Dían Cécht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Dian Cécht)
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, dia leighis ab ea Dian Céacht (Sean-Ghaeilge Dían Cécht, darb ainm chomh maith CainteCanta) na dTuath Dé Danann. Athair Cu, Cethen agus Chéin ann ea é.[1] B'iad Miach, Airmed, Étan file agus Ochtriullach a pháistí eile.[2][3] Sa Dinnseanchas, deirtear gur mac Daghdha é Dian Céacht.[4] Ba sheanathair athartha Lugh é.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh[5] go bhfuil an t-ainm fréamhaithe ón bPrótai-Ceiltis *Deino-kwekwto-, ‘comhbhruith gasta’.

Sa tSean-Ghaeilge, ciallaíonn cécht[6] sail chéachta,[7] a luaigh go fileata don chéachta iomlán.[8][9][10] Is é brí le Dían ná díocasach, gasta, fuinniúil, nó tréan.[11]. Le cois sin, tugann ainmneacha a pháistí, Miach agus Airmed, tacaí do ghaol le talamhaíochta agus treabhadh.

De réir an Historical Encyclopedy of Celtic Culture, d'fhéadfadh é gur comhcheangal é ann t-ainm Dían Cécht[12] d'focail choitianta na Sean-Ghaeilge dían[13] 'swift', agus cécht, gluaiste mar 'cumhacht'.[14][15] Is amhlaidh ámh gur sanasaíocht thraidisiúnta na ndaoine é seo.

Sa Chóir Anmann, tugtar deus mar ghluais ar dían.[16]

Dia de chuid miotaseolaíocht na Breataine Bige is ea Amaethon, a bhfuil gaol aige le céachtaí.

Tobar leigheasach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bheannaigh Dian Céacht tobar darb ainm Sláine, siar ó Mhaigh Tuireadh agus soir ó Loch Arbhach[17] in áit darb ainm Achadh an Chrann Úll (Achad Abla),[18][19] áit a thagadh na Tuatha Dé Danann chun folcadh agus leigheas agus iad gortaithe, sula dtéidís ar ais chun troda. Leigheasadh an tobar gach cneá ach dícheannadh.[3]

Beiriú na Bearú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Dian Ceacht a tharrtháil Éire tráth, agus ba chúis é, cé go hindíreach, ainm na Bearú.[20][21]

Rugadh mac do Mhór-Ríoghain, bean chéile fíochmhar dia na neimhe, ach chomh uafáis a bhí sé gur thug lia na déithe, agus baol ina thuar aige, thug sé comhairle go marófaí ina leanbh é.[21] Rinneadh amhlaidh, agus d'oscail Dian Céacht croí an linbh. D'aimsigh sé lastigh trí nathair a bheadh in ann agus iad fásta Éire a bhánú.[21] Dhíothaigh sé na nathracha agus dhóigh sé iad ina luaithreach, chun olcas a gcoirp mharbha a chosc.[21] Lena chois sin, rad sé an luaithreach isteach san abhainn ba ghiorra dó, óir go raibh faitíos air rompu fós. Agus, go deimhin, chomh nimhneach sin a bhí siad gur cuireadh an abha ag fiuchadh agus ag beiriú, agus maraíodh gach uile neach beo inti. Dá bharr sin, is é ainm na habhann ná An Bhearú as sin amach.[21]

According to the Metrical Dindsenchas:

'No motion it made
The ashes of Meichi the strongly smitten:
The stream made sodden and silent past recovery
The fell filth of the old serpent.

Three turns the serpent made;
It sought the soldier to consume him;
It would have wasted by its doing the kine;
The fell filth of the old serpent.

Therefore Diancecht slew it;
There rude reason for clean destroying it,
For preventing it from wasting
Worse than any wolf pack, from consuming utterly.

Known to me is the grave where he cast it,
A tomb without walls or roof-tree;
Its ashes, evil without loveliness or innocence
Found silent burial in noble Barrow.[20]

This tale in the Dinnseanchas indicates that the being slayed by Diancecht was a serpent named Meichi. Elsewhere the figure named as the slayer of Meichi is Mac Ceacht.[20]

Leigheas lámh Nuada[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Dian Céacht land airgid do Nuada, a bhí in ann bogadh agus feidhmiú mar ghnáthlámh. Ina dhiaidh sin, rinne Miach mac Diain lámh chnis agus feola in hionad. Mharaigh a athair é dá bharr, ite ag an éad toisc nach raibh seisean in ann a leithéid a dhéanamh. Cháin deirfiúr Mhéich, Airmed, thar uaigh a dhearthár. Le titim a deora, d'fhás 365 luibh óna uaigh a chuir sise in eagair, ach a scaip a n-athair éadmhar. Deirtear dá bharr nach bhfuil eolas fosta ar chumhacht leighis na luibheanna ag aon duine daonna.[3]

Bhí Dian Cecht in ann Midhir a leigheas nuair a chaill sé súil a scríobadh le cipín coill.[22]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • McCone, Kim (1996). Towards a Relative Chronology of Ancient and Medieval Celtic Sound Change. Magh Nuad: Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Naomh Pádraig. ISBN 0-901519-40-5.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]