Carman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I miotaseolaíocht na nGael, gaiscíoch agus bandraoi as An Aithin ab ea Carman. Rinne sí agus a triúr mac, Dubh, Dother agus Dian, ionradh ar Éirinn le linn ré na dTuath Dé Danann. Lena cumhachtaí draíochta, scrios sí gach toradh na hÉireann.

Thug ceathrar na dTuath Dé Danann, Crichinbel, Lugh, Bé Chuille agus Aoi, a ndúshlán Carman agus a mic. Tugadh ar na mic Éire a fhágáil, agus cuireadh Carman i bpriosún. D'éag sí de dhúil, agus adhlacadh í i Loch Garman i measc crainn darach. Thochail breas a huaigh, agus ainmníodh an áit úd asti. Deirtear gur bhunaigh na Tuatha Dé Aonach Charmáin i mí Lúnasa ina hómós.[1]

Insítear a scéal i ndán an Dinnseanchais,[2] in a deirtear go bhfuair sí bás sa bhliain 600 RC.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ellis, Peter Berresford (1987). "A Dictionary of Irish Mythology". Oxford University Press. 
  2. Dinnseanchas, Imleabhar 3, dán 1, Carmun, ar CELT.