Éireamhón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, ar cheann de na chéad Ard-Ríthe na hÉireann de shliocht Mhíl Easpáine é Éireamhón (Sean-Ghaeilge Érimón, Éremón, Héremón) mac Míl Espáine (agus fionnó Bhreogáin, rí Galicia), a bhí ina thaoiseach le linn ionradh na hÉireann ag a mhuintir. Chloígh siad na Tuatha Dé Danann agus thóg siad an tír.

Sular tháinig sé go hÉirinn, ba chomh-thaoiseach na hIbéire é lena dheartháir Donn. Agus Éire feicthe ag a shean-uncail Íth ó bharr túir tógtha ag a athair Breoghán, chuaigh sé siúd ar thuras síochánta go hÉirinn, ach mharaigh an triúr rí na dTuath Dé, Mac Coill, Mac Ceacht agus Mac Gréine é. Mar chúiteamh, d'ionsaigh an Clann Mhíle ina sluaite, le hÉireamhón agus Éibhear Donn i gceannas. Chloígh siad na Tuatha Dé ag Cath Thailtean. Maraíodh Éibhear Donn áfach, agus roinneadh an Ard-Ríogacht idir Éireamhón sa tuaisceart agus a dheartháir óg Éber Finn sa deisceart.

Bliain i ndiaidh Chath Thailtean, d'éirigh Éber Finn míshásta lena chuid agus chuaigh i gcomhrac in éadan a dhearthár. Maraíodh é ámh i rith an chatha ag Airgetros, agus d'éirigh Éireamhón ina aon-rí na hÉireann. Cheap sé ríthe na gcúigí: cúige Laighean do Crimthann Sciathbél na bhFear Domnann; chuige Mumhan do ceathrar mac Éber Finn, Ér, Orba, Ferón agus Fergna; cúige Connacht do Ún agus Étan, mic Uicce; agus cúige Uladh do Éber mac Ír.

Lonnaigh muitir Cruithne i nÉirinn le linn a réimis.

Clann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí beirt bhan chéile ag Éireamhón: Odba, máthair Muimne, Luigne agus Laigne, a d'fhan sa Spáinn; agus Tea, iníon Lugaid,[1] máthair Íriel Fáid, a tháinig leis go hÉirinn, agus a fuair bás ann. Cuireadh faoi i dTeamhair í, agus dá bharr, mínítear i Leabhar Gabhála na hÉireann an t-ainm Temair mar "Tea-múr".

De shliocht Éireamhóin ab ea Flann Da Congall, a raibh mac aige Cineth, a raibh mac aige Raighan, síos go dtí an teaghlach uaisle Uí Raighin.

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Éireamhón i réim ar feadh ceathair déag, cúig déag nó seacht mbliana déag. Fuair sé bás ag Airgetros, agus tháinig a mhic Muimne, Luigne agus Laigne i gcomh-chomharbacht air.[2]

I bhfoinsí ar leith, faightear cróineolaíochtaí ar leith dá réim:

Miotaseolaíocht chomparáideach[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an miotaseolaí comparáideach Georges Dumézil, tá an t-ainm 'Érimón' gaolta le dia na nGallach 'Ario-manus',[5], nach bhfuil aithnithe air ach ó thuairiscí Rómhánacha den 1ú haois san Ostair. Ach tá an tuairim seo bunaithe ar hipitéisí den 18ú haois atá dulta anois in éag, a bhí ag iarraidh sanasaíocht an fhocail 'Éire' a nascadh leis an Ind-Iaráinis arya.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Part 2 of The Metrical Dindshenchas".
  2. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 11-185
  3. John O'Donovan (eag. & aistr.), Annala Rioghachta Éireann: Annals of the kingdom of Ireland by the Four Masters, Baile Átha Cliath, 1848-1851, Vol. 1, ll. 25-35
  4. D. Comyn & P. S. Dinneen (eag. & aistr.), The History of Ireland by Geoffrey Keating, Irish Texts Society, 1902-1914, Leabhar 1, Caibidil 21, 22, 23, 24
  5. Puhvel, Jaan. "Mitra as an Indo-European Divinity." Etudes Mithraiques. Leiden: E. J. Brill, 1978.
  6. Ráth Bheathach ar logainm.ie?


Roimh
Mac Coill, Mac Ceacht agus Mac Gréine
Ard-Rí na hÉireann
le hÉibhear Fionn don chéad bhliain

ACM 1700–1684 RC
FFE 1287–1272 RC
Tar Éis
Muimne, Luigne agus Laigne