Logainm.ie
| URL | http://www.logainm.ie |
|---|---|
| Cineál | suíomh gréasáin agus geographical names database (en) |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Cur i seirbhís | 2008 |
Bunachar de logainmneacha údarásacha Gaeilge agus Béarla na hÉireann is ea logainm.ie (go hoifigiúil Bunachar Logainmneacha na hÉireann) agus tionscadal de chuid grúpa taighde Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU).[1] Tá Logainm.ie faoi stiúir Fiontar i DCU maraon le Gaois, Dúchas, téarma.ie, ainm.ie[2] agus sraidainm.ie.

Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta.
Is iad príomhchuspóirí an tionscadail[1]
- teicneolaíocht úrscothach a chur ar fáil chun taighde logainmníochta an Bhrainse Logainmneacha (Rialtas na hÉireann) a éascú agus
- sonraí logainmníochta an Stáit a chraobhscaoileadh trí logainm.ie.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an tionscadal in 2007. Seoladh an chéad leagan den suíomh poiblí in 2008. Bhuaigh www.logainm.ie an Séala Eorpach Teanga in 2010 agus ba bhuaiteoir catagóire é ag Gradaim Ríomh-Rialtais na hÉireann, 2011 & 2016.
Seoladh leagan nua den suíomh in 2022 agus bhí thart ar mhíle cuairteoir in aghaidh an lae ag logainm.ie. Bhí sé i gceist an cód foinseach ar fad a chur ar fáil faoi cheadúnas oscailte ar GitHub.com. Ó shin i leith, tá comhthéacs geografach le fáil le gach toradh ar mhionléarscáil idirghníomhach.[2]
An Vicipéid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir úsáid a bhaint as Logainm.ie chun an oiread tagairtí a chur isteach agus a d'fhéadfainn maidir leis an Vicipéid.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 "Maidir leis an tionscadal" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-05-17.
- 1 2 "Leagan nua de Logainm.ie le seoladh inniu" (ga-IE). tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-17.
- ↑ "Tullog" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-05-17.