Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | ollscoil phoiblí | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1975 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Cumann Eorpach na nOllscoileanna International Federation of Library Associations and Institutions (en) Coalition for Advancing Research Assessment (en) ORCID YERUN International Council for Open and Distance Education (en) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Suíomh gréasáin | https://www.dcu.ie/ | ||||
Is ollscoil atá suite i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath í Ollscoil Chathair Átha Cliath nó OCBÁC[1] (Béarla: Dublin City University nó DCU). Freastalaíonn thart ar 10,000 mac léinn uirthi. Is é uachtarán na hollscoile an tOllamh Ferdinand von Prondzyski.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cruthaíodh an institiúid in 1975;[2],ar 18 Meitheamh 1975 toghadh an Dr Danny O'Hare mar stiúrthóir.
Tháinig na chéad mic léinn isteach i 1980. Bunaíodh an ollscoil in 1980 faoin ainm An Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Baile Átha Cliath nó National Institute for Higher Education, Dublin (NIHE) as Béarla, mar chuid den Fhoras Náisiúnta um Ard-Oideachas, in éineacht le hinstitiúid eile i Luimneach. Tugadh stádas ollscoile di in 1989 agus athbhaisteadh í.
Áiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá leabharlann, lárionad taighde agus innealtóireachta, stiúideonna teilifíse agus fuaime, saotharlanna ríomhaireachta, saotharlanna teanga agus ateangaireachta, rannóg físchomhdhála, saotharlanna cló agus grafaicí ann. Chomh maith leis sin tá trí bhialann, ionad na mac léinn (The Hub) agus lóistín ar champas do 1,000 mac léinn. Tá ionad The Helix ann ón mbliain 2002.
Mhaoinigh Tony O'Reilly an John and Aileen O`Reilly Library san Ollscoil.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó 'Ollscoil Chathair Átha Cliath'
- ↑ "Discovering DCU | DCU". web.archive.org (2013-06-10). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-06-10. Dáta rochtana: 2023-04-19.