Contae na Mí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilContae na Mí
Contae An Mhí (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°40′00″N 6°40′00″W / 53.666666666667°N 6.6666666666667°W / 53.666666666667; -6.6666666666667
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairAn Uaimh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán194,942 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús83.24 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla2,342 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1297
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinoffice of the Cathaoirleach of Meath County Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachcomhlacht reachtach Chomhairle Contae na Mí Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2IE-MH Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie100024
Suíomh gréasáinmeathcoco.ie Cuir in eagar ar Wikidata

An MhíContae na Mí[1], i gCúige Laighean, Poblacht na hÉireann. Achar 2342 km². 162,621 an daonra a bhí ann de réir Daonáireamh 2006. Fadó bhí cúige den ainm seo ann 'Míde' a chiallaíonn an lár, agus ba ann de réir traidisiún a bhí ceanncheathrú Ard-Rí na hÉireann, i dTeamhair na Rí. Tá cuid de na láithreacha seandálaíochta is tábhachtaí agus is cáiliúla in Éirinn ar bhruach Abhainn na Bóinne. Is ann atá Sí an Bhrú, ionad oidhreachta domhanda. Tá talamh an-mhaith sa chontae agus rath ar fheirmeoirí na háite dá réir, agus ar na bailte margaidh a fhreastalaíonn orthu. Níl ach 26 ciliméadar de chósta ag Contae na Mí, ach tá cúpla trá ann ar nós Baile an Bhiataigh agus an Inse .

Is i gContae na Mí atá Gaeltacht Ráth Chairn agus Gaeltacht Bhaile Ghib, lonnaíochtaí a cuireadh ar bun timpeall seachtó bliain ó shin le saol daoine in iarthar na hÉireann a fheabhsú. Tugadh isteach feirmeoirí beaga, as Conamara don chuid is mó, agus tugadh talamh dóibh in áit nach raibh Gaeltacht leis na céadta bliain.

Stair na Mí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teamhair

Tá Stair na Mí, mar an gcéanna agus sean stair na hÉireann. Tá tuama na sean ríthe fós le feiceáil ar Bhrú na Bóinne, tuamaí a bhfuil níos sine ná na pirimidí san Éigipt. Tá stair abhainn na Bóinne freisin tábhachtach ó thaobh stair na tíre, ó Fionn Mac Cumhail, go Cath na Bóinne. Ba shuíocháin í do Ard-Rí na hÉireann é an Teamhair, agus bhí cónaí ar Naomh Pádraig san áit ar feadh tamaill. Chomh maith le sin troid Paidí Ó Donaghue as Cill Dhéagláin in Éirí Amach 1798, agus Tomás Ághas san áit céanna in Éirí Amach na Cásca.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daonra
Bliain Daonra ±%
1861 110,373
1871 95,558 -13.42%
1881 87,469 -8.46%
1891 76,987 -11.98%
1901 67,497 -12.32%
1911 65,091 -3.56%
1926 62,969 -3.26%
1936 61,405 -2.48%
1946 66,232 +7.86%
1961 65,122 -1.67%
1971 71,729 +10.14%
1981 95,419 +33.02%
1991 105,370 +10.42%
2002 134,005 +27.17%
2006 162,621 +21.35%
2011 184,135 +13.22%
2016 194,942 +

Tá Contae na Mí lonnaithe ar chósta oirthir na hÉireann i gcúigiú Laighean. Tá teorann aige le Muir Éireann agus Contae Bhaile Átha Cliath san oirthear, le contaetha , Muineachán agus an Cabhán sa tuaisceart, le Contae na hIarmhí san iarthar, agus le contaetha Uíbh Fhailí agus Cill Dara sa deisceart.

Is í an Bhóinn an phríomhabhainn sa chontae, agus ritheann sí trí Bhaile Átha Troim agus bhaile na hUaimhe.

Bailte agus sráidbhailte i gContae na Mí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Barúntachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bailte fearainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eacnamaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]