go minic ar cheart imeall na nGaeltachtaí a athrú[2].

Contae Ainm Daonra Céatadán a Labhairt Gaeilge
Contae Dhún na nGall Alt na Péiste 188 55%
Anagaire 2235 55%
Árainn Mhór 529 62%
Cró Beithe 161 53%
An Clochán 514 41%
Cnoc Fola 1326 83%
Dún Lúiche 695 76%
An Fál Carrach 2168 44%
Baile na Finne 316 57%
Gort an Choirce 1599 81%
An Ghrafaidh 209 52%
Na Gleannta 1496 44%
Gaoth Dobhair 2651 77%
Teileann 726 41%
Contae Mhaigh Eo Eachléim 921 46%
Ceathrú Thaidhg 375 67%
Fionnaithe 248 44%
Contae na Gaillimhe Oileáin Árann 1247 81%
Bothúna 963 74%
Camus 375 90%
Carna 798 81%
An Cheathrú Rua 2294 83%
Corr na Móna 573 45%
Na Forbacha 1239 43%
Doire Iorrais 313 76%
Gleann Trasna 122 61%
Indreabhán 1362 83%
Cill Chiaráin 619 87%
Leitir Móir 875 88%
Leitir Mealláin 1288 89%
Ros an Mhíl 1304 84%
Ros Muc 557 87%
An Spidéal 1357 66%
Contae Chiarraí Baile an Fheirtéaraigh 455 77%
Baile na nGall 508 75%
Cé Bhréanainn 168 48%
Cinn Aird 318 45%
An Clochán 273 46%
Dún Chaoin 159 72%
An Fheothanach 462 78%
Márthain 276 67%
An Mhin Aird 387 53%
Ceann Trá 413 56%
Contae Chorcaí Béal Átha an Ghaorthaidh 542 46%
Baile Bhuirne 816 42%
Oileán Chléire 127 48%
Cúil Aodha 420 53%
Contae Phort Láirge An Rinn 1176 51%
Contae na Mí Ráth Cairn 401 56%

An Fhí­or-Ghaeltacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Áiteanna a thuileann stádas an Gaeltacht 2007

Gaeltacht Thír Conaill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaeltacht na Gaillimhe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaeltacht Chontae Chiarraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaeltacht Chontae Chorcaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaeltacht Chontae na Mí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Gaeltacht na Mí

Gaeltacht na nDéise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Gaeltacht na nDéise

Gaeltacht Chontae Mhaigh Eo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaeltachtaí neamhoifigiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar Gaeltachtaí Neamhoifigiúla ar cheantair nach cuid den Ghaeltacht go hoifigiúil iad, cé go bhfuil an teanga á labhairt iontu go forleathan. Tá brú ar an rialtas stádas oifigiúil a thabhairt dóibh.

Nua-Ghaeltacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nua-Ghaeltacht an t-ainm a thugtar ar an smaoineamh Gaeltachtaí nua a thógáil i mBÁC[3] agus i gcathracha eile sa tír d'fhonn an dteanga a athbheochan. Cé nach luaitear é sna huimhreacha thuas, tá Gaeltacht nua i Béal Feirste.

Riarachán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta atá freagrach as polasaí an rialtais i leith na Gaeltachta, i gcomhar le heagraíochtaí amhail Údarás na Gaeltachta. Cuireann Raidió na Gaeltachta de chuid RTÉ agus TG4 seirbhísí ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus do chainteoirí Gaeilge go forleathan.

Coláistí samhraidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagraítear cúrsaí Gaeilge gach bliain sna ceantair Ghaeltachta le linn an tsamhraidh. Tumoideachas Gaeilge atá i gceist, ina gcaitheann daltaí scoile roinnt sheachtainí ag foghlaim na teanga trí chúrsaí Ghaeilge agus gníomhaíochtaí eile trí mheán na Gaeilge - cluichí Gaelacha, céilithe agus ceol traidisiúnta.

Is minic go bhfanann an dalta le clann áitiúil sa Ghaeltacht le linn an chúrsa, agus teagasc á fháil acu ó bhean an tí.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhartha tráchta Géill slí i gContae Phort Láirge in Éirinn.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó Tuathaigh G, Ó Laoire L L, Ua Súilleabháin (eag) 2000 Pobal na Gaeltachta a Scéal agus a Dhán, Indreabhán Conamara: Cló Iar-Chonnachta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]