Fionn mac Cumhaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, in Éirinn, Albain agus Mannain araon, sealgaire, gaiscíoch agus ceannaire na bhFiann ab ea Fionn mac Cumhaill[1][2] (Sean-Ghaeilge Finn mac CumailUmaill). Sa tsraith scéalta darb ainm an Fhiannaíocht, faightear gníomhartha agus eachtraí Finn agus a lucht leanúna, cuid mhaith de inste le hOisín mac Fionn, file. Ba de Chlanna Baoiscne é agus bhíodh imreas ann idir iad agus Clanna Morna. Bhíodh cáil ar a mhadraí Bran agus Sceolán chomh maith.

Fionn mac Cumhaill comes to aid the Fianna (Tagann Fionn mac Cumhaill i gcabhair na bhFiann), léaráid le Stephen Reid.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

As Sean-Ghaeilge, i measc na bríonna atá ar find/finn tá: bán, geal, niamhrach; geal-daite (snua, gruaig, srl.); dathúil (go minic, ach ní gá, ag cur in iúl finne snua); beannaithe; cothrom, cóir, fíor sa chiall mhorálta.[3] Is gaol é leis an bPróta-Ghaeilge VENDO- (feicthe i nainmneacha ar inscríbhinní Oghaim), Breatnais gwyn, Coirnis gwen, Briotáinis gwenn, Ceiltis mhór-roinneach agus Briotainic *uindo- (fréamh choiteann i n-ainmneacha pearsanta agus logainmneacha), agus atá fréamhaithe ón aidiacht Prótai-Ceiltis, firinscneach uatha, *windos, is amhlaidh sa deireadh fréamhaithe ón bPrótai-Indo-Eorpais *weyd- "fios, feic").[4][5]

Seanscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: An Fhiannaíocht
"Finn heard far off the first notes of the fairy harp", Chuala Finn ó fhad i gcéin an chéad cheol de chláirseach na sidhe, léaráid le Stephen Reid in The High Deeds of Finn (1910) le T. W. Rolleston.

Breith[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Macgnímartha Finn

Insítear an chuid is mó d'eachtraí luatha Fionn sa scéal Macgnímartha Finn. Cumhall, ceannaire na bhFiann ab ea a athair, agus Muireann, iníon an draoi, Tadg mac Nuadat a bhí ina chónaí ar Chnoc Alúine i gContae Chill Dara, ab ea a mháthair. D'fhuadaigh Cumhall Muireann tar éis dá hathair dhiúltú, agus dá bharr d'agair Tadhg Ard-Rí na hÉireann, Conn Cétchathach a chabhrach, a chuir Cumhall ó choimirce an dlí. Chuaigh Conn agus Cumhall i mbun comhraic sa Chath Chnucha, agus maraíodh Cumhall ag Goll mac Morna, a ceapadh i gceannas na bhFiann.

Bhí Muireann torrach cheanna, ach d'iompaigh a staire féin a dhroim uirthi agus d'ordaigh sé a mhuintir í a dhó. Ní ligfeadh Conn é seo, agus chuir sé í faoi chosaint Fiacal mhic Chonchinn, a raibh a bhean chéile, Bodhmall draoi, deirfiúr Chumhaill. I dteaghlach Fiacail, thug Muireann mac ar an saol, a thug sí an t-ainm Deimne dó.[6] Insíonn ring seanscéalta conas a bhfuair sé an t-ainm Fionn, nuair a tháinig roimh am dath liath ar a chuid gruaige.

Deirtear gurbh as An Baile Fionn i gContae Laoise é Fionn Mac Cumhaill ó dhúchas.[7]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhág Muireanm an gasúr i bhfeighil Bhodhmaill agus banghaiscígh, Liath Luachra, agus thóg siad é faoi rún sa choill ar Shliabh Bladhma, á dteagasc i gceird an chogaidh agus ceird na seilge. Agus é fásta, chuaigh see i mbun seirbhíse – i mbréagriocht – de roinnt ríthe áitiúla, ach a luaite is a d'aithin siad gur mac Chumhaill a bhí ann, dúradar cách leis dul, ag eagla nárbh fhéidir leo é a chosaint in aghaidh a naimhde.

I ngar don Bhóinn, bhuail Fionn óg le Finn Eces, draoi, file, Leipreachán in airde, agus d'fhan sé faoi oiliúnt leis. Bhí seacht mbliana caite ag Finn Eces, ag iarraidh an Bradán Feasa a bhreith ar, agus a chuid eolais a bhaint amach. Sa deireadh, rug an seanfhear air, agus dúrt sé leis an mbuachaill é a réiteach dó. Á chócaráil, dhóigh Deimhne a ordóg, agus chuir sé gan smaoineamh é ina bhéal. Thug é seo dó gaois an bhradáin, agus bhí a fhios ag Fionn ansin conas díoltas a imirt ar Gholl. I scéalta ina dhiaidh, bhí sé in ann eolas an bhradáin a thabhairt chun chuimhne, leis a ordóg a chur ar an bhfiacail a bhogas é ar dtús.[8]

Is cosúil le chéile iad scéal an bhradán feasa agus an scéal Breatnais, Gwion Bach.

Teacht i gceannaireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fionn in éadan Aillen, léaráid le Beatrice Elvery in Heroes of the Dawn (1914) le Violet Russell

Gach bliain ach Samhain le trí bhliana is fiche, thagadh fear na tine, Aillen an Sidhe, go Teamhraigh agus chanadh a chodladh é cách sula ndódh sé an áit chun talaimh lena anáil tintrí. Ní raibh ar chumas na bhFiann faoi cheannas Ghoill mhic Mhorna, é a chloí. Tháinig Fionn go Teamhraigh le mála craiceann grúis a athar. Coinnigh sé ina dúiseacht féin ag brú bharr na sleá deirge ar a éadan. Chuaigh sé sa tóir ar Aillen agus mharaigh sé é leis an sleá úd. Ina dhiaidh sin, aithníodh a oidhreacht agus ceapadh é mar cheannaire na bhFiann. Sheas Goll siar go fonnmhar ina fhábhar, agus d'éirigh ina thacaí dílis d'Fionn, cé go raibh caidreamh corrach eatarthu de réir roinnt scéalta.

Dún Alúine[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éiligh Fionn cúiteamh ó Thadhg as bás a athar, ag bagairt cogaidh nó chomhrac aonair air dá ndiúltófá. Thairg Tadhg a theach féin dó, Cnoc Alúine, agus ghlac Fionn leis seo.

Caidrimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail Fionn lena bhean chéile is cáiliúlaa, Sadhbh, agus é amuigh i mbun seilge. Rinne an draoi Fear Doirche ina fia í, óir gur dhiúltaigh sí é a phósadh. D'aithin cúnna faoil Fhionn, Bran agus Sceólang, de shliocht daonna iad féin, gur dhuine daonna í, agus thóg Fionn abhaile leis í. D'iompaigh sí ar ais ina riocht daonna chomh luath is ar leag sí cos i ndún Fhionn. Pósadh sí agus Fionn, agus ar ball beag d'éirigh sí torrach.

Agus Fionn ar shiúl ag cosaint na tíre, tháinig Fear Doirich ar ais. Mheall sé Sadhbh amach as an dún, rinneadh fia di arís agus d'imigh sí léi. Chaith Fionn na blianta á cuardaigh, ach gan mhaith ar bith ann. D'aimsigh Bran agus Sceólang ar deireadh a mac, Oisín, i riocht ois. D'iompaigh sé ina leanbh óg, agus d'éirigh sé in am trátha ar dhuine is mó na bhFiann.

Rinne an t-Ard-Rí, Cormac mac Airt, cleamhnas idir a iníon óg Gráinne agus Fionn ag dul in aois. Ag fleadh an phósta, ámh, thit Gráinne i ngrá le duine de na Fianna, Diarmuid Ua Duibne, a raibh clú air as a áilleacht. Chuir sí geis air éalú léi, ach chuaigh Fionn ar a dtóir. Tugadh cabhair do na leannáin ag a gcairde sna Fianna, agus athair altrama Dhiarmada, an dia Aengus.

I ndeireadh na dála, rinne Fionn suíochán leis na leannán. Má blianta ina diaidh ámh, chuaigh Fionn agus Diarmaid i mbun seilg na dtorc, agus sádh Diarmuid. Bhí bua leighis ag Fionn dá n-ólfadh Diarmaid uisce as a lámha, ach lig sé faoi dhó an t-uisce a shileadh tríd a mhéara. Chuir a gharmhac Oscar náire ar Fhionn, ach nuair a tháinig sé ar ais an tríú huair, bhí sé ró-dhéanach; bhí Diarmaid tar éis bás d'fháil.

Fionn, le Beatrice Elvery

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Cath Gabhra

De réir an chuir síos is cáiliúla dá scéal,[9] níl ar marbh ar chor ar bith, ach ina chodladh i bpluais atá sé, timpeallaithe ag na Fianna. Lá amháin, dúiseodh chun Éire a chosaint in am a gátair. Deirtear go n-éireoidh sé nuair a sheinnfear an Dord Fiann, corn seilge na bhFiann, faoi thrí arís, agus go mbeidh sé chomh tréan is a bhí riamh.

In áit eile, deirtear gur maraíodh é rith an Chath Ghabhra, nó i rith catha ab bhliain dár gcionn.

Béaloideas[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mbéaloideas na hÉireann agus na Manann ar aon,[10] is fathach flaithiúil draíochta é Fionn mac Cumhaill.

Benandonner (buggane)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí fonn ar Fhionn dul go hAlbain thar lear gan a chosa a fhliuchadh. Bhí sé i mbun cosán cloch chora a thógáil – Clochán an Aifir – nuair a dúradh leis go raibh an fathach Benandonner (nó i leagan na Manann, buggane) ag teacht chun troid leis. Bhí a fhios aige nárbh fhéidir leis an fathach mór millteach seo a chloí, agus dá bharr d'iarr Fionn ar a bhean chéile Úna cabhrú leis. Ghléas sé é i mbréagriocht linbh, agus chuaigh sé i bhfolach i gcliabhán. Rinne sí ansin a batch arán gridille, ag cur griddle-irons i roinnt dóibh. Nuair a tháinig Benandonner, dúirt Úna leis gur rachadh Fionn ar ais ar ball beag. Fad a bhí sé ag feitheamh, rinne Benandonner iarracht faitíos a chur ar Úna lena ollchumhacht, ag briseadh cloch lena mhéar bheag. Thairg Úna arán gridille do Bhenandonner, agus scealp sé a chuid fiacla ar an iarrann á ithe. Bhí Úna ag casaoid leis faoi bheith fann, ag rá go n-itheadh a chéile iad go héasca. Chothaigh sí ceann gan iarrann don 'leanbh', a d'ith é gan stró.

I leagan na hÉireann, bhí an-alltacht ar Bhenandonner as ucht mhéid agus chumhacht an linbh. Le gríosú ó Úna, chuir sé a mhéar i mbéal Fhionn chun géire na bhfiacla a mhothú, agus bhain Fionn greim as a mhéar bheag. Scanraithe roimh bhuaileadh lena athair, rith Benandonner leis trasna an Chlocháin, á scriosadh nára leana Fionn é.

I leagan na Manann, faightear scéal sa bhreis, a insíonn faoi Fionn agus an buggane agus iad ag tríd ag Rushen. Ghearr cos amháin d'Fhionn an chuisle idir Yn Chollo agus Kitterland, agus an chos eile dó an chuisle idir Kitterland agus Oileán Mhanann féin. Ghearr an buggane Port Erin amach. Ghortaigh an buggane Fionn, a theith thar an bhfarraige, áit nach raibh an buggane in ann dul sa tóir air. Ghearr an buggane fiacail as a chionn féin, chaith sé í agus bhuail sé Fionn léi. Thit an fhiacail isteach san fharraige, san áit a bhfuil Chicken Rock ann fós. Chuir Fionn mallacht ar an gcarraig, agus de bharr seo is baol í do mhairnéalaigh go dtí ár linn féin.

Gnéithe tíreolaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gnéithe tíreolaíochta eile ann lena luaitear le Fionn a mbunúis. Scuab sé aníos tráth cuid den tír chun é a chaitheamh le céile comhraic, ach theip air agus thit isteach san fharraige é — rinne an phríomhchuid Manainn, rinne méaróg Rockall, agus rinne an poll Loch nEathach.

I Siorrachd Inbhir Àir san Albain, insítear sa bhéaloideas gur cloch eile a chaith Fionn í Creag Ealasaid, oileáinín gar amach i bhfarraige. Tá Fingal's Cave (An Uaimh Bhinn) san Albain ainmhithe as freisin, áit a bhfuil colúin heicseagánacha basailt maraon le Clochán an Aifir ar an taobh eile den mhuir.

Talamh an Éisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dTalamh an Éisc agus cuid den Albain Nua, deirtear "Fingal's Rising" le brí léir náisiúnachais, a rinneadh mór le rá i n-amhráin agus tithe tábhairne araon. Deirtear scaití "Fingle," (Béarla) nó "Fion MaCool" (Gaeilge Thalamh an Éisc) nuair atá Talamh an Éisc nó a chultúr i gceist.

Na hEalaíona[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nualitríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 1761, thug Seumas Mac a' Phearsain le fios go raibh dán eipice aimsithe aige, scríofa as Gàidhlig le hOssian (Oisín) agus "Fingal" an príomhcharachtar ann, an t-ainm úd fréamhaithe ón nGaeilge Fionnghall,[11]. Moladh gur aistrigh Macpherson ainm Fhionn mar Fingal de bharr míthuiscint na leaganacha éagsúla atá le fáil.[12] I Mí na Nollag 1761, d'fhoilsigh Macpherson Fingal, an Ancient Epic Poem in Six Books, together with Several Other Poems composed by Ossian, the Son of Fingal, translated from the Gaelic Language. Bhí móréilimh ar a sraith dánta, agus bhí tionchar leathan acu ar scríbhneoirí amhail is Goethe agus Walter Scott ina óige. Bhí conspóid fúthu ó thús, ámh, maidir le maíomh mhic an Phearsain gur aistrigh sé a shaothair ó fhoinsí ársa. Ní fios i ndáiríre cé chomh barántúil is atá na dánta, cé gurb amhlaidh é go bhfuil siad bunaithe ar blúiríní de sheanscéalta Gaelacha. Go méid éigin, ba mhó an chonspóid ná a bhfiúntas suntasach liteartha agus a dtionchar ar Rómánsachas.

"Malvine, Dying in the Arms of Fingal", Malvine, ag éag i lámha Fingal, le hAry Scheffer. Is as an dán eipice Ossian le James Macpherson atá na carachtair. Is ar Fhionn mac Cumhaill atá an carachtar "Fingal" bunaithe, agus is leannán Oscair garmhac Fionn í "Malvina", a thug cúraim d'Fhionn ina sheanaois tar éis bás Oscair.

Sa leabhar Glencoe: The Story of the Massacre le John Prebble (Secker & Warburg, 1966), tá cur síos ar chath seanscéalach idir Fionn mac Cumhaill, ina chónaí ag an am más fíor i nGleann Comhann, agus slua Lochlannach i ndaichead long fhada a sheol siad an caolas in aice le Baile a' Chaolais i Loch Liobhann isteach. Cloígh na Fianna na Lochlannaigh i nGleann Comhann, agus mharaigh Goll Mac Morna a thaoiseach, Earragan.

Faightear Fionn mac Cumhaill go suntasach nua-litríocht na hÉireann. Tagann Fionn ar an bhfód in Finnegans Wake le James Joyce. Moltar roinnt daoine gurbh fhéidir an teideal, bunaithe ar an amhrán "Finnegan's Wake", bheith ina phortmanteau de "Finn again is awake" (Fionn arís ag faire), ag lua a dhúiseacht le teacht chun Éire a chosaint. Faightear Fionn san úrscéal grinn, At Swim-Two-Birds le Flann O'Brien, i míreanna a dhéanann scigaithris ar nós na miotas Gaelach. Is athinsint de roinnt scéalta na Fiannaíochta é Irish Fairy Tales le James Stephens.[13]

Insítear in Finn Mac Cool leis an údar Gael-Mheiriceánach Morgan Llywelyn conas a thagann Fionn i gceannas na bhFiann, agus na scéalta grá dá shaol a leanann.

Is carachtar é Finn McCool san úrscéal The Long War le Terry Pratchett agus Steve Baxter.

Pléitear eachtraí Fhionn Mhic Chumhaill tar éis a bháis death san úrscéilín "The Final Fighting of Fion Mac Cumhail" le Randall Garrett.[14]

Pléitear luath-óige agus oiliúint Fhionn sa leabhar páistí 'Tis Himself: The Tale of Finn MacCool le Maggie Brace.

Tá Fionn Mac Cumhail ann fosta i ndá fán trí scéal in The Corliss Chronicles, .i. The Wraith of Bedlam agus The Silver Wheel. Dlúthchara le Prudence is ea é, agus cuireann sé é féin i bpáirt léi chun an drochrí Tarcarrius a chloí.

Ceiliúrtar Fionn san amhrán "The Legend of Finn MacCumhail", leis an mbanna ceoil lonnaithe i mBoston, Dropkick Murphys, le cloisteáil ar a n-albam Sing Loud Sing Proud!

Drámaí agus seónna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh Fionn i láthair ar an ardán sa seó damhsa Gaelach 1999, Dancing on Dangerous Ground, nua-leagan de Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne. Éalaíonn Diarmaid agus Gráinne le chéile tar éis pósta Fhionn agus Ghráinne. Téann na Fianna sa tóir orthu agus maraíonn siad Diarmaid. Éagann Gráinne de bhrón nuair a fheiceann sí a chorp marbh.

I 2010, chuir Dizzie Miss Lizzie's Roadside Revue, as Washington DC, a rac-cheoldráma Finn McCool ar an ardán don chéad uair ag an Capitol Fringe Festival.[15]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "Ireland: A Cultural Encyclopedia" (1983). Facts on File, NY. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Kuno Meyer, The Death of Finn Mac Cumaill in Zeitschrift für Celtische Philologie. Volume 1, Halle/Saale, Max Niemeyer (1897) page 462–465; http://www.ucc.ie/celt/published/G303003/index.html
  2. Acallam na Senórach; Tales of the Elders, Whitley Stokes, Acallamh na Senórach in Irische Texte, eag. Whitley Stokes agus Ernst Windisch. series 4volume 1 (1900) ll. xiv+1-438, Le fáil ar CELT
  3. 1 finn ar eDIL
  4. Matasovic, Ranko, Etymological Dictionary of Proto-Celtic, Brill, 2009, lch. 423
  5. Delamarre, Xavier, Dictionnaire de la langue gauloise, Editions Errance, 2003 (2a eag.), lch. 321.
  6. "cinnteacht" nó "dearfacht", ach chomh maith fia óg fireann? ...daimhín?
  7. ??
  8. Llywelyn (1994)
  9. tagairt?
  10. Manx Fairy Tales, Peel, L. Morrison, 1929
  11. "A Dictionary of First Names" (2006): 402, 403. Oxford University Press. 
  12. "Notes to the first edition". Archived from the original on 16 October 2013.
  13. Irish Fairy Tales (Wikisource).
  14. Fantasy and Science Fiction, September 1975
  15. "TBD Theater: Finn McCool". TBD.