Geanann mac Deala

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarGeanann mac Deala
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LeanaíRinnal Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, ba Ard-Rí na hÉireann é Geanann (Sean-Ghaeilge Genann) mac Dela (de shliocht Stairn mhic Neimhidh), sliocht de na Fir Bholg, le chéile lena dheartháir, Gann, mar chomharba ar a ndeartháir, Ruadhraí. Ba í Cnucha a bhean chéile.

Nuair a tháinig na Fir Bholg go hÉirinn mar lonnaitheoirí, roinn an chúigear mac Deala an tír eatarthu. Tháinig Genann i dtír le Ruadhraí ag Trácht Rudraige, agus thóg sé cúige Chonnacht.

Tar éis bás a ndearthár, rinneadh chomh-Ard-Rí de Ghann agus Gheanann ar feadh ceithre bliana, sula bhfuair siad beirt bás den phlá, i dteannta le dhá mhíle dá mhuintir. Tháinig Seanghann i gcomharbacht orthu.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Réamhtheachtaí
Ruadhraí
Ard-Rí na hÉireann
(le Gann)

ACM 1931–1927 RC
FFE 1511–1507 RC
Comharba
Seanghann