Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí UimhirLeabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta
Cineálcaighdeán ISO agus aitheantóir foilseacháin Cuir in eagar ar Wikidata
Airíonna

Córas uimhreacha 10 ndigit a dháiltear ar leabhair nuair a fhoilsítear iad (ISBN i mBéarla) is ea Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta. Glacadh go hidirnáisiúnta leis i 1971, agus simplíonn sé ionannú is ordú leabhar mar go mbíonn a uimhir féin clóbhuailte taobh thiar de leathanach an teidil is ar an gclúdach cúil. Ó 2007 méadaíodh fad na huimhreach go dtí 13 digit, córas atá in úsáid ag Leabharlann na Breataine is Leabharlann na Comhdhála sna Stáit Aontaithe, taobh leis an uimhir choibhéiseach 10 ndigit ó 2004 ar aghaidh.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1965 nó 1966, tháinig aitheantóir trádála leabhar ar an saol, cód ar ar tugadh Uimhriú Leabhar Chaighdeánach. Gordon Foster, Ollamh Gradaim le Staitistic ag Coláiste na Tríonóide, a chruthaigh an córas seo do WHSmith, díoltóirí leabhar, agus gnólachtaí eile. Bhí an córas seo aige bunaithe ar 9 ndigit. Ach David Whitaker ("Athair an ISBN") agus Emery Koltay (stiúrthóir Bowker, an ghníomhaíocht Mheiriceánach ISBN) a chruthaigh an leagan de ar a dtugtar ISBN, é sin sa bhliain 1967.[1]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 398.