Aengus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, ba shliocht na dTuath Dé Danann é Aonghas Mac Óg (Sean-Ghaeilge Óengus, Áengus, Aengus), agus de réir dealraimh, dia an ghrá, na hóige agus spreagadh na ndán.[1] De réir an tsean-nóis, bhíodh éin ag eilit thart ar a chionn.

Aonghas, léaráid le Beatrice Elvery in Heroes of the Dawn le Violet Russell (1914)

Daghdha agus Bóinn ab ea tuistí Aonghasa, agus ba iad variously EalcmharMidhir a athair altrama ag amanna éagsúla.[2][1][3] Dúradh go raibh cónaí air i mBrú na Bóinne, air a thóg sé iníon fionn Mhanannáin mac Lir blonde-haired daughter Curcóg[4] in altramas.[1][3]

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidtear go bhfuil an t-ainm fréamhaithe ó fhocal Prótai-Cheiltis le brí "fíorbhrí/fuinneamh".[1] Deirtear sa Dinnseanchas gur thug Bóinn an t-ainm sin dá mac leis an Daghda óir gurbh é a "haonmhian" é a cumann leis an Daghda.[5] Deimhnítear an t-ainm sa Life of St Columba le Adomnán mar Oinogus(s)ius.[6]

Saintréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar cur síos ar Aonghas go héagsúla mar a leanas:

Seanscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Breith[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí caidreamh ag Daghda leis an mbandia Bóinn, bean chéile Neachtain. Um a cheilt gur ag súil le páiste a bhí sí, chuir Daghda an ghrian ina stad ar feadh naoi mí, agus de thoradh sin, gineadh, iompraíodh agus rugadh Aonghas lastigh d'aon lá amháin.

Brú na Bóinne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig Aonghas in aois, bhain sé a bhaile Brú na Bóinne ón Daghda.

Rugadh Aonghas tar éis dá athair a chuid tailte a roinnt ar a chlann, agus fágadh tada d'Aonghas. D'iarr Aonghas dá athair arbh fhéidir leis cur faoi i mBrú na Bóinne ar feadh "lae agus oíche", agus thoiligh an Daghda. Ní hé "lá amháin" a bhí i gceist ag Aengus, agus dá réir sin, ghlac sé seilbh ar Bhrú na Bóinne go síoraí.

Tá leagan eile den scéal, de réir dealraimh an bunleagan, le fáil in Tochmharc Éadaoine. Is é an Daghda a chabhraíonn a mhac, Aengus, Brú na Bóinne a bhaint d'Ealcmhar leis an gcleas céanna. Sa leagan seo, Midhir is ea athair altrama Aonghasa, agus Ealcmhar fear chéile Bhóinne agus cuachán[10] de bharr an Daghda.[11] Is dócha é go léiríonn an scéal seo "go séanann an óige an t-aosú - ag an tráth sin den saol, imíonn an t-am go mall agus tá cuma buan ar an mbeocht".[1]

Faightear a leithéid de scéal i Altram Tí Dhá Meadar. Chuir Manannán mac Lir, rí na dTuath Dé, ina luí ar Aonghas ortha a chur ar a athair altrama, Ealcmhar, agus dán á aithris, um an ruaig a chur air as an mBrú go dtí teacht le chéile oghaim agus galláin, neimhe agus domhain, gréine agus gealaí. Tar éis aithris an dáin, darb ainm "Ádh agus Rath", dúirt Ealcmhar le hAonghas go dtabharfadh sé an Brú dó ach go n-iarrfadh sé, ach mar thoradh na haithrise agus a ruaigeadh as an mBrú, d'fhulaingeodh é féin agus mhuintir faoi léan agus faoi mhire. Sa leagan seo den scéal, bhí fíor-aiféala ar Aonghas as ruaigeadh Ealcmhair.[3]

Bás Ealcmhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Death Tales na dTuatha De Danann, mharaigh Aonghas a athair altrama toisc gur mharaigh seisean Midhir.

Bás file Lugh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mharaigh Aonghas chomh maith file Lugh Lámhfhada, toisc gur inis sé bréag faoina dheartháir, Cermait. Mhaígh an file go raibh caidreamh ann idir Cermait agus ceann de mhná céile Lugh.

Éadaoin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Aonghas in ann geis faoina cuireadh Éadaoin, bandia na gcapall a mheall sé dá dheartháir, Midhir, a leathbhaint di. I reacht éadmhar feirge, rinne Fúamnach, bean chéile Mhidhreach, Éadaoin ina cuileog álainn. Á iompú ina bean san oíche, rinne Aonghas a leagan di go dtí gur tháinig Fúamnach ar an eolas faoi agus chuir sí an ruaig uirthi. Mharaigh Aonghas a mháthair altrama as ucht a feillbhirt.

Aisling Aonghasa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Aislinge Óenguso

Thit Aonghas i ngrá le cailín a chonaic sé in aisling aige. Ar feadh bliana, chiarraíoch Éire don chailín seo ag a mháthair, Bóinn, i dteannta le bandia bó a chruthaigh a cuid bainne Bealach na Bó Finne, agus ina ndiaidh, a athair, an Daghda. Sa deireadh, tar éis bliana eile d'aimsigh Bodhbh Dearg, rí na Mumhan, í.[12]

Chuaigh Aonghas cuid Loch Bhéal an Dragain agus d'aimsigh sé 150 cailín i ngeimhle i mbeirteanna, a chailín, Coar Iúrmheatha, ina measc. Gach dara Samhain, dhéantaí Caor agus na cailíní ina n-ealaí foras feadh na bliana le teacht. Dúradh le hAengus go mbeadh cead aige Caor a phósadh dá mbeadh sé in ann í a aithint agus í ina riocht eala. Thiontaigh Aonghas é féin i riocht eala agus d'eitil leo, ag canadh chomh binn gur thit a n-éisteoirí ina gcodladh ar feadh trí lá is oíche.[12]

Diarmaid Ua Duibhne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athair altrama agus cosantóir Dhiarmaid na bhFiann ab ea. Tharrtháil sé Diarmaid agus Gráinne agus iasc faoi thóir na bhFiann. Tar éis bás Dhiarmada, thug Aengus a chorp chuig Brú na Bóinne, agus chuireadh sé athbhrí ann pé am gur mhian leis labhairt leis an laoch.

I seanscéalta eile, bhí sé ar chumas Aonghasa coirp bhriste a leigheasadh agus iad a athbheochan ó mhairbh.

Gaiscí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí claíomh ag Aonghas darbh ainm Móralltach, a thug Manannan mac Lir dó. Thug sé é dá mhac altrama, Diarmaid, i dteannta le chlaíomh eile dárbh ainm Beagalltach, agus dhá shleá ollchumhachtacha, Ga Buí agus Ga Dearg.

Dinnseanchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa Dinnseanchas, rinneadh Aonghas ceithre eán dá chuid póg, a lean Oghma pé áit a chuaigh sé, um mhagadh a dhéanamh faoi gach lá roimh éirí na gréine. Lean den mhagadh seo go dtí gur imrígh draoi Oghma draíocht ar chrann darbh ainm Fid Frosmuine lena chuid canta, rud a chuir ar an crann a fhás go hard thar gach eile, agus éin Aonghasa a ghabháil.[13]

Insítear scéal eile sa Dinnseanchas, darb ainm Tuag Inber, inar thug Aonghas capall gasta d'Eochaid agus Ablend. Dúirt sé leo an t-adhastar a bhaint den chapall "suil shiled fúal" agus cause their deaths. Rinne siad dearmad, ámh, shil an capall agus rinneadh tobar domhan sa talamh.[7] Is ionann é nach mór an dán poem Loch Rí, seachas ainmneacha na bpearsana, agus Midhir in ionad Aonghasa.[14]

Téacsanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • A mythological view of Aengus ar faerie-world.org, file-dhia an ghrá agus na céille.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Ó hÓgáin, Dáithí. Myth, Legend & Romance: An encyclopaedia of the Irish folk tradition. Prentice Hall Press, 1991. pp.38–40
  2. The Wooing of Etain ar maryjones.us
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 3.6 "The Fosterage of the House of the Two Pails" ó Leabhar Fhear Maí
  4. Curcóg
  5. "The Metrical Dindsenchas: Boand II".
  6. "Life of Saint Columba, Founder of Hy" (1874). Edinburgh: Edmonston and Douglas. Retrieved on 18 January 2018. 
  7. 7.0 7.1 7.2 "The Metrical Dindsenchas: Tuag Inber".
  8. “Ailech III”
  9. “Brefne”
  10. cuckold ar etymonline.com
  11. The Wooing of Étaíne CELT: The Corpus of Electronic Texts
  12. 12.0 12.1 The Dream of Oengus ar maryjones.us
  13. Stokes, Whitley (1895). "Hirarus". Revue Celtique 16. Retrieved on 3 August 2019. 
  14. The Metrical Dindsenchas: Loch Rí, Dán 84