Árainn Mhór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachÁrainn Mhór
(en) Arranmore Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie14527 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Dhún na nGall, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54°59′22″N 8°31′51″W / 54.989531°N 8.530889°W / 54.989531; -8.530889
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige16 m Cuir in eagar ar Wikidata
Achar22 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Is oileán í Árainn Mhór[1], atá suite tuairim is ceithre chiliméadar ó chósta Dhún na nGall, Poblacht na hÉireann. Tá Árainn Mhór ar an dara hoileán is mó in Éirinn a bhfuil daoine ina gcónaí air agus ar an gceann is mó i dTír Chonaill. Cé go raibh breis agus 1500 duine ina gcónaí air sna 1940í, tá daonra faoi bhun 550 ann anois.[2]

Agus ní gan fáth, níl an méid daoine in ann maireachtáil ar an iascaireacht inniu mar a rinne siad san am atá caite. Tá fás, áfach, ar an turasóireacht ar an oileán agus is féidir le duine an bád farantóireachta a fháil ó Ailt an Chorráin chun taisteal ar an oileán.

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go traidisiúnta, tugadh Árainn ar an oileán. Úsáidtear an aidiacht mór freisin anois. Bhíodh an t-ainm Árainn Uí Dhomhnaill air freisin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aimsir Chromail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá iarsmaí seandálaíochta fágtha ar an oileán, mar shampla dún ceann tíre agus sliogchairn ar na tránna, ach níl aon taifead stairiúil ann de bhuanchónaí ar Árainn Mhór go dtí 1641. Aimsir Chromail a bhí ann agus tháinig a shaighdiúirí isteach chun an oileáin leis na daoine a smachtú. Is cosúil go raibh cuid de bhunadh an oileáin páirteach sa troid in éadan fhórsaí Chromail. De réir an tseanchais, nuair a chonacthas na saighdiúirí ag teacht isteach, theith na fir ón oileán. Chuaigh na mná agus na páistí i bhfolach in uaimh mhór (Uaimh an Áir) ar thaobh thoir theas an oileáin. Lean an cuardach ar feadh cúpla lá go dtí gur chuala duine de na saighdiúirí páiste ag caoineadh. Maraíodh na mná agus na páistí uilig agus fágadh a gcoirp ar an trá mar chomhartha do na fir. Tá an chuma ar an scéal nach raibh mórán daoine ina gcónaí ar an oileán ag an am sin mar, de réir cáipéisí comhaimseartha, seachtó bean agus páiste a maraíodh.

Clann Conyngham[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ina dhiaidh sin tugadh Árainn Mhór agus cuid mhór den talamh thart fá na Rosa do Chlann Conyngham mar chomhartha buíochais ó Chromail dá gcuidiú. Tiarnaí talún neamhchónaitheacha ab ea iad den chuid is mó a raibh talamh acu thart fá Chontae na Mí fosta (Caisleán Shláine). Rinne cuid den chlann iarrachtaí saol na ndaoine a dhéanamh níos fearr sna bliantaí ina dhiaidh sin, mar shampla Burton Conyngham a chuir dúthracht air féin ag iarraidh tionscal iascaireachta a chur ar bhun sa cheantar. Is uaidhsean a fhaightear an t-ainm Béarla Burtonport (Burton's Port) ar Ailt an Chorráin.

John Stoupe Charley[cuir in eagar | athraigh foinse]

In aimsir an drochshaoil bhí deacrachtaí airgid ag muintir Conyngham agus bheartaigh siad ar an oileán a dhíol. Cheannaigh John Stoupe Charley an t-oileán agus tháinig sé chun cónaí air. Thóg sé teach solais úr, muileann, scoileanna, beairic agus teach mór dó féin. Bhí sé dian go leor ar na tionóntaí, agus tá fianaise ann go raibh na Molly Maguires gníomhach ar Árainn Mhór ag an am. Chuir sé tús le scéim imirce do bhunadh an oileáin, agus ghlac go leor daoine lena thairiscint. D'íoc sé as a bpasáiste go Meiriceá, ach bheadh ar an teaghlach ar fad imirt thar lear agus ní bheadh cead acu teacht ar ais go deo. D'imigh go leor de na daoine seo go Chicago agus chuaigh cuid mhaith díobh chun cónaí ar oileán ar Loch Michigan, Oileán na mBéabhar, áit a raibh an Ghaeilge le clos suas go dtí na 1920í.

An t-oileán sa lá atá inniu ann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cónaí ar an gcuid is mó de na daoine ar chóstaí thoir agus theas an oileáin. Bhí daonra de 1,500 ar Árainn Mhór sna daichidí, breis is 600 sa bhliain 1996, 543 sa bhliain 2002 agus 528 sa bhliain 2006. Níl an iascaireacht ábalta daoine a choinneáil ar an oileán a thuilleadh agus b'éigean do chuid mhór daoine óga imeacht go mórthír na hÉireann, go Meiriceá, nó go dtí an Bhreatain.

Tá grúpaí ar nós Taisce Árainn Teoranta agus Comharchumann Árainn Mhór ag iarraidh infreastruchtúr turasóireachta a chruthú don oileán agus forbairt na turasóireachta cultúrtha mar bhunaidhm acu. Reáchtáiltear cúrsaí cultúir agus teanga ar Árainn Mhór, tógadh tithe saoire agus brú, tá córas maith lóistín ann agus seirbhís rialta farantóireachta.

Cé go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú anois, tá traidisiún leanúnach Gaeilge agus cultúir ar an oileán. Bunaíodh coláiste Gaeilge ar an oileán sna seascaidí agus tá sé faoi bhláth sa ló atá inniu ann; tagann breis agus 600 scoláire ann gach bliain.

Ba in Árainn Mhór a bhí cónaí ar Róise Rua Mhic Grianna (Róise na nAmhrán), duine de na hamhránaithe sean-nóis ba cháiliúla i dTír Chonaill san fhichiú haois. Tháinig Coimisiún Béaloideasa Éireann agus RTÉ isteach chun an oileáin chun í a thaifeadadh agus scríobh múinteoir i scoil an oileáin, Pádraig Ua Cnáimhsí, a beathaisnéis, Róise Rua.

Le blianta beaga anuas, tá Taisce Árainn ag reáchtáil cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta agus tagann daoine ó thíortha mar Mheiriceá, an Ghearmáin, an Fhrainc agus an Iodáil chun freastal orthu. Foilsíodh leabhar bunaithe ar bhéaloideas Árainn Mhór, Cogar san Fharraige, le húdar áitiúil Proinsias Mac a' Bhaird sa bhliain 2002.

Tá sé theach tábhairne ar an oileán.

Bailte fearainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí cinn déag de bhailte fearainn ar an oileán:

  • An Leadhb Gharbh
  • Poll a'Mhadaidh
  • Screig an tSeabhaic
  • Na Goirt Ghearra
  • An Cloch Corr
  • Fál an Ghabhann
  • Baile an tSrátha
  • An Baile Ard
  • An Uileann
  • Plochóg
  • Leadhb Rannach
  • Athphort
  • Na Tuarthaí

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Árainn Mhór/Aran Island | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Welcome to…". web.archive.org (2016-06-06). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-06-06. Dáta rochtana: 2020-10-03.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]